Cén uair atá feidhm aige?

Tá feidhm ag an gCód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí maidir le formhór na gceapachán laistigh de na comhlachtaí seo a leanas:

  • An Státseirbhís
  • An Garda Síochána – ar leibhéal an tsáirsint agus ar leibhéal an chigire
  • Údaráis áitiúla – do róil theicniúla agus do róil ghairmiúla amháin
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • Roinnt comhlachtaí poiblí i gcás nach mór na ceapacháin a dhéanamh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004

Cad a chiallaíonn sé?

Is é an cód sin an príomhchód uainn agus leagtar amach ann na caighdeáin a gcloífear leo ag gach céim de cheapachán.

Is é atá i gceist le 'ceapachán' ná folúntas a líonadh trí phróiseas roghnúcháin seachtrach oscailte nó trí ardú céime inmheánach. Meastar gur ceapachán é ardú céime i gcás go ngabhann pá méadaithe agus freagracht mhéadaithe leis.

Má tá comhlacht poiblí ag iarraidh ceapachán a dhéanamh, deirtear sa chód nach mór dó próiseas roghnúcháin atá cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas a sheoladh, ar aon dul le prionsabail agus caighdeáin an chóid.

Ciallaíonn sé freisin nach mór sásraí athbhreithnithe agus achomhairc a bheith i bhfeidhm d’iarrthóirí nach bhfuil sásta tar éis próiseas roghnúcháin. Tá na sásraí sin leagtha amach i gcuid 7 agus i gcuid 8 den chód.

Ábhar

Bunaíodh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ar an 19 Deireadh Fomhair 2004 faoi théarmaí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004.
Is é an Coimisiún an príomhrialálaí ar phróisis earcaíochta agus roghnúcháin laistigh den tseirbhís phoiblí. Tá ról reachtúil aige a chinntiú go ndéantar ceapacháin sna heagraíochtaí a thagann faoina shainchúram (is iad sin, eagraíochtaí a thagann faoi údarás agus faoi raon feidhme an Choimisiúin) ar bhonn fhiúntas na n-iarrthóirí agus mar thoradh ar phróisis cheapacháin atá cóir agus trédhearcach.

Is faoi réir Cóid Chleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún atá na próisis cheapacháin le haghaidh earcaíocht chun gach poist a thagann faoi réimse freagrachta an Achta. Leagtar amach sna Cóid an creat rialála le haghaidh próisis cheapacháin den sórt sin agus dírítear iontu ar chúig phrionsabal:

  • Ionracas
  • Fiúntas
  • Scothchleachtas
  • Cothroime
  • Trédhearcacht

Is tugtha i ngach Cód atá samplaí d’úsáid na bprionsabal sa chleachtas. Léirítear sna samplaí sin tuairimí an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal. Léirítear iontu freisin na gnéithe den phróiseas ceapacháin agus roghnúcháin a bhféachfaidh an Coimisiún le iad a athbhreithniú tríd an bhfeidhm iniúchóireachta atá aige.

Leagtar amach sna Cóid Chleachtais freisin ceanglais maidir le hiompar iarrthóirí le linn an phróisis roghnúcháin. Cinntíonn an méid sin go nglacfaidh gach rannpháirtí cur chuige caighdeánaithe i leith earcaíochta.

Aithníonn an Coimisiún gur gá cleachtais earcaíochta a leasú i gcónaí chun freagairt do thimpeallachtaí athraitheacha oibre agus sóisialta agus chun na cleachtais a choinneáil ar aon dul leis an scothchleachtas. Dá bhrí sin, léirítear sna Cóid na tuairimí atá ag an gCoimisiún faoi láthair maidir leis na gnéithe éagsúla den phróiseas ceapacháin agus soláthraítear iontu cur chuige prionsabalbhunaithe lena n-aithnítear agus lena spreagtar cineál dinimiciúil na gcóras earcaíochta.

Leagtar amach sa Chód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí na prionsabail nach mór cloí leo agus ceapacháin sheachtracha agus inmheánacha araon á ndéanamh chun post sna comhlachtaí seo a leanas:

  • An Státseirbhís
  • An Garda Síochána
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Aon chomhlacht poiblí eile ar leathnaíodh cur i bhfeidhm an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 chuige de bhun reachtaíocht phríomhúil nó le hordú ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • Na poist sin in údaráis áitiúla a bhfuil feidhm ag Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, maidir leo.

