Leagtar amach sna Cód Chleachtais na sásraí athbhreithnithe agus achomhairc a bheidh ar oscailt duit má tá tú míshásta le próiseas roghnúcháin. Féadfaidh tú athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh faoi chuid 7 nó gearán a dhéanamh faoi chuid 8.
Ní mór duit a roghnú cé acu a iarrfaidh tú: athbhreithniú ar an gcinneadh nó gearán a dhéanamh.
Más rud é go bhfuil tú míshásta le cinneadh a rinneadh le linn próiseas roghnúcháin, go gcreideann tú gur bunaithe ar fhaisnéis mhícheart a bhí an cinneadh nó nár cloíodh leis an nós imeachta doiciméadaithe, féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh faoi chuid 7 den chód ábhartha.
Féadfar an cinneadh a aisiompú má fhaightear é a bheith mícheart.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas athbhreithnithe agus faoi conas is féidir athbhreithniú a iarraidh.
Féadfaidh tú gearán a dhéanamh faoin bpróiseas roghnúcháin faoi chuid 8 den chód ábhartha má mheasann tú gur míchothrom a bhí an próiseas agus gur sháraigh sé an Cód Cleachtais.
Má fhaightear an roghnú a bheith míchothrom, ní aisiompófar an cinneadh. Mar sin féin, is féidir go ndéanfar athruithe ar an bpróiseas chun a chinntiú nach dtarlódh sárú choíche.
Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpróiseas gearáin agus faoi conas is féidir gearán a iarraidh.
Ní mór duit a roghnú cé acu a iarrfaidh tú: athbhreithniú ar an gcinneadh (faoi chuid 7) nó gearán a dhéanamh (faoi chuid 8).
Más rud é gur iarr tú athbhreithniú cheana féin, ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh ansin. Ní ghlacfaimid le gearán ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
Ní mór duit bheith cúramach agus an sásra is oiriúnaí do do chás á chinneadh agat. Féach an tábla thíos chun cabhrú leat an rogha cheart a dhéanamh.
Cén uair ba cheart dom athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh (cuid 7)? |
Cén uair ba cheart dom gearán a dhéanamh (cuid 8)? |
Má tá tú míshásta leis na marcanna a fuair tú | Má chreideann tú gur mícheart a bhí an próiseas roghnúcháin |
Má chreideann tú nár cuireadh do thaithí ná do cháilíochtaí san áireamh | Más féidir leat sárú amháin nó níos mó ar na Cóid Chleachtais a shainaithint |
Má chreideann tú nár chloígh an bord roghnúcháin leis an bpróiseas a leagadh amach | Má chreideann tú nár caitheadh le hiarrthóirí ar bhealach comhsheasmhach ná tré dhearcach sa phróiseas |
Má chreideann tú gur bunaithe ar fhaisnéis mhícheart a bhí na marcanna a fuair tú | Má tá tú ag iarraidh athruithe ar an bpróiseas roghnúcháin sa todhchaí |
Má tá tú ag iarraidh go n-aisiompófaí an cinneadh deiridh | Mura bhfuil tú ag iarraid go n-aisiompófaí an cinneadh deiridh |
Is iad seo a leanas na frámaí ama chun athbhreithniú a iarraidh ar chomhlacht poiblí nó chun gearán a dhéanamh:
Athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh (alt 7)
Gearán a dhéanamh (alt 8)
Má dhéanann tú gearán taobh amuigh de na frámaí ama seo, féadfar go ndiúltófar duit.