Níl ról ag an gCoimisiún maidir le hiarratais ar athbhreithniú a dhéanamh faoi chuid 7. Ba chóir d'iarratas a dhéanamh chuig an gcomhlacht poiblí a rinne an próiseas roghnúcháin.
Ba chóir iarratas ar athbhreithniú neamhfhoirmiúil a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón gcinneadh a fháil.
Ba chóir iarraidh ar athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre ón gcinneadh a fháil.
Agus d'iarratas á dhéanamh agat, ba chóir duit na fíricí a thaispeánann go raibh an gníomh a rinneadh nó an cinneadh a rinneadh mícheart a léiriú go soiléir.