(Tá iarrthóirí “inmheánacha” fostaithe ag an eagraíocht cheana féin. Níl iarrthóirí “seachtracha” fostaithe ag an eagraíocht cheana féin.)

1.1 An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

Comhlacht rialála neamhspleách is ea an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (“an Coimisiún”). Is leagtha amach san Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 (“an tAcht”) an t-údarás atá ag an gCoimisiún a chuid dualgas a chur i gcrích. Tá an Coimisiún comhdhéanta de chúigear comhaltaí (“na Coimisinéirí”), a roghnaítear iad mar gheall ar na poist atá acu in eagraíochtaí ábhartha eile. Is iad seo a leanas na comhaltaí sin:

  • Cathaoirleach Dháil Éireann (an Ceann Comhairle)
  • Ard-Rúnaí an Rialtais
  • Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • Cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
  • An tOmbudsman

1.2 Cad é an sainchúram reachtúil atá ar an gCoimisiún?

Is leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 a rialaítear ceapacháin chun post áirithe sna comhlachtaí seo a leanas:

  • An Státseirbhís
  • An Garda Síochána
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Aon chomhlacht poiblí eile ar leathnaíodh cur i bhfeidhm an Achta chuige de bhun reachtaíocht phríomhúil nó le hordú ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • Na poist sin in údaráis áitiúla a bhfuil feidhm ag Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, maidir leo

Is é cuspóir an Achta ná creat nua-aimseartha éifeachtúil a chur ar fáil le haghaidh earcaíocht seirbhíse poiblí. Leis an Acht, leagtar freagracht ar an gCoimisiún as ardchaighdeáin a bhunú agus a chosaint sa dóigh a n-earcaítear agus a roghnaítear daoine lena gceapadh chun post. Is leis an Acht sin freisin a thugtar don Choimisiún na cumhachtaí a theastaíonn uaidh chun na caighdeáin atá leagtha amach a fhorfheidhmiú, mar shampla, an chumhacht chun leasú a dhéanamh ar na téarmaí a ghabhann le ceadúnas earcaíochta arna eisiúint chuig comhlacht poiblí nó an chumhacht chun an ceadúnas a chúlghairm i gcásanna tromchúiseacha. Níl sé de chumhacht ag an gCoimisiún cinneadh earcaíochta a leasú tar éis é a dhéanamh, áfach.

Ní mór na caighdeáin arna mbunú ag an gCoimisiún a chur ar fáil go poiblí i gCóid Chleachtais agus ní mór do shealbhóirí oifige cloí leis na caighdeáin sin.

1.3 Cad a dhéanann an Coimisiún?

Bunaíonn an Coimisiún na caighdeáin ionracais, fiúntais, chothromais agus chothroime nach mór cloí leo agus daoine á gceapadh chun post sna heagraíochtaí a thagann faoina shainchúram. Comhlíonann an Coimisiún a chuid freagrachtaí trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Cóid Chleachtais a fhoilsiú agus a choimeád ina leagtar amach na caighdeáin nach mór cloí leo agus ceapacháin á ndéanamh sa tseirbhís phoiblí
  • Beartais agus cleachtais earcaíochta a iniúchadh agus a mheas chun na caighdeáin atá leagtha amach a chosaint agus chun a fháil amach cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag cloí leis na Cóid Chleachtais
  • Ceadúnais earcaíochta a dheonú agus iad a chúlghairm nuair is gá
  • Treoracha agus comhairle a thabhairt do shealbhóirí ceadúnais
  • Nósanna imeachta cuí achomhairc a bhunú
  • Tuairisc a thabhairt don Oireachtas agus don Rialtas agus faisnéis a chur ar fáil d’Airí faoi oibriú na bpróiseas earcaíochta agus roghnúcháin
  • A chuid cumhachtaí agus dualgas faoin Acht a chur i gcrích

Tá an Coimisiún freagrach as leas an phobail a chosaint maidir le hábhair earcaíochta agus roghnúcháin. Baineann sé leas as an bhfeidhm iniúchóireachta atá aige chun a chinntiú go mbíonn na daoine sin a oibríonn a Chóid Chleachtais tiomanta do na prionsabail atá leagtha amach iontu i gcónaí.
Cabhraíonn an Coimisiún le seirbhís phoiblí atá éifeachtach agus neamhchlaon a fhorbairt trí na dualgais a leagtar air leis an Acht a chur i gcrích. Tugann sé dearbhú don phobal gur ar bhonn fhiúntas na n-iarrthóirí a dhéantar ceapacháin. Ciallaíonn sé sin go roghnaíonn sealbhóirí oifige an duine is fearr don phost ó na hiarrthóirí atá ar fáil chun a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, go gcuirfear dualgais an phoist i gcrích chomh héifeachtach agus is féidir.

