Cad is gníomhaireacht liostaithe ann?

Sa chuid is mó de chásanna, cuirfidh tú, mar shealbhóir ceadúnais, na céimeanna go léir de phróiseas roghnúcháin i gcrích. Mar sin féin, is féidir leat iarraidh ar ghníomhaireacht earcaíochta san earnáil phríobháideach cabhrú leat roinnt de na cúraimí a chomhlíonadh. Foilsímid liosta dár ‘ngníomhaireachtaí earcaíochta liostaithe’ gach bliain. Creidimid gur féidir leis na gníomhaireachtaí sin cabhrú le sealbhóirí ceadúnais earcaíocht atá cothrom agus bunaithe ar fhiúntas a sheoladh faoi an Cód Chleachtais.

Rinne siad iarratas chugainn ar áit a fháil ar an liosta – san iarratas sin, leag siad amach an t-eolas agus na hacmhainní atá acu agus an cumas atá acu earcaíocht atá bunaithe ar fhiúntas a dhéanamh chuig an tseirbhís phoiblí.

Tá na gníomhaireachtaí liostaithe ar chlár na ngníomhaireachtaí fostaíochta ceadúnaithe agus thug siad ráitis chomhlíonta dúinn lena ndeimhnítear an tiomantas atá acu do chloí leis na caighdeáin agus na prionsabail atá leagtha amach an Cód Chleachtais.

Cén fáth ar cheart dom gníomhaireacht liostaithe a úsáid?

Cé nach bhfuil aon oibleagáid ann gníomhaireacht liostaithe a úsáid, is féidir leo cúnamh suntasach agus acmhainní breise a thabhairt nuair a theastaíonn iad. I bhformhór na gcásanna, beidh eolas agus saineolas ar leith ag an ngníomhaireacht liostaithe nó is féidir go mbeidh uirlisí roghnúcháin aici nach bhfuil teacht agat féin orthu.

Agus tú ag cinneadh cé acu a úsáidfidh nó nach n-úsáidfidh tú gníomhaireacht, ba cheart duit féachaint ar d’acmhainní agus do shaineolas féin, ar líon agus cineál na ról atá folamh agus ar an gcumas atá agat earcaíocht a dhéanamh de réir an dea-chleachtais. Má tá aon bhearnaí ann ó thaobh eolais nó acmhainní de, ba cheart duit gníomhaireacht liostaithe a úsáid.

Gníomhaireachtaí earcaíochta liostaithe

  • FRS Recruitment Society Limited
  • Lex Consultancy Limited
  • Sigmar Recruitment Consultants Limited
  • Recruitment Plus
  • Osborne Recruitment
  • Cpl Ltd
  • Servisource Recruitment Limited
  • Hays Specialist Recruitment Limited
  • Orange Recruitment Limited
  • Mazars
  • InterSearch Ireland
  • PE Global
  • GatenbySanderson
  • Conscia
  • Amrop
  • Yala
  • Lansdowne Executive Search
  • PWC Executive Search
  • Brightwater Recruitment
  • Signium Ireland
  • Logiskills, The Logiskills Group
  • Matrix Recruitment
  • Excel Recruitment
  • Lincoln Recruitment Specialists
  • Odgers Berndtson
  • Perrett Laver
  • Eden Recruitment
  • Vertical Markets Group
  • 2Into3
  • Morgan McKinley
  • RSM Ireland
  • Nuvo Recruitment
  • Hero Recruitment

Conas is féidir iarratas a dhéanamh ar stádas mar ghníomhaireacht liostaithe?

Más rud é gur gníomhaireacht earcaíochta cheadúnaithe thú agus gur mhaith leat iarratas a dhéanamh ar stádas mar ghníomhaireacht earcaíochta liostaithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh anseo. Beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • Faisnéis faoi do phróisis agus do nósanna imeachta earcaíochta
  • Fianaise ar conas a chloífidh tú leis an Cód Chleachtais
  • Deimhniú imréitigh cánach
  • Fianaise á léiriú go bhfuil tú ar chlár na ngníomhaireachtaí earcaíochta ceadúnaithe