Cad is ceadúnas earcaíochta ann?

Is é is ceadúnas earcaíochta ann ná cead lena gcumasaítear duit, mar chomhlacht poiblí, d’earcaíocht sheachtrach féin a sheoladh.

Más rud é nach mór ceapachán a dhéanamh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, ní mór do shealbhóir ceadúnais ceadaithe an próiseas roghnúcháin a sheoladh.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chugainn ar cheadúnas. Deonófar ceadúnas ar bhonn ginearálta i leith na bpost uile laistigh de d’eagraíocht nó ar bhonn sonrach i leith post amháin nó níos mó.

Ní mór duit a léiriú go bhfuil na nithe seo a leanas agat:

  • Acmhainní chun earcaíocht atá cothrom agus bunaithe ar fhiúntas a chur i gcrích de réir an scála atá riachtanach
  • Baill foirne a bhfuil eolas agus saineolas acu chun ceapacháin atá cothrom agus bunaithe ar fhiúntas a dhéanamh
  • Dea-thuiscint ar na Cóid Chleachtais agus ar conas is féidir seasamh leo

Eisítear ceadúnais faoi réir téarmaí agus coinníollacha. Féadfar ceadúnas a fhoirceannadh mura gcloíonn tú leis na téarmaí agus coinníollacha sin.

Cé na cásanna ina dteastaíonn ceadúnas?

Is minic a sheolann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próisis earcaíochta thar do cheann. I gcásanna den sórt sin, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar cheadúnas. Ní theastaíonn ceadúnas uait ach amháin i gcás go bhfuil tú ag iarraidh do phróiseas earcaíochta seachtraí féin a sheoladh.

Próiseas achomhairc iarratais ar Cheadúnas earcaíochta?

I gcásanna ina ndiúltaíonn an AP sa CPSA iarratas agus ina lorgaíonn an t-iarratasóir athbhreithniú ar an gcinneadh, déanfaidh oifigeach níos sinsearaí sa CPSA athbhreithniú ar an gcás. Agus é sin á dhéanamh acu breathnóidh siad ar aon phointí a dhéanfaidh an Earcaitheoir i gcás ina measann siad gur cheart an ceadúnas a bheith deonaithe. Déanfaidh an t-oifigeach sinsearach iad seo a mheas agus déanfaidh sé cinneadh ansin agus cuirfidh sé an cinneadh in iúl don earcaitheoir i scríbhinn ag tabhairt cúiseanna leis an gcinneadh a rinneadh.

I gcásanna ina n-aontaíonn oifigeach níos sinsearaí gur cheart diúltú don iarratas ar cheadúnas, cuirfear tuairisc faoi seo chuig an gcéad chruinniú eile den Choimisiún.

Cé a shealbhaíonn ceadúnas earcaíochta?

  • Údarás Uchtála na hÉireann
  • An Garda Síochána
  • An Phríomh-Oifig Staidrimh
  • Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
  • Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach
  • An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia
  • An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
  • An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
  • An Roinn Oideachais agus Scileanna
  • An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
  • An Roinn Airgeadais
  • An Roinn Gnóthaí Eachtracha
  • An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
  • An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
  • An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
  • Roinn an Taoisigh
  • An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine
  • Seirbhís Phríosúin na hÉireann
  • An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
  • An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
  • An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte
  • Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
  • Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
  • Oifig Thithe an Oireachtais
  • Oifig an Ombudsman
  • Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
  • Oifig an Ombudsman do Leanaí
  • An tÚdarás Póilíneachta
  • An tÚdarás Clárúcháin Maoine
  • An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
  • Coimisiún na Scrúduithe Stáit
  • An Coimisiún um Achomhairc Chánach
  • An tSeirbhís Chúirteanna
  • An tSaotharlann Stáit
  • An Oifig Luachála
Déan iarratas ar cheadúnas anois