Ba cheart duit bheith in ann do riachtanais foirne a phleanáil – lena n-áirítear poist shealadacha a líonadh – trí ghníomhaíochtaí pleanála fórsa saothair.
I gcásanna áirithe, áfach, is féidir go mbeidh sé riachtanach duine a cheapadh chuig post neamhbhunaithe státseirbhíse lasmuigh de cheanglais an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chugainn ar ordú eisiaimh don phost.
Má dheonaímid an t-ordú, beidh an ceapachán eisiata go sealadach ó cheanglais an Achta. Fágann sé sin go bhféadfaidh tú ceapachán a dhéanamh gan próiseas roghnúcháin iomlán a sheoladh faoi an Cód Chleachtais.
De ghnáth, ní cheadaímid orduithe ach amháin le haghaidh tionscnaimh ghearrthéarmacha shonracha nó i gcúinsí eisceachtúla.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach na cineálacha post a chumhdaítear leis an ordú, an fhaisnéis faoi conas is féidir iarratas a dhéanamh ar ordú eisiaimh agus an fhaisnéis faoi phoist atá eisiata i gcoitinne.
Ní dheonaímid orduithe eisiaimh ach amháin le haghaidh poist neamhbhunaithe shealadacha laistigh den Státseirbhís.
De ghnáth, ní dheonaítear iad ach amháin nuair atá duine á c(h)eapadh chuig tionscnamh gearrthéarmach sonrach nó mar bhall foirne d’oifig an aire. Taobh amuigh de na cásanna sin, ní dheonóimid ordú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
Is annamh a dheonaímid ordú chun duine a cheapadh in áit duine atá ar shaoire bhreoiteachta, ar shaoire bhliantúil nó atá ag dul ar scor. Ba cheart na folúntais sin a líonadh tríd an ngnáthphleanáil fórsa saothair agus ar aon dul leis an Cód Chleachtais.
Féadfaimid ordú eisiaimh a dheonú sna cásanna atá leagtha amach thíos:
Teastaíonn ordú eisiaimh uait d’intéirneachtaí agus socrúcháin mhac léinn. Is minic a cheanglaíonn cúrsaí coláiste ar a gcuid mac léinn dul ar socrúchán ionas gur féidir leo taithí oibre a fháil nó taighde a dhéanamh, i measc nithe eile.
Má tá ordú á iarraidh agat i gcásanna den sórt sin, ba cheart duit a mhíniú conas a roghnóidh tú mic léinn bunaithe ar riachtanais an chúrsa agus na tairbhí a bhainfidh d’eagraíocht as an socrúchán a leagan amach.
Teastaíonn ordú eisiaimh uait freisin do cheapacháin faoin gclár Meantóireachta Toilteanaí agus Ábalta (WAM) agus do thionscnaimh shocrúcháin don Lucht Siúil.
Teastaíonn ordú uait do cheapacháin laistigh d’oifig phríobháideach an aire, amhail cúntóir pearsanta, rúnaí pearsanta agus tiománaí sibhialtach. Mairfidh an t-ordú ar feadh théarma oifige an aire.
Ní theastaíonn ordú eisiaimh uait don phost mar chomhairleoir speisialta toisc go gcumhdaítear é sin faoin gcatagóir post eisiata.
De ghnáth, ceaptar sainbhaill foirne ghairmiúla/theicniúla tríd an ngnáthphleanáil fórsa saothair agus ar aon dul leis an Cód Chleachtais.
Mar sin féin, féadfaidh tú ordú eisiaimh a iarraidh i gcúinsí eisceachtúla cosúil leo seo a leanas:
Ba cheart duit cás mionsonraithe gnó a chur isteach agus tú ag déanamh iarratas ar ordú eisiaimh do róil ghairmiúla/theicniúla.
I gcásanna áirithe eile, déanfaimid breithniú ar iarraidh ar ordú eisiaimh má chreideann tú go bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist. Ní mór duit na cúinsí sin agus cás mionsonraithe gnó a leagan amach i d’iarratas.
Sna cásanna sin, is annamh a dheonófar orduithe eisiaimh ar feadh níos mó ná trí mhí.
Tá roinnt ról ann atá eisiata go huathoibríoch ó cheanglais an Achta agus an Chóid Chleachtais. Ní theastaíonn ordú eisiaimh do na poist sin.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi phoist eisiata a fháil anseo.
Mura bhfuil tú cinnte faoi cé acu a bhaineann nó nach mbaineann próiseas an ordaithe eisiaimh le post ar leith, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn.
Cuir cás gnó ar áireamh i d’iarratas ar ordú eisiaimh. Má bhaineann d’iarratas le hintéirneachtaí/socrúcháin mhac léinn/WAM, tabhair sonraí faoi na nithe seo a leanas:
Má bhaineann d’iarratas le scileanna gairmiúla/sainscileanna agus le cásanna eile, ba cheart duit sonraí a thabhairt faoi na nithe seo a leanas:
I gcás nach bhfuil post faoi réir ceadú tarmligthe, ba cheart duit ceadú a iarraidh le haghaidh an post a líonadh ó do vóta caiteachais leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Ní mór duit ceadú a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freisin sula bhféadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun ordú eisiaimh a iarraidh. Is féidir leat an ceadú sin a iarraidh ar líne ag: csrecruitmentpolicy@per.gov.ie
Nó is féidir leat d’iarraidh a sheoladh chuig:
An tAonad Acmhainní Straitéiseacha
An Rannán Pearsanra agus Luach Saothair
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Sráid Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Ba cheart duit sonraí a thabhairt faoi chineál agus fad ama an phoist. Ba cheart duit an cás gnó agus cóip den chonradh atá beartaithe a thabhairt freisin.
Má dhéanann tú iarratas ar ordú eisiaimh, ba cheart duit cás mionsonraithe gnó lena dtacaítear le d’iarraidh agus cóip den cheadú ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chur ar áireamh ann. Is féidir leat iarratas a dhéanamh anseo.
Nó is féidir leat d’iarratas a sheoladh chuig:
An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh mí amháin ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe. Níor cheart duit ceapachán a dhéanamh go dtí go ndeonófar ordú eisiaimh.
Ní fhéadfaimid ordú eisiaimh a dheonú go cúlghabhálach.