Fónann an leathanach seo mar mheicníocht ina ndéanfaidh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) iarracht soiléire agus treoir a sholáthar do chomhlachtaí poiblí ar shaincheisteanna coitanta. Ba chóir féachaint ar na freagraí seo mar chabhair chun an Cód a chur i bhfeidhm agus ciall a bhaint as. Ní mhaítear go bhfuil siad uileghabhálach ná róshriantach. Tá sé i gceist ag an gCoimisiún gur doiciméad beo a bheidh sa treoir seo ina mbeidh solúbthacht agus beifear ábalta é a athrú chun freastal ar an Earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí atá ag athrú, más gá agus nuair is gá. Is comhlacht comhairleach agus rialála araon é an CCSP atá ann chun cuidiú le comhlachtaí cloí leis an dea-chleachtas roimh an phróiseas earcaíochta, lena linn agus ina dhiaidh.

Soláthraíonn an tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, an creat rialala chun daoine a earcú agus a roghnú don tseirbhís phoiblí in Éirinn, ar bhealach atá cóir, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas. Ghlac sé áit an Achta Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse 1954 agus chuir sé deireadh leCoimisiún na Státseirbhíse.

Áirítear faoi shainchúram an CCSP comhlachtaí poiblí a dhéanann tagairt do cheachtar den dá Acht ina gcuid reachtaíochta. Leagann an tAcht amach na rialacha maidir le hearcú agus cuireann sé iallach ar chomhlachtaí poiblí an Cód Cleachtais a chomhlíonadh nuair atá duine á cheapadh. Má tá sé riachtanach ceapachán a dhéanamh faoin Acht, ní mór próiseas roghnúcháin a reáchtáil. Tá foráil san Acht go bhfoilseoidh an Coimisiún  an Cód Cleachtais.

Tá na ceapacháin a leanas faoi réir an chóid:

  • Poist sa Státseirbhís
  • Poist áirithe sa Gharda Síochána
  • Poist sna húdaráis áitiúla lena mbaineann Acht na nÚdarás Áitiúil 1926 (Príomhoifigeach Cúnta coibhéis)
  • Poist in Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • Poist i Seirbhís Phríosúin na hÉireann
  • Poist i gcomhlachtaí poiblí áirithe.Má tá sé leagtha síos sa reachtaíocht rialaithe a bhaineann le comhlacht poiblí, earcófar baill foirne na comhlachta sin faoi réir fhorálacha an Achta
  • An earnáil phríobháideach
  • Comhlachtaí poiblí mura bhfuil gá an roghnúchán a dhéanamh faoin Acht
  • Poist a bhunaítear faoin mBunreacht
  • Poist sealbhóirí-oifige, ar nós Airí Rialtais agus Stáit, an tArd-Aighne  agus Ombudsman
  • Róil uachtaráin agus rialtais
  • Oifigeach Thithe an Oireachtais
  • Sainchomhairleoir
  • Roinnt post neamhbhunaithe a dhéantar chun leas an phobail
  • Poist ainmnithe mar ghairm sceidealta faoin Acht- ar nós oifigigh seirbhíse, fir faire agus glantóirí.

Sáraítear an cód cleachtais nuair a fhaightear nár reáchtáladh próiseas roghnúchíán de réir na bprionsabal agus na gcaighdeán atá leagtha amach in alt 2 den Chód Cleachtais. Ciallaíonn sé seo nach raibh an próiseas roghnúcháin cothrom. Má fhaightear a leithéid de shárú, leagfaidh an Coimisiún síos go beacht na céimeanna is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfar an cód amach anseo.

