Foráiltear leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, don chreat rialála le haghaidh earcaíocht agus roghnúchán atá cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas i seirbhís phoiblí na hÉireann.

Tháinig sé in ionad Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1954. Leis an Acht, cuireadh deireadh le Coimisiún na Stát-Sheirbhíse.

Bunaíodh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí faoin Acht.

Faoin reachtaíocht, ní mór do chomhlachtaí poiblí a chinntiú gur cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas atá ceapacháin chuig poist a chistítear go poiblí sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí.

Leagtar na rialacha le haghaidh earcaíochta amach san Acht agus cuirtear oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí leis cloí leis an Cód Chleachtais agus ceapacháin á ndéanamh acu.

Má dhéantar ceapachán faoin Acht, ní mór próiseas roghnúcháin a bheith ann:

  • Atá cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas
  • A chloíonn leis an Cód Chleachtais
  • A chuimsíonn na sásraí athbhreithnithe agus achomhairc atá leagtha amach an Cód Chleachtais
  • Atá á reáchtáil ag comhlacht ar tugadh ceadúnas earcaíochta dó – i gcás go bhfuil an ceapachán á dhéanamh trí earcaíocht sheachtrach

Cén uair atá feidhm aige?

Tá feidhm ag an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, maidir leis na poist státseirbhíse agus seirbhíse poiblí atá liostaithe thíos.

  • An Státseirbhís
  • An Garda Síochána – suas go dtí leibhéal an tsáirsint agus leibhéal an chigire
  • Poist údaráis áitiúil a bhfuil feidhm ag Acht na nÚdarás nÁitiúil, 1926, maidir leo, amhail poist theicniúla agus ghairmiúla
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • Comhlachtaí poiblí i gcás nach mór an ceapachán a dhéanamh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004
Níl feidhm ag an Acht maidir le ceapacháin chucu seo a leanas:
  • An earnáil phríobháideach
  • Comhlachtaí poiblí i gcás nach gá an roghnú a dhéanamh faoin Acht
  • Poist a bunaíodh faoin mBunreacht
  • Poist mar shealbhóir oifige, amhail Airí den Rialtas agus Airí Stáit, an tArd-Aighne agus Ombudsman
  • Róil uachtaránachta agus rialtais
  • Oifigeach de Thithe an Oireachtais
  • Comhairleoir speisialta
  • Roinnt poist neamhbhunaithe a chruthaítear le leas an phobail
  • Poist atá ainmnithe mar ghairmeacha sceidealaithe faoin Acht, amhail oifigigh sheirbhíse, fairtheoirí agus glantóirí

Conas is féidir liom a sheiceáil an bhfuil feidhm ag an Acht maidir le post nó nach bhfuil?

Má shonraítear ann nach mór ceapacháin a dhéanamh faoin Acht nó go mbeidh na fostaithe ina státseirbhísigh, beidh siad faoi réir ár gCód Cleachtais agus ár maoirseachta.

Má bunaíodh an comhlacht poiblí faoin mbliain 2004, is féidir go sonrófar ann nach mór ceapacháin a bheith ag teacht le hAcht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956. Tá na ceapacháin sin faoi réir ár gcód agus ár maoirseachta freisin.

Mar sin féin, mura sonraítear sa reachtaíocht nach mór ceapacháin a dhéanamh faoin Acht ná go mbeidh na fostaithe ina státseirbhísigh, ní thiocfaidh siad faoinár gcód ná faoinár maoirseacht.

I roinnt cásanna, is féidir go sonrófar sa reachtaíocht de chuid comhlachta phoiblí go mbíonn roinnt ceapachán faoi réir an Achta agus nach mbíonn ceapacháin eile faoina réir. Déan teagmháil linn mura bhfuil tú cinnte.

Oibleagáidí faoin Acht

Má tá ceapachán le déanamh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, ní mór próiseas roghnúcháin a sheoladh. Is próiseas roghnúcháin é sin:

  • Atá cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas
  • A chloíonn leis an Cód Chleachtais
  • A chuimsíonn na sásraí athbhreithnithe agus achomhairc atá leagtha amach an Cód Chleachtais
  • Atá á reáchtáil ag comhlacht ar tugadh ceadúnas earcaíochta dó – i gcás go bhfuil an ceapachán á dhéanamh trí earcaíocht sheachtrach