Más rud é go bhfuil iarrthóir míshásta le cinneadh a rinneadh le linn próiseas roghnúcháin, go gcreideann siad gur bunaithe ar fhaisnéis mhícheart a bhí an cinneadh nó nár cloíodh leis an nós imeachta doiciméadaithe, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh faoi chuid 7 den chód ábhartha.
Féadfar an cinneadh a aisiompú má fhaightear é a bheith mícheart.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas athbhreithnithe, clieacáil thíos.
Má mheasann iarrthóir go raibh an próiseas roghnúcháin míchothrom agus gur sháraigh sé an Cód Cleachtais, féadfaidh siad gearán a dhéanamh faoi Chuid 8 den chód iomchuí.
Má fhaightear an próiseas a bheith a míchothrom, ní aisiompófar an cinneadh. Mar sin féin, is féidir go ndéanfar athruithe ar an bpróiseas chun a chinntiú nach dtarlóidh sárú arís.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas gearán, clieacáil thíos.
Tá treoir ar ról an athbhreithnitheora ar fáil anseo.