I measc samplaí de sháruithe a dhéantar ar an gCód Cleachtais áirítear:

  • Critéir incháilitheachta sriantacha
  • Fógraíocht agus margaíocht roghnach
  • Critéir measúnaithe débhríoch
  • Critéir roghnúcháin nach bhfuil bunaithe ar riachtanais an róil
  • Caitheamh le hiarrthóirí ar bhealach nach bhfuil comhsheasmhach
  • Faisnéis atá míthreorach nó mícheart
  • Mainneachtain an próiseas a chosaint ó chlaontacht nó leithcheal
  • Mainneachtain an próiseas roghnúcháin/cinnteoireachta a dhoiciméadú
  • Oiliúint uireasach curtha ar chomhaltaí boird
  • Mainneachtain comhairle a thabhairt faoi na meicníochtaí athbhreithnithe atá ar fáil
  • Aiseolas tugtha nach bhfuil sonrach ná bríoch

De ghnáth, beidh na nithe a leanas i gceist le próiseas roghnúcháín atá cothrom:

  • Sonrú poist atá soiléir agus nach bhfuil débhríoch
  • Critéir incháilitheachta nach bhfuil sriantach
  • Idirdhealú idir riachtanais atá bunriachtanach agus inmhianaithe
  • Gearrliosta a dhéanamh bunaithe ar riachtanais bhunriachtanais amháin (agus riachtanais inmhianaithe)
  • A chinntiú go bhfuil an linn iarrthóirí is leithne agus is iomchuí ann
  • Critéir mheasúnaithe a bhfuil baint dhíreach acu leis na riachtanais
  • Critéir roghnúcháin oibiachtúla
  • Táscairí feidhmiúcháin chomhaontaithe agus a thuigeann na boird roghnúcháin
  • Sraith de mheicníochtaí measúnaithe comhlántacha
  • Faisnéis d’iarrthóirí agus do bhoird atá soiléir
  • Oiliúint curtha ar fáil do bhoird roghnúcháin
  • Meicníochtaí chun coimhlint leasa/ceangail a aithint agus chun dul i ngleic leo
  • Aiseolas tugtha atá sonrach agus lánbhrí
  • Faisnéis shoiléir ar nósanna imeachta gearáin
  • An t-iarrthóir is fearr don ról a roghnú

Uaireanta gheobhaidh an Coimisiún gearán nach sárú é, ach déanfaidh sé moladh don chomhlacht lean mbaineann maidir le cleachtaí nó nósanna imeachta i gcomórtais amach anseo. Sna cúinsí seo, ba chóir go measfaí go bhfuil na moltaí riachtanach chun ordú a chur i bhfeidhm a chosnóidh comórtais amach anseo, a chuirfidh deireadh le gearáin athráiteacha agus a sheachnóidh sárú tromchúiseach sa todhchaí.

  • Modhanna measúnaithe
  • Coimhlint leasa
  • Aiseolas
  • Comhaltaí na Bord Agallaimh
  • Teistiméireachtaí a sheiceáil
  • Critéir incháilitheachta atá sriantach
  • Iarrthóirí a ghearrliostú

Leagann an Cód amach an creat rialála do phróisis earcaíochta den sórt sin, agus tá sé bunaithe ar sé phríomhphrionsabal earcaíochta.

  • Ionracas
  • Ceapacháin bunaithe ar fhiúntas
  • Próiseas ceapacháin ar aon dul leis an dea-chleachtas
  • Próiseas ceapacháin cothrom a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach
  • Ceapacháin a dhéantar ar bhealach atá oscailte, cuntasach agus trédhearcach
  • Ceapacháin a chuireann chun cinn an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú

Tugann an cód treoirmaidir leis an gciall atá le baint as na prionsabail seo agus conas iad a chur i bhfeidhm sa chleachtas laethúil. Leagann siad amach freisin na caighdeáin ar chóir a leanúint ag gach céim den phróiseas roghnúcháin.

Sna samplaí de na gearáin inar iarradh go ndéanfaí athbhreithniú, mar measadh go ndearnadh sárú ar na prionsabail seo, áiríodh na cinn a leanas:

1. Mainneachtain meicníochtaí cuí a chur i bhfeidhm chun ceangail a aithint idir comhaltaí boird roghnúcháín agus iarrthóirí, agus coimhlint leasa ionchais a bhainistiú.

2. Mainneachtain imscrúdú cuí a dhéanamh ar liomhaintí gur sáraíodh an cód faoi Alt 8, agus iad a thuairisciú go tráthúil.

3. Sárú ar rúndacht iarrthóirí sa chás gur nochtadh sonraí maidir le gearáin a fuarthas faoi Alt 8 do thríú páirtithe nuair nach raibh gá leis.

4. Mainneachtain doiciméadú iomlán a dhéanamh ar nósanna imeachta a bhaineann le hearcaíocht agus roghnúchán, a raibh mar thoradh air gur caitheadh le hiarrthóirí ar bhealach a bhí míchothrom agus neamhréireach.

5. Nuair a thairgtear poist d’iarrthóirí ar bhealach míchuí ó phainéil nach raibh baint acu leis an bpróiseas roghnúcháin.

6. Nuair a thairgtear poist d’iarrthóirí lasmuigh den ord fiúntais.

Is ceadúnas é ceadúnas earcaíochta a ligeann duit, mar chomhlacht poiblí, earcaíocht sheachtrach a dhéanamh ar do shon féin. Má tá sé riachtanach ceapachán a dhéanamh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004, ní mór do shealbhóir ceadúnais faofa an próiseas roghnúcháin a reáchtáil.

Is féidir leat iarratas a chur isteach chugainn le haghaidh ceadúnais. Bronnfar é seo, pé acu ar bhonn ginearáltaa bhaineann le gach post laistigh d’eagraíocht, nó ar bhonn sonrach le haghaidh post amháin nó níos mó.

Ní mór duit a léiriú go bhfuil na rudaí a leanas agat:

  • Acmhainní chun earcaíocht a dhéanamh atá cothrom agus bunaithe ar fhiúntas, agus ag an scála atá ag teastáil
  • Foireann a bhfuil an saineolas acu ceapacháin a dhéanamh atá cothrom agus bunaithe ar fhiúntas
  • Tuiscint mhaith ar an gCód Cleachtais agus conas é a chomhlíonadh

Tabhair do d’aire go bhfuil téarmaí agus coinníollacha ag gabháil ieis na ceadúnais a eisítear. Faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, ní féidir leis an gCoimisiún treoir a thabhairt do chomhlacht poiblí chun go n-athróidh siad cinneadh a rinne siad le linn an phróisis earcaíochta, ach is féidir ceadúnas a fhoirceannadh mura gcloítear leis an gCód.

Go minic, déanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas earcaíochta ar do shon. In a leithéid de chásanna, ní mór duit cur isteach ar cheadúnas. Tá gá le ceadúnas sa chás amháin go bhfuil tú ag déanamh do chuid earcaíochta seachtraí féin.

Bronntar ceadúnas earcaíochta sa chás amháin go gcomhlíontar, ar bhonn leanúnach, na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann leis. Má fhaightear gur sháraigh comhlacht na téarmaí agus coinníollacha, d’fhéadfaí an ceadúnas a chúlghairm. Nuair atá ceapacháin á ndéanamh, tá sealbhóirí ceadúnais faoi réir an Chóid Chleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún. Leagann siadsan amach an creat rialála don roghú, agus na prionsabail agus na caighdeáin nach mór a leanúint nuair atá próiseas roghnúcháin ar siúl. Mar chuid de ról maoirseachta an Choimisiúin, déantar iniúchadh ar ghníomhaíocht earcaíochta agus roghnúcáin de shealbhóirí ceadúnais. Tá foráil déanta dóibh seo in ailt 43(5) agus 13 den Acht. Is cabhair iad na hiniúchtaí chun a chinntiú go bhfuil dóthain cosaintí i bhfeidhm ag sealbhóirí ceadúnais chun go roghnófar iarrthóirí go cothrom agus go comhsheasmhach, de réir an chóid.

D’fhéadfadh sealbhóirí ceadúnais cúnamh a lorg ó ghníomhaireachtaí liostaithe le haghaidh roinnt de na tascanna a bhaineann leis an roghnú, ag brath ar an gceadúnas earcaíochta faoi leith atá i gceist (tá na sonraí ar fad le fáil ón gCoimisiún). Mar sin féin, is ag an tsealbhóir ceadúnais amháin atá an fhreagracht maidir leis an roghú deiridh d’iarrthóirí atá le ceapadh, agus maidir le hiarrthóirí a chur ar phainéal le bheith ceaptha. Beidh sé de dhualgas ar an tsealbhóir ceadúnais,cinnte a dhéanamh de go gcomhlíonann an ghníomhaireacht sin téarmaí agus na coinníollacha an cheadúnais earcaíochta, an Choid Chleachtais agus aon treoirlínte eile atá eisithe ag an gCoimisiún.

De ghnáth, mar shealbhóir ceadúnais, is tusa a bheidh i mbun gach céim den phróiseas roghnúcháin. Is féidir leat, áfach, iarradh ar gnhíomhaireacht earcaíochta san earnáil phríobháideach cuidiú leat le roinnt de na tascanna. Foilsímid go bliantúil ár ‘liosta de ghníomhaireachtaí earcaíochta’. Is gníomhaireachtaí iad seo ar dóigh linn gur féidir leo bheith ina gcabhair do shealbhóirí ceadúnais le hearcaíocht a dhéanamh atá cothrom agus bunaithe ar fhiúntas faoi na Cóid Chleachtais. Tá iarratas curtha isteach acu chugainn le bheith áirithe ar an liosta sin –ina bhfuil cur síos déanta acu ar an saineolas agus ar na hacmhainní atá acu chomh maith leis an acmhainn atá acu earcaíochta dhéanamh don tseirbhís phoiblí bunaithe ar fhiúntas. Tá na gníomhaireachtaí liostaithe ar chlár na ngníomhaireachtaí fostaíochta faofa, agus tá ráitis chomhlíonta curtha ar fáil acu a dheimhníonn go bhfuil siad tiomanta cloí leis na caighdeáin agus na prionsabail ata sna Cóid Chleachtais.

Níl sé éigeantach gníomhaireacht liostaithe a úsáid, ach is féidir leo cúnamh suntasach agus acmhainní breise a sholáthar, má tá gá leis. De ghnáth, beidh eolas speisialaithe agus saineolas ag gníomhaireacht liostaithe nó d’fhéadfadh uirlisí roghnúcháín a bheith ag an ngníomhaireacht nach bhfuil agatsa. Agus tú ag déanamh cinnidh maidir le gníomhaireacht a úsáid nó gan í a úsáid, ba chóir duit féachaint ar na hacmhainní agus ar an saineolas atá agat, méid agus nádúr na róil atá le líonadh, agus an acmhainn atá agat chun earcaíocht a dhéanamh de rér an dea-chleachtais. Má tá aon bhearnaí i do chuid eolais nó i d’acmhainní, ba chóir gníomhaireacht liostaithe a úsáid.

Foilsítear na gníomhaireachtaí ar fad atá faofa ag an gCoimisiún ar shuíomh gréasáin CSCP agus déantar iad a nuashonrú go rialta.

Éilíonn an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí go gcomhlíonann gach comhlacht a gcuid oibleagáidí faoin reachtaíocht d’fhonn cur chuige dea-chleachtais i leith earcaíochta a chinntiú;

  • An tAcht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceaoacháin) 2004
  • An tAcht Leasaithe um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceaoacháin) 2013
  • Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011
  • An tAcht um Choimisiún um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014
  • An tAcht um Míchumas 2005
  • Acht n a dTeangacha Oifigiúla 2003
  • An tAcht um Chosaint Sonraí 2018
  • Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997-2014
  • An tAcht um Nochtadh Cosanta 2014
  • Cód Cleachtais um Fhostú Daoine faoi Mhíchumas (arna fhoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe) - Leagtar amach san Acht um Míchumas 2005 oibleagáid dhlíthiúil ar chomhlachtaí seirbhíse poiblí gach beart réasúnach a dhéanamh chun a chur chun cinn agus tacú leis, a mhéid is féidir, daoine faoi mhíchumas a fhostú

Glacann an Coimisiún leis go mbeidh córas um ghearáin láidir agus cothrom i bhfeidhm ag gach eagraíocht ar leith. Córas a bhfuil trédhearcacht agus cumarsáid shoiléir ag a chroílár agus a chothaíonn iontaoibh agus muinín laistigh den eagraíocht. Ba cheart féachaint ar aiseolas agus gearáin mar uirlisí luachmhara foghlama agus oiliúna. Ba cheart go mbeadh an córas um ghearáin seo marcáilte go soiléir d’iarratasóirí ionchasacha uile, idir iarratasóirí inmheánacha agus iarratasóirí seachtracha, agus é á thacú ag próiseas athbhreithnithe inniúil.

Mar chuid den chóras um ghearáin, ní mór:

  • Córas aiseolais/gearáin a sholáthar atá curtha ar bhonn foirmiúil agus atá dea-phoiblithe, inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid do chustaiméirí atá míshásta leis an tseirbhís a tugadh dóibh
  • Córais a bheith i bhfeidhm chun déileáil le haiseolas/gearáin ó chustaiméirí
  • A chinntiú go bhfuil daoine ar an eolas faoin gcóras um ghearáin agus go bhfuil an córas ar fáil go forleathan
  • Córas a choinneáil atá curtha ar bhonn foirmiúil agus atá dea-phoiblithe, inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid maidir le córas achomhairc/athbhreithnithe do chustaiméirí nach bhfuil sásta le cinntí a bhaineann le cúrsaí earcaíochta
  • Faisnéis ábhartha, tráthúil agus soiléir a sholáthar maidir le hiarrataí uile ar athbhreithniú nó aiseolas

Mar chuid d'aon treoracha maidir leis an bpróiseas gearáin, bheifí ag súil freisin go dtabharfadh comhlacht poiblí faisnéis d’iarratasóirí maidir leis an bpróiseas gearáin a bhaineann le Cuid 7 agus/nó Cuid 8. Go hidéalach, ba cheart go mbeadh gearánach ar an eolas faoi na torthaí a d’fhéadfadh teacht as an bpróiseas athbhreithnithe ionas gur féidir leo cinneadh eolasach a dhéanamh maidir lena gconair athbhreithnithe/gearáin.

Molann an Coimisiún freisin gur cheart, mar chuid den chleachtadh treorach seo, go ndéanann comhlachtaí poiblí ábhar an ghearáin/athbhreithnithe a shoiléiriú don duine chun a chinntiú go bhfuil tuiscint shoiléir ag na páirtithe go léir ar an méid atá á iarraidh.

 

Más rud é go bhfuil iarratasóir míshásta le cinneadh a rinneadh le linn próiseas roghnúcháin, nó go gcreideann siad go raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó nár cloíodh leis an nós imeachta doiciméadaithe, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh faoi Chuid 7 den chód. Féadfar an cinneadh a aisiompú má fhaightear é a bheith mícheart.

Is é an comhlacht poiblí a rinne an próiseas roghnúcháin a dhéanann an t-athbhreithniú sin. Ba cheart teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an eagraíocht chun athbhreithniú a lorg.  Ba cheart go mbeadh eolasaibhsithe sa leabhrán faisnéise maidir leis an bpost faoin áit ar cheart d’iarratasóirí a n-iarrataí a sheoladh.

Tá dhá chéim sa phróiseas athbhreithnithe - an chéim neamhfhoirmiúil agus an chéim fhoirmiúil. De ghnáth, is ar bhealach neamhfhoirmiúil a láimhseáiltear athbhreithniú ar dtús, ach uaireanta, is athbhreithniú foirmiúil a bhíonn ag teastáil ón ngearánach nó ón gcomhlacht poiblí ón tús. Sna cásanna sin, caithfidh an dá pháirtí é sin a phlé agus a chomhaontú.

Athbhreithniú neamhfhoirmiúil

Is é an chúis is ceart athbhreithniú neamhfhoirmiúil faoi Chuid 7 a chur isteach agus a chur i ngníomh go tapa ná, sa chás go n-aithnítear earráid, beidh deis ag an gcomhlacht poiblí gníomh ceartaitheach a dhéanamh gan moill a chur ar an gceapachán.

Mar sin féin, ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhlacht poiblí próiseas roghnúcháin a stopadh má iarrtar air athbhreithniú a dhéanamh.

Is minic a bhíonn glao teileafóin nó cruinniú le duine éigin a bhaineann leis an  bpróiseas roghnúcháin (duine éigin in acmhainní daonna, de ghnáth) ina chuid den chéim neamhfhoirmiúil. Tabharfaidh sé sin deis don iarratasóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Eolas mionsonraithe a thabhairt maidir le cén fáth a gceapann siad go raibh an cinneadh mícheart
  • Labhairt faoi na nósanna imeachta agus faoin eolas a ndearnadh measúnú air le linn an phróisis

Déanfaidh an t-athbhreithneoir cinneadh maidir le cibé an ndearnadh an cinneadh bunaidh i gceart agus cibé ar leanadh nósanna imeachta doiciméadaithe. Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin maidir le cibé ar cheart gníomhaíocht ar bith a dhéanamh.

Athbhreithniú foirmiúil

Ceapfaidh an comhlacht poiblí athbhreithneoir neamhspleách - duine éigin nach bhfuil nasc ar bith acu leis an bpróiseas roghnúcháin. Scrúdóidh siad an t-eolas atá ar fáil. Féadfaidh siad bualadh freisin le comhaltaí den bhord roghnúcháin chun gnéithe den phróiseas nó an cinneadh féin a phlé.

Déanfaidh an t-athbhreithneoir cinneadh maidir leis an gcinneadh bunaidh agus cibé an ndearnadh é bunaithe ar fhaisnéis cheart agus cibé ar leanadh nósanna imeachta doiciméadaithe. Leagfar an cinneadh amach i scríbhinn  agus tabharfar don iarratasóir é. Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin maidir le cibé is ceart gníomhaíocht ar bith a dhéanamh. Má fhaightear earráid, is féidir an cinneadh bunaidh a aisiompú.

Iarrataí ar athbhreithniú (Cuid 7) - Más rud é go bhfuil iarratasóir míshásta le cinneadh a rinneadh le linn próiseas roghnúcháin, go gcreideann siad go raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó nár cloíodh leis an nós imeachta doiciméadaithe, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh faoi Chuid 7 den chód ábhartha. Féadfar an cinneadh a aisiompú má fhaightear mícheart é.

Níl baint ar bith ag an CCSP le hathbhreithniú faoi Chuid 7, ach má tá gearánach fós míshásta le toradh athbhreithnithe fhoirmiúil, áfach, is féidir leo iarraidh ar an CCSP imscrúdú a dhéanamh ar an gcás in imthosca eisceachtúla.  Déantar athbhreithniú ar na himthosca sin ar bhonn gach cáis ar leithligh.  Má fhaightear i bhfabhar an ghearánaigh, ní féidir cinneadh bunaidh an chomhlachta phoiblí a aisiompú, ach déanann an Coimisiún moltaí agus déanann sé teagmhálacha leantacha freisin chun comhlíonadh todhchaí a chinntiú.

De réir Alt 7.2.1 den Chód, caithfidh iarratasóir tacú lena n-iarraidh trí na fíricí a leagan amach a léiríonn, dar leo, go raibh an beart a glacadh nó an cinneadh a rinneadh mícheart. Seans go ndiúltófar iarraidh ar athbhreithniúmura bhfuil iarratasóir in ann tacú lena n-iarraidh.

Is é an comhlacht poiblí a rinne an próiseas roghnúcháin a dhéanann gearáin a iniúchadh ar dtús.  Ba cheart don athbhreithniú imscrúdú a dhéanamh ar cibé an raibh an próiseas earcaíochta i gcomhréir leis an gCód Cleachtais.

Baineann dhá chéim leis an bpróiseas gearáin– an chéim fhoirmiúil agus an chéim neamhfhoirmiúil. De ghnáth, déanfar gearán a láimhseáil go neamhfhoirmiúil ar dtús. Uaireanta, áfach, is athbhreithniú foirmiúil a bhíonn ag teastáil ón ngearánach nó ón gcomhlacht poiblí ón tús. Sna cásanna sin, caithfidh an dá pháirtí é sin a phlé agus a chomhaontú.

Gearáin neamhfhoirmiúil

Is minic a bhíonn glao teileafóin nó cruinniú le duine éigin a bhaineann leis an bpróiseas roghnúcháin (duine éigin in acmhainní daonna, de ghnáth) ina chuid den chéim neamhfhoirmiúil. Tabharfaidh sé sin deis don iarratasóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Eolas mionsonraithe a thabhairt maidir le cén fáth a gceapann siad an próiseas roghnúcháin a bheith míchothrom, agus an chuid nó na codanna de na Cóid Chleachtais a cheapann siad a sáraíodh a lua.
  • Labhairt faoi na nósanna imeachta agus an próiseas measúnachta as ar tháinig cinneadh an chomhlachta phoiblí
  • Agus tuilleadh eolas faighte acu, is féidir leo breithniú a dhéanamh ar cibé an bhfuil siad fós den tuairim gur sáraíodh an cód.

Déanfaidh an t-athbhreithneoir cinneadh tosaigh maidir le cothroime an phróisis agus cibé an ndearnadh an Cód Cleachtais a shárú.

Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin maidir le cibé ar cheart dóibh gníomhaíocht ar bith a dhéanamh.

Gearán foirmiúil

Ceapfaidh an comhlacht poiblí athbhreithneoir neamhspleách - duine éigin nach bhfuil nasc díreach acu leis an bpróiseas roghnúcháin. Scrúdóidh siad an t-eolas atá ar fáil. Féadfaidh siad dul i gcomhairle freisin le comhaltaí den bhord roghnúcháin chun gnéithe den phróiseas nó an cinneadh féin a phlé. Déanfaidh an t-athbhreithneoir cinneadh maidir le cibé an raibh an próiseas roghnúcháin cothrom nó ar sháraigh sé na Cóid. Má fhaightear go raibh an próiseas míchothrom, is féidir leo athruithe a mholadh i gcás próiseas eile amach anseo. Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin maidir le cibé ar cheart dóibh gníomhaíocht ar bith a dhéanamh.

Má tá iarratasóir míshásta leis an toradh, is féidir leo achomharc a dhéanamh ar an gCoimisiún. Ní féidir agóid a dhéanamh in aghaidh chinntí an Choimisiúin ach amháin trí Athbhreithniú Breithiúnach.

Má cheapann iarratasóir go raibh an próiseas roghnúcháin míchothrom agus de shárú ar an gcód cleachtais, is féidir leo gearán a dhéanamh maidir leis an bpróiseas faoi Chuid 8 den Chód ábhartha. Má fhaightear an roghnú a bheith míchothrom, ní féidir an cinneadh a aisiompú. Mar sin féin, is féidir go ndéanfar athruithe ar an bpróiseas chun a chinntiú nach dtarlódh sárú choíche. 

De réir Alt 8.1.4 den Chód, caithfidh an gearánach an ghné sin den chód a ndearnadh sárú uirthi a shainaithint. Féadfar gearán a dhiúltú mura féidir leis an ngearánach tacú lena líomhaintí trí na bealaí nach gcomhlíonann an sealbhóir oifige prionsabail an chóid.

Maidir leis na creata ama arna leagan síos sa Chód ó thaobh iarrata a chur isteach agus a ghlacadh, meastar na creata ama sin iomchuí agus riachtanach don dea-chleachtas agus ó thaobh aga slánúcháin cothrom a sholáthar d’iarratasóirí. Sainaithníonn an Coimisiún, áfach, go bhfuil ga le solúbthacht éigin ó thaobh amlínte de, ag brath ar cheanglais na heagraíochta nó imthosca an iarrthóra. Mar sin, féadfaidh an Coimisiún imeacht ó na hamlínte sin má chuireann an comhlacht i gceist cás gnó iomchuí agus ábhartha faoina bhráid. Ciallaíonn sé sin freisin i gcás nach raibh iarratasóir in ann cloí leis na hamlínte i gceist, go mbeadh an Coimisiún ag súil go ndéanfadh an eagraíocht breithniú iomchuí ar an moill ama. Déanfaidh an Coimisiún breithniú ar chinneadh ar bith arna dhéanamh ag an gcomhlacht poiblí agus/nó ag an iarratasóir maidir le hamlínte, ag féachaint do chothroime agus réasúntacht.

Creata ama faoi Chuid 7

Caithfear iarraidh a dhéanamh ar athbhreithniú neamhfhoirmiúil ar an bpróiseas roghnúcháin laistigh de 5 lá oibre tar éis an gcinneadh a chur in iúl.

Féadfaidh iarratasóir athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh am ar bith le linn an phróisis roghnúcháin. Caithfear iarraidh ar athbhreithniú a bhaineann le céim eatramhach próisis roghnúcháin a bheith faighte laistigh de 2 lá oibre ón dáta a fhaightear an cinneadh. Is gá é sin a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir leis an sealbhóir oifige idirghabháil a dhéanamh má cheapann sé/sí gur dóchúil go ndearnadh earráid thar chúrsa an phróisis roghnúcháin. Caithfidh an sealbhóir oifige athbhreithniú neamhfhoirmiúil a dhéanamh gan mhoill. Ba cheart go ndéanfaí an t-athbhreithniú laistigh de thréimhse ama a chinntíonn go bhfuil deis ag an iarratasóir an nós imeachta foirmiúil a rochtain laistigh den am sonraithe, más mian leo a leithéid a dhéanamh.

Má tá iarratasóir fós míshásta i ndiaidh plé neamhfhoirmiúil dá leithéid sin, is féidir leo tabhairt faoi na nósanna imeachta foirmiúla arna leagan amach i gCuid 7. Más mian le hiarratasóir go ndéileálfaíle cás trí bhíthin athbhreithnithe fhoirmiúil, caithfidh siad é sin a iarraidh laistigh de 2 lá oibre d’fhógra a fháil faoi thoradh an athbhreithnithe fhoirmiúil sin.

Caithfear athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fuair an t-iarratasóir fógra faoin gcinneadh roghnúcháin. Nuair a bhaineann cinneadh le céim eatramhach próisis roghnúcháin, ní mór an iarraidh ar athbhreithniú foirmiúil a bheith faighte laistigh de 4 lá oibre. Tá sé sin ina riachtanas chun a chinntiú go bhféadfaidh an sealbhóir oifigeidirghabháil a dhéanamh má mheasann sé gurb é is dóichí go ndearnadh earráid le linn an phróisis cheapacháin.

Ní dheonófar síneadh leis na teorainneacha sonraithe ama ach sna cúinsí iseisceachtúla agus faoi lánrogha aonair an tsealbhóra oifige.

Creata ama faoi Chuid 8

Ba cheart líomhaintí ar an gCód Cleachtais a sheoladh i scríbhinn, laistigh de chreat ama réasúnta, chuig an sealbhóir oifige sa chéad ásc.  Ní mór don sealbhóir oifige athbhreithniú neamhfhoirmiúil a dhéanamh gan mhoill.

Ba cheart don sealbhóir oifige admháil i scríbhinn a eisiúint chuig an ngearánach laistigh de thrí lá oibre ón dáta a fhaightear an gearán foirmiúil.  Ní mór toradh imscrúdú an tsealbhóra oifige ar ghearán neamhfhoirmiúil a chur in iúl don ghearánach laistigh de 25 lá oibre ón dáta a fhaightear an gearán. Mura dtagann cinneadh as an imscrúdú laistigh den tréimhse ama sin, caithfidh an sealbhóir oifige an gearánach a chur ar an eolas maidir le stádas an athbhreithnithe agus na cúiseanna a bhaineann leis an moill.