Tuigtear go bhfuil an éigeandáil sláinte poiblí atá buailte linn faoi láthair ag cur isteach go mór ar sheirbhís phoiblí a sholáthar agus ar obair ár nOifige féin agus ní féidir é seo a sheachaint. Nuair a chuirtear é seo san áireamh, iarraimid oraibh bheith foighneach agus comhoibriú linn agus an méid seo a leanas a dhéanamh, ach go háirithe:
A) Smaoinigh le do thoil ar cheart gearáin a dhéanamh faoi CHOMÓRTAIS ARNA REÁCHTÁIL ag seirbhísí cúraim sláinte agus tacaíochta sóisialta, atá faoi bhrú ollmhór faoi láthair.
B) I dtaobh obair an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí,, leanfaidh ár bhfoireann ag oibriú i rith an ama seo. Braithimid, áfach, ar idirghníomhú leis na soláthraithe seirbhíse chun tabhairt faoinár n-obair, agus d’fhéadfadh bheith moilleanna suntasacha chun freagairtí a fháil ó sholáthraithe seirbhíse, go háirithe iad siúd i gcúram sláinte. De bhreis air sin, d’fhéadfadh go ndéanfar cuid dár bhfoireann féin a imlonnú chun oibriú i seirbhísí ríthábhachtacha túslíne. Gabhaimid leithscéal as na moilleanna a bheidh ar chúrsaí.
Leagtar amach sna Cóid Chleachtais na sásraí athbhreithnithe agus gearáin atá ar oscailt duit i gcás go bhfuil tú míshásta le próiseas roghnúcháin. Féadfaidh tú:
- Athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinneadh le linn an phróisis (de réir chuid 7)
nó
- Gearán a dhéanamh á rá nach ndearnadh an próiseas ar bhealach cóir, comhsheasmhach ná trédhearcach (de réir chuid 8).
Ní mór duit a roghnú cé acu a iarrfaidh tú athbhreithniú ar chinneadh nó a dhéanfaidh tú gearán faoin bpróiseas. Is i gcúinsí eisceachtúla amháin a ghlacfar le gearán i gcás go ndearna iarrthóir athbhreithniú a iarraidh roimhe sin ar an gcinneadh.
Urramaíonn an Coimisiún na cearta atá ag gach duine a úsáideann ár seirbhísí ar líne agus tá do phríobháideachas an-tábhachtach dúinn. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid le do sonraí pearsante féach ar ár bhfógra príobháideachais.