Is é an ról atá againn a chinntiú go mbeidh aon cheapacháin a dhéantar chuig poist a chistítear go poiblí cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas.
Inár gCód Chleachtais, leagaimid amach na príomhphrionsabail agus na príomhchaighdeáin earcaíochta le haghaidh ceapachán a dhéanamh. Leagaimid amach iontu conas a fhéadfaidh iarrthóir a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar cheapachán agus achomharc a dhéanamh ina aghaidh má chreideann sé/sí go raibh sé míchothrom nó mícheart.
Tá ról maoirseachta againn freisin maidir lena chinntiú go gcloífidh na comhlachtaí poiblí atá faoinár sainchúram leis na caighdeáin sin.
Áirítear iad seo a leanas leis na príomhfhreagrachtaí atá orainn:
Chun teagmháil a dhéanamh linn faoi cheann ar bith de na saincheisteanna sin, féach ár leathanach teagmhála.