1.4 Cad atá sna Cóid Chleachtais ón gCoimisiún?

Sna Cóid Chleachtais, leagtar amach na croíphrionsabail earcaíochta agus roghnúcháin atá ag an gCoimisiún agus cuirtear bonn eolais faoi léiriú agus faoi chur i bhfeidhm na bprionsabal sin. Ní mór do gach duine atá páirteach sna próisis cheapacháin faoi shainchúram an Choimisiúin cloí leis na caighdeáin atá leagtha amach sna Cóid. Is é an aidhm atá leis an gcur chuige prionsabalbhunaithe sin ná comhsheasmhacht, cothroime, trédhearcacht, cuntasacht agus éagsúlacht a choimeád agus a mhéadú tuilleadh i gcleachtais earcaíochta. Mar sin, léirítear sna Cóid na freagrachtaí atá ar an gCoimisiún maidir le leas an phobail a chosaint.

Soláthraítear sna Cóid treoir bheacht shoiléir do shealbhóirí oifige maidir leis an gcur chuige nach mór dóibh a ghlacadh. Is é an aidhm atá leis sin cabhrú le hearcaitheoirí próiseas ceapacháin a áirithiú atá cothrom, oscailte agus trédhearcach, as a dtagann toradh ar ardchaighdeán agus a chothaíonn muinín an phobail. Tá sé i gceist go gcuirfear sna Cóid leis an scothchleachtas a fhorbairt i réimse na hearcaíochta agus an roghnúcháin. Soláthraítear sna Cóid creat solúbtha atá bunaithe ar phrionsabail earcaíochta an Choimisiúin. Aithníonn an Coimisiún go dteastaíonn solúbthacht ó shealbhóirí oifige ionas gur féidir leo déileáil go héifeachtach éifeachtúil leis an raon éagsúil ceapachán a dhéanann siad. Dá réir sin, ceadaítear sna Cóid do shealbhóirí oifige straitéisí a ghlacadh agus próisis a fhorbairt chun na prionsabail a chur chun feidhme go héifeachtach. Ní mór cloí leis an reachtaíocht ábhartha um fhostaíocht, um chomhionannas agus um chearta an duine sna ceapacháin uile arna ndéanamh faoi gach Cód.

Leagtar amach i ngach Cód freisin an nós imeachta a leanfar i dtaca le hiarrataí ar athbhreithniú ar phróisis roghnúcháin agus cheapacháin agus an nós imeachta a leanfar i gcás mainneachtain cloí le haon fhoráil de Chód Cleachtais.

1.5 Cé na cásanna ina bhfuil feidhm ag an gCód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí?

Tá feidhm ag an gCód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí maidir le ceapacháin sheachtracha agus inmheánacha1 araon chun na bpost seo a leanas:

  • Poist “bhunaithe” agus poist “neamhbhunaithe” sa Státseirbhís
  • Poist sa Gharda Síochána suas go leibhéal an chigire agus an leibhéal sin san áireamh
  • Poist i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Poist in aon chomhlacht poiblí eile ar leathnaíodh cur i bhfeidhm an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 chuige de bhun reachtaíocht phríomhúil nó le hordú ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • Poist in údaráis áitiúla a bhfuil feidhm ag Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, maidir leo

1.6 Leagan amach an Chóid Chleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí

Mionsonraítear sa Chód Cleachtais seo na cúig chroíphrionsabal – ionracas, fiúntas, scothchleachtas, cothroime agus trédhearcacht – ar cheart iad a chur i bhfeidhm maidir le gach próiseas earcaíochta (féach Cuid 2). Ba sa bhliain 2004 a forbraíodh an Cód den chéad uair. Rinneadh é a athbhreithniú agus a bheachtú ina dhiaidh sin sna blianta 2007 agus 2016 mar fhreagairt do thuairimí ó shealbhóirí oifige agus ón bpobal i gcoitinne.

Léirítear sa Chód seo timpeallacht athraitheach oibre agus shóisialta, na riachtanais dhifriúla ghnó atá á leagan ag an timpeallacht sin ar dhaoine a oibríonn an Cód, agus an riachtanas iarmhartach atá ann le solúbthacht a sholáthar i gcleachtais earcaíochta, fad a chomhlíontar na prionsabail atá leagtha amach iontu. Tá príomhchorp an Chóid leagtha amach mar seo a leanas:

Cuid 2: Sainmhínithe ar gach ceann de na prionsabail sa Chód agus samplaí dá léiriú agus dá gcur i bhfeidhm sa phróiseas ceapacháin
Cuid 3: Sonraí faoin dóigh a n-oibríonn feidhm iniúchóireachta an Choimisiúin
Cuid 4: Sonraí faoi fhreagracht agus faoi chuntasacht as cur i bhfeidhm na bprionsabal
Cuid 5: Sonraí faoi na hoibleagáidí a chuirtear ar iarrthóirí
Cuid 6: Sonraí faoi na himscrúduithe a bhféadfaidh an Coimisiún iad a dhéanamh i gcás cur isteach ar an bpróiseas
Cuid 7: An nós imeachta maidir le próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar athbhreithniú arna ndéanamh chuig sealbhóir oifige
Cuid 8: An nós imeachta nach mór don sealbhóir oifige agus don Choimisiún é a leanúint le linn dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le mainneachtain cloí leis an gCód Cleachtais seo
Cuid 9: Iompar neamhréasúnta custaiméara agus an dóigh ar cheart é a bhainistiú
Cuid 10: Breac-chuntas ar fhreagrachtaí an Aire


Ina theannta sin, tugtar in Aguisín A tuilleadh sonraí faoi na poist nach bhfuil feidhm ag an gCód seo maidir leo agus tugtar in Aguisín B sainmhínithe ar roinnt téarmaí sonracha atá in úsáid sa Chód seo.

1.7 Faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gCód

Luaitear in alt 13 den Acht go bhféadfaidh an Coimisiún iniúchadh a dhéanamh ar bheartais agus ar chleachtais earcaíochta agus roghnúcháin d’fhonn na caighdeáin arna mbunú sna Cóid Chleachtais uaidh a mheas agus a chosaint. Tá an fheidhm iniúchóireachta ina príomh-mheicníocht maidir lena chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis na prionsabail atá leagtha amach i ngach Cód Cleachtais. Cuirtear cláir iniúchóireachta i gcrích ar bhonn tréimhsiúil chun a chinneadh cén dóigh a bhfuil na prionsabail á léiriú agus á gcur i bhfeidhm. Féadfar díriú in iniúchtaí freisin ar shaincheisteanna ar ábhair spéise nó imní ar leith don Choimisiún iad (féach Cuid 3).


1.8 Tuilleadh comhairle agus faisnéise

Tá tuilleadh comhairle agus faisnéise faoi inneachar agus faoi léiriú na gCód Cleachtais ón gCoimisiún ar fáil ón Stiúrthóir ar Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí nó ó cibé oifigeach/oifigigh a bhféadfaidh an Stiúrthóir é/iad a ainmniú.

2.1 Ionracas

Prionsabal 1

Ceann de na príomhchuspóirí atá ag an gCoimisiún is ea caighdeáin inghlactha ionracais a chinntiú i ngach próiseas ceapacháin. Na prionsabail atá leagtha síos ag an gCoimisiún sa Chód Cleachtais seo, tá siad bunaithe ar na croíluachanna ar codanna dílse d’ionracas iad – macántacht, neamhchlaontacht, cothroime, iontaofacht agus iompar eiticiúil ina measc.

Féachann an Coimisiún le cultúr a chothú atá bunaithe ar luachanna na hiontaoibhe, na cothroime, na trédhearcachta agus an mheasa do chách. Féachann sé freisin lena chinntiú go bhfuil caighdeáin ionracais faoi réir maoirseacht chomhsheasmhach chuimsitheach tríd an bhfeidhm iniúchóireachta atá aige.

Ní mór do shealbhóirí oifige bheith tiomanta do na luachanna sin agus ní mór dóibh a chinntiú go ndéantar bainistiú eiticiúil ar gach gné den phróiseas ceapacháin.

2.2 Ceapacháin á ndéanamh ar bhonn fiúntais

Prionsabal 2

Is é atá i gceist le ceapachán a dhéanamh ar bhonn fiúntais ná an duine is fearr a cheapadh chun aon phoist ar leith. Bainfear é sin amach trí phróiseas earcaíochta atá trédhearcach agus iomaíoch a reáchtáil.
Ní mór na critéir a úsáidtear chun oiriúnacht iarrthóirí a mheas bheith bainteach go díreach leis na cáilíochtaí, leis na tréithe pearsanta agus leis na scileanna a theastaíonn chun dualgais agus freagrachtaí an phoist a chomhlíonadh. Is cur chuige cothrom cóir é sin i leith iarratasóirí a mheas. Is é an toradh atá air ná go roghnaítear daoine aonair a n-oireann a gcuid inniúlachtaí, taithí agus cáilíochtaí ar an mbealach is fearr do riachtanais na heagraíochta. Dá bhrí sin, tá fiúntas ina phrionsabal ríthábhachtach nach mór gach cleachtas ceapacháin a bheith bunaithe air.
Tá sé riachtanach a chinntiú nach dtugtar sa phróiseas roghnúcháin buntáiste ná míbhuntáiste éagórach d’aon iarrthóir ar leith ná d’aon ghrúpa iarrthóirí ar leith. Ní mór fíor-chomhionannas deiseanna a chur ar fáil sa phróiseas roghnúcháin trína ndéantar ceapacháin.

2.3 Próiseas ceapacháin atá ag teacht leis an scothchleachtas

Prionsabal 3

Ba cheart an próiseas ceapacháin bheith éifeachtúil, costéifeachtach agus ag teacht leis an scothchleachtas.
Is gá an scothchleachtas a chur i bhfeidhm le linn gach gné den phróiseas. Áirítear leis sin na sonraíochtaí faoin bpost agus faoin bpearsa a shainmhíniú, an folúntas a mhargú, agus meicníochtaí cuí measúnaithe a roghnú. Áirítear leis freisin oiliúint a chur ar fáil agus tacú le socruithe bainistíochta chun a chinntiú go ndéantar taifid chuí a chruthú agus a choimeád ar an bpróiseas ceapacháin.

2.4 Próiseas ceapacháin cothrom á reachtáil ar bhealach comhsheasmhach

Prionsabal 4

Cuireann an Coimisiún go hiomlán i gcoinne aon chineáil leithcheala dhírigh nó indírigh, is cuma cé acu a dhéantar ar bhealach gníomhach nó éighníomhach é. Ní mór lántiomantas a léiriú do chomhionannas deiseanna sa phróiseas roghnúcháin a ghlactar agus sa dóigh a reáchtáiltear é.

Tá oibleagáid ar shealbhóirí oifige caitheamh le hiarrthóirí ar bhealach cothrom comhsheasmhach agus de réir caighdeán comhsheasmhach.

2.5 Ceapacháin á ndéanamh ar bhealach oscailte, cuntasach agus trédhearcach

Prionsabal 5

Más rud é go bhfuil trédhearcacht ann sa phróiseas ceapacháin agus go bhfuil oscailteacht ann sa dóigh a gcaitheann sealbhóirí oifige le hiarrthóirí, is amhlaidh go méadófar an mhuinín atá ag iarrthóirí as an bpróiseas.


Is ríthábhachtach go bhfuil cumarsáid ghníomhach oscailte ann ar an bpróiseas agus ar an mbonn le measúnú. Chomh maith leis sin, ba cheart lántiomantas a bheith ann d’aiseolas bríoch a thabhairt do na hiarrthóirí sin a iarrann é.

2.6 Samplaí de léiriú agus de chur i bhfeidhm na bprionsabal sa chleachtas le linn an phróisis cheapacháin

2.6.1 Cód Cleachtais

Tá an Coimisiún ag súil go gcloífear le téarmaí an Chóid Chleachtais seo agus le haon treoirlínte eile arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

2.6.2 Ceadúnais earcaíochta

Ceanglaíonn an Coimisiún ar earcaitheoirí cloí le téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais earcaíochta a bhféadfadh sé é a eisiúint.

2.6.3 An próiseas roghnúcháin a phleanáil

Nuair atá próiseas roghnúcháin agus ceapacháin á phleanáil ag sealbhóir oifige nó ag eagraíocht, tá an Coimisiún ag súil:

  • Go ndéanfar ceapacháin tar éis próiseas roghnúcháin a bhí iomaíoch agus bunaithe ar fhiúntas agus inar caitheadh go cothrom leis na hiarrthóirí uile ag gach céim
  • Go bpleanálfaidh earcaitheoirí an dóigh a mbeartaíonn siad an próiseas ceapacháin a sheoladh, agus aird á tabhairt ar an líon folúntas ar dóigh dóibh teacht chun cinn agus an líon iarrthóirí a bhféadfadh an post/na poist iad a mhealladh. Go ndéanfar cinntí soiléire maidir leis an gcur chuige a ghlacfar in aon fheachtