Straitéis agus rialachas
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagtar amach príomhchuspóirí straitéiseacha na hoifige inár Plean Straitéiseach. Nuashonraítear an straitéis gach trí bliana.
Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise ó Oifig an Ombudsman 2022-2024
Leagann ár gcreat rialachais chorparáidigh amach conas a fheidhmímid.
Athbhreithniú ar an gCreat Rialachas Chorparáideach 2018
Nósanna imeachta an CCSP mar dhuine forordaithe faoin Acht um Noctadh Cosanta
Tá an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (an “CCSP”) tiomanta do chultúr a chruthú a thacaíonn le noctadh cosanta a dhéanamh agus cuireann sé cosaint ar fáil do dhaoine atá ag déanamh tuairisce.
De réir an mhínithe san Acht um Nochtadh Cosanta, is é is nochtadh cosanta ann ná nochtadh faisnéise ar dóigh go léirítear inti, i dtuairim réasúnach an oibrí, go ndearnadh éagóir iomchuí amháin nó níos mó, a tháinig ar aird an oibrí i dtaca le fostaíocht an oibrí, agus a nochtar ar an mbealach atá leagtha amach san Acht.
Is duine forordaithe é Stiúrthóir Oifig an CCSP faoin Acht um Nochtadh Cosanta.
Chun Nochtadh Cosanta a dhéanamh do dhuine forordaithe, ní mór na riachtanais thuasluaithe a chomhlíonadh agus
Is féidir leat Nochtadh Cosanta a dhéanamh do Stiúrthóir Oifig an CCSP ar chúrsaí a bhaineann le maoirseacht ar:
Gach ní a bhaineann le caighdeáin a leagan síos i dtaca le hearcaíocht agus roghnúchán do cheapacháin Seribhíse Poiblí, lena n-áirítear monatóireacht agus iniúchadh a dhéanamh ar phróisis earcaíochta agus roghnúcháin na hearnála poiblí.
Chun nochtadh cosanta a chur faoi bhráid Stiúrthóir Oifig CCSP, is féidir dul i dteagmháil linn trí úsáid a bhaint as aon cheann de na bealaí a leanas:
Tríd an bpost
Stiúrthóir
Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Ríomhphost: disclosures@cpsa.ie
Teil: +353 1 639 5750
Tá nós imeachta againn a leagann síos cad a tharlaíonn má fhaighimid nochtadh. Cliceáil ar an Nósanna imeachta maidir le Nochtuithe Cosanta nasc seo chun tuilleadh a fhoghlaim.
Cosaintí do thuairisceoirí Nochtuithe Cosanta
Nuair a dhéanann oibrí Nochtadh Cosanta, tá said faoi chosaint ag an Acht um Nochtadh Cosanta. Tá achoimre ar na cosaintí seo le feiceáil thíos.
1. Rúndacht –tá dualgas orainn gan do chéannacht a nochtadh ná faisnéis a nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le do chéannacht a bheith ar eolas gan do thoiliú mura bhfuil feidhm ag eisceachtaí áirithe. Ní bhaineann sé seo, i gcás ina measaimid go bhfuil nochtadh riachtanach go réasúnta chun do thuairisc a fháil, a tharchur nó chun obair leantach a dhéanamh ina leith.
2. Pionósú — cuireann an dlí cosc ar fhostóir pionós a ghearradh (caitheamh go dona leis nó léi) ar an tuairisceoir nó ar dhuine atá bainteach leis an duine sin toisc go ndéanann siad nochtadh cosanta. Má ghearrtar pionós ar oibrí, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé/sí in ann caingean a thabhairt i gcoinne a fhostóra sna cúirteanna nó sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Is cion faoin Acht um Nochtadh Cosanta é pionósú a dhéanann fostóir freisin. Má chreideann tú gur gearradh pionós ort, ba cheart duit comhairle a lorg chomh luath agus is féidir mar go bhfuil feidhm ag teorainneacha ama áirithe maidir leis na leigheasanna seo.
3. Aimhleas — is féidir le duine a dhéanann nochtadh cosanta caingean dlí a thionscnamh i gcoinne duine is cúis le damáiste mar gheall ar nochtadh cosanta a bheith déanta aige. Níl sé seo teoranta d’fhostóir.
4. Dliteanas i leith Damáistí — cé is moite de chlúmhilleadh, ní bheidh duine a dhéanann nochtadh cosanta faoi dhliteanas i leith damáistí a eascraíonn as nochtadh cosanta a dhéanamh.
5. Cosaintí ar Chion Coiriúil ar Nochtadh — i gcás gur cion é faisnéis a nochtadh, is cosaint é a thaispeáint gur nochtadh cosanta a bhí sa nochtadh nó gur chreid an duine le réasún gur nochtadh cosanta é.
6. Comhaontú neamhnochta – ní féidir comhaontú neamhnochta a úsáid chun cosc a chur ar dhuine nochtadh cosanta a dhéanamh.
Cosaint Sonraí
Foráiltear le hAlt 16B den Acht um Nochtadh Cosanta do shrianta ar na hoibleagáidí atá ar rialaitheoirí sonraí agus ar chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí sa chás go nochtfaí faisnéis as a bhféadfaí tuairisceoir a shainaithint mar thoradh ar chomhlíonadh nó go ndéanfadh sé dochar don obair leantach éifeachtach ar éagóir ábhartha. Faoi réir eisceachtaí áirithe, cuirfear an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas i gcás ina gcuirfear srian i bhfeidhm.
Molaimid dóibh siúd ar mhaith leo Nochtadh Cosanta a dhéanamh, comhairle neamhspleách a fháil roimh ré.
Cuireann Transparency International Ireland líne chabhrach rúnda ar fáil mar aon le comhairle dhlí saor in aisce maidir le conas nochtadh cosanta a dhéanamh, tríd an Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce Transparency. Tríd an Líne Chabhrach is féidir daoine a atreorú chun go bhfaighidís comhairleoireacht ghairmiúl ach é sin a iarraidh.
Éilítear le hAlt 22 den Acht 2014 go n-ullmhóidh gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil agus go bhfoilseoidh siad í maidir leis na nochtaí cosanta a fhaightear faoi fhorálacha an Achta sin.
Léirítear cúrsaí maidir leis sin sa tábla thíos:
Bliain | Nochtaí Cosanta a Fuarthas | |
2016 | Nialas | |
2017 | Nialas | |
2018 | Nialas | |
2019 | Nialas | |
2020 | Nialas | |
2021 | Fuarthas nochtadh amháin i rith na bliana, a thit lasmuigh de shainchúram an CPSA agus a aistríodh mar sin chuig an duine forordaithe cuí. | |
2022 | Nialas | |
2023 | Fuarthas sé nochtadh cosanta le linn na bliana. Tá ceithre cinn á bhfiosrú agus tá siad fós oscailte. Dúnadh ceann amháin tar éis measúnaithe agus cuireadh ceann ar ais chuig Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta. Ní dhearnadh aon tuairiscí inmheánacha faoi alt 6 den Acht trí bhealaí tuairiscithe inmheánacha. |