Má mheasann tú go raibh an próiseas roghnúcháin míchothrom agus gur sháraigh sé an Cód Cleachtais, féadfaidh tú gearán a dhéanamh faoi Chuid 8 den chód iomchuí.
Má fhaightear an próiseas a bheith a míchothrom, ní aisiompófar an cinneadh. Mar sin féin, is féidir go ndéanfar athruithe ar an bpróiseas chun a chinntiú go mbeidh aon cheapacháin amach anseo cothrom, comhsheasmhach agus trédhearcach.
Is é an comhlacht poiblí a sheol an próiseas roghnúcháin an comhlacht a dhéanfaidh scrúdú ar an ngearán ar dtús. Déanfaidh sé athbhreithniú ar an bpróiseas chun a fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh sé ag teacht leis an gCód Cleachtais.
Ba cheart duit do ghearán a sheoladh i scríbhinn chuig aonad acmhainní daonna an chomhlachta phoiblí laistigh de thréimhse ama réasúnta.
Tá dhá chéim i gceist leis an bpróiseas gearáin – an chéim neamhfhoirmiúil agus an chéim fhoirmiúil.
De ghnáth, is ar bhealach neamhfhoirmiúil a láimhseáiltear gearáin ar dtús. Mura bhfuil tú sásta go fóill, féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh ansin.
Uaireanta, áfach, is féidir go mbeidh tú, nó an comhlacht poiblí, ag iarraidh go gcaithfear leis an ngearán mar ghearán foirmiúil ón tús. I gcásanna den sórt sin, is gá don dá pháirtí an méid sin a phlé agus a chomhaontú.
Nuair a dhéanann tú gearán, ba cheart duit a rá go soiléir go gcreideann tú go raibh an próiseas ceapacháin míchothrom agus an chuid nó na codanna den chód a gcreideann tú go ndearnadh sárú uirthi nó orthu a lua. Mura ndéanann tú é sin, is féidir go gcaithfear do ghearán amach.
Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh leis an aonad acmhainní daonna laistigh de thréimhse ama réasúnta.
Is é a bhíonn i gceist leis an gcéim neamhfhoirmiúil go minic ná comhrá teileafóin nó cruinniú le duine a bhfuil baint aige/aici leis an bpróiseas roghnúcháin agus a oibríonn, i bhformhór na gcásanna, san aonad acmhainní daonna. Tabharfaidh sé sin deis duit:
Déanfaidh an t-athbhreithnitheoir cinneadh tosaigh ar a chothroime a bhí an próiseas agus ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon sárú ar an gCód Cleachtais.
Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin ar cé acu ba cheart nó nár cheart aon ghníomh a dhéanamh. Mura bhfuil tú sásta le toradh an ghearáin neamhfhoirmiúil, féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh.
Ní mór duit gearán foirmiúil a dhéanamh laistigh de dhá lá oibre ó fhógra a fháil faoi thoradh an ghearáin neamhfhoirmiúil. Déan do ghearán leis an aonad acmhainní daonna.
Ceapfaidh an comhlacht poiblí athbhreithnitheoir neamhspleách – is duine é sin nach raibh aon bhaint aige/aici leis an bpróiseas roghnúcháin. Déanfaidh sé/sí scrúdú ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Is féidir go mbuailfidh sé/sí le baill den bhord roghnúcháin freisin chun gnéithe den phróiseas roghnúcháin nó measúnaithe a phlé.
Déanfaidh an t-athbhreithnitheoir cinneadh ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go raibh an próiseas roghnúcháin cothrom nó gur sháraigh sé na cóid. Má fhaightear an próiseas a bheith míchothrom, is féidir go molfaidh sé/sí athruithe ar phróisis amach anseo. Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin ar cé acu ba cheart nó nár cheart aon ghníomh a dhéanamh.
Ba cheart toradh an ghearáin fhoirmiúil a chur in iúl duit laistigh de 25 lá oibre. Ba cheart don chomhlacht poiblí tú a choinneáil ar an eolas faoi aon mhoilleanna.
Mura bhfuil tú sásta leis an toradh, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chugainne sa Choimisiún.
Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre ó fhógra a fháil faoi thoradh an ghearáin fhoirmiúil.
A luaithe a gheobhaimid d’achomharc, déanfaimid scrúdú ar an bhfaisnéis atá ann. Déanfaimid cinneadh ansin ar cé acu a bhí nó nach raibh an próiseas roghnúcháin cothrom agus ag teacht leis an gCód Cleachtais. Má bhí earráid ann, molfaimid nó ordóimid don chomhlacht poiblí athruithe a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin amach anseo.
Ní fhéadfar agóid a dhéanamh in aghaidh ár gcinnidh ach amháin trí athbhreithniú breithiúnach.
Is iad seo a leanas na tréimhsí ama nach mór duit athbhreithniú a iarraidh ó chomhlacht poiblí nó gearán a dhéanamh le comhlacht poiblí iontu:
Má dhéanann tú gearán lasmuigh de na tréimhsí ama sin, is féidir go ndiúltófar duit