Cé sinn
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, is sinne an príomhrialálaí ar earcaíocht agus roghnúchán i seirbhís phoiblí na hÉireann. Is é an ról atá againn a chinntiú go mbeidh aon cheapacháin a dhéantar chuig an státseirbhís agus an tseirbhís phoiblí cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas.
Bunaíodh an Coimisiún ar 19 Deireadh Fómhair 2004 faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004. Is iad seo na comhaltaí den Choimisiún:
• Verona Murphy, Ceann Comhairle
• John Callinan, ard-rúnaí an Rialtais
• David Moloney, Ard-Rúnaí Gníomhach, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
• Justice Elizabeth Dunne, cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
• Ger Deering, an tOmbudsman
Agus muid ag déanamh ár gcuid oibre sa Choimisiún, faighimid tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe a bhfuil Elaine Cassidy, Stiúrthóir an Choimisiúin, agus Emer Butler, Rúnaí, i gceannas uirthi. Anuas air sin, soláthraíonn Oifig an Ombudsman seirbhísí comhroinnte dúinn i réimsí amhail acmhainní daonna, bainistíocht airgeadais, agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide.