Táimid freagrach as na prionsabail le haghaidh ceapachán a dhéanamh a shocrú. Tá na prionsabail sin leagtha amach inár gCóid Chleachtais. Leagtar amach sna cóid freisin na caighdeáin ar cheart iad a chomhlíonadh ag gach céim de phróiseas roghnúcháin.
Leagtar amach sna cóid na sásraí athbhreithnithe agus achomhairc atá ar oscailt d’iarrthóirí i gcás go bhfuil siad míshásta le próiseas roghnúcháin. Chomh maith leis sin, tugtar breac-chuntas iontu ar a bhfuiltear ag súil leo ó iarrthóirí i bpróiseas ceapacháin agus mínítear ár bhfeidhm iniúchóireachta.
Tá cúig Chód Cleachtais againn – féach thíos.
Sa chuid is mó de chásanna, is faoin gCód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí a dhéanfar ceapacháin. In amanna, áfach, is féidir go ndéanfar iad faoi cheann amháin de na cóid eile.
Faigh tuilleadh faisnéise anseo mura bhfuil tú cinnte cén cód a bhfuil feidhm aige.
D’athraíomar ár gCóid Chleachtais chun dáta sa bhliain 2017. Ba leis na sásraí athbhreithnithe agus achomhairc a bhain an chuid is mó de na hathruithe a rinneamar. Tháinig na cóid athbhreithnithe in éifeacht an 8 Márta 2017.
Is faoi na cóid athraithe chun dáta a thagann aon cheapacháin a fógraíodh ar an dáta sin nó ina dhiaidh. Má fógraíodh iad roimh an dáta sin, beidh feidhm ag na cóid a bhí ann roimhe.
Déan teagmháil linn chun cóip a fháil de cheann ar bith de na cóid roimhe.