Más rud é go bhfuil tú míshásta le cinneadh a rinneadh le linn próiseas roghnúcháin, go gcreideann tú gur bunaithe ar fhaisnéis mhícheart a bhí an cinneadh nó nár cloíodh leis an nós imeachta doiciméadaithe, féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh faoi chuid 7 den chód ábhartha. Féadfar an cinneadh a aisiompú má fhaightear é a bheith mícheart.

D'iarratas

Is é an comhlacht poiblí a bhfuil an ceapachán á dhéanamh aige an comhlacht a dhéanfaidh an t-athbhreithniú. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le haonad acmhainní daonna na heagraíochta le haghaidh athbhreithniú a iarraidh.

Tá dhá chéim i gceist leis an bpróiseas athbhreithnithe – an chéim neamhfhoirmiúil agus an chéim fhoirmiúil.

De ghnáth, is ar bhealach neamhfhoirmiúil a láimhseáiltear iarraidh ar athbhreithniú ar dtús. Mura bhfuil tú sásta go fóill, féadfaidh tú athbhreithniú foirmiúil a iarraidh ansin.

Uaireanta, áfach, is féidir go mbeidh tú, nó an comhlacht poiblí, ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú foirmiúil ón tús. I gcásanna den sórt sin, is gá don dá pháirtí an méid sin a phlé agus a chomhaontú.

Nuair a iarrann tú athbhreithniú, ba cheart duit a rá go soiléir cén fáth a gcreideann tú gur mícheart a bhí cinneadh an chomhlachta phoiblí. Mura ndéanann tú é sin, is féidir go gcaithfear d’iarraidh amach.

Athbhreithniú neamhfhoirmiúil

Ní mór duit athbhreithniú neamhfhoirmiúil a iarraidh laistigh de chúig lá oibre ó fhógra a fháil faoin gcinneadh bunaidh. Má bhí earráid ann, beidh deis ag an gcomhlacht poiblí gníomh ceartaitheach a dhéanamh gan moill a chur ar an gceapachán a dhéanamh.

Mar sin féin, ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhlacht poiblí próiseas roghnúcháin a stopadh má iarrtar air athbhreithniú a dhéanamh. 

Is é a bhíonn i gceist leis an gcéim neamhfhoirmiúil go minic ná comhrá teileafóin nó cruinniú le duine a bhfuil baint aige/aici leis an bpróiseas roghnúcháin agus a oibríonn, i bhformhór na gcásanna, san aonad acmhainní daonna. Tabharfaidh sé sin deis duit:

  • A leagan amach ar bhealach níos mine cén fáth a gcreideann tú go raibh an cinneadh mícheart
  • Labhairt faoi na nósanna imeachta agus faoin bhfaisnéis a measúnaíodh le linn an phróisis
  • A bhreithniú, tar éis duit tuilleadh faisnéise a fháil, cé acu a mheasann nó nach measann tú go fóill go raibh an cinneadh mícheart

Déanfaidh an t-athbhreithnitheoir cinneadh ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go ndearnadh an cinneadh bunaidh i gceart agus gur cloíodh leis an nós imeachta doiciméadaithe. Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin ar cé acu is gá nó nach gá aon ghníomh a dhéanamh.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe neamhfhoirmiúil, féadfaidh tú athbhreithniú foirmiúil a iarraidh. Ní mór duit an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de dhá lá oibre ó fhógra a fháil faoi thoradh an athbhreithnithe neamhfhoirmiúil.

Athbhreithniú foirmiúil

Ní mór duit athbhreithniú foirmiúil a iarraidh laistigh de 10 lá oibre ó fhógra a fháil faoin gcinneadh bunaidh. Más rud é gur iarr tú athbhreithniú neamhfhoirmiúil cheana féin, ní mór duit athbhreithniú foirmiúil a iarraidh laistigh de dhá lá oibre ó fhógra a fháil faoi thoradh an athbhreithnithe neamhfhoirmiúil.

Ceapfaidh an comhlacht poiblí athbhreithnitheoir neamhspleách – is duine é sin nach raibh aon bhaint aige/aici leis an bpróiseas roghnúcháin. Déanfaidh sé/sí scrúdú ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Is féidir go mbuailfidh sé/sí le baill den bhord roghnúcháin freisin chun gnéithe den phróiseas nó an cinneadh a rinneadh a phlé.

Déanfaidh an t-athbhreithnitheoir cinneadh ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go ndearnadh an cinneadh bunaidh bunaithe ar fhaisnéis cheart agus gur cloíodh leis an nós imeachta doiciméadaithe.

Leagfar an cinneadh amach i scríbhinn agus ba cheart duit cóip a fháil de. Déanfaidh an comhlacht poiblí cinneadh ansin ar cé acu ba cheart nó nár cheart aon ghníomh a dhéanamh.

Má aimsítear earráid, is féidir go n-aisiompófar an cinneadh bunaidh.

Tréimhsí ama

Is iad seo a leanas na tréimhsí ama nach mór duit athbhreithniú a iarraidh ó chomhlacht poiblí nó gearán a dhéanamh le comhlacht poiblí iontu:

  • Ní mór duit athbhreithniú neamhfhoirmiúil a iarraidh laistigh de chúig lá oibre ón gcinneadh ar an roghnú a fháil.
  • Ní mór duit athbhreithniú foirmiúil a iarraidh laistigh de dhá lá oibre ón gcinneadh ar an athbhreithniú neamhfhoirmiúil a fháil, nó laistigh de 10 lá oibre ón gcinneadh ar an roghnú a fháil.
  • Ba cheart don chomhlacht poiblí fógra a thabhairt duit faoi chinneadh an athbhreithnithe fhoirmiúil laistigh de 25 lá oibre ó d’iarraidh a fháil 

Má dhéanann tú gearán lasmuigh de na tréimhsí ama sin, is féidir go ndiúltófar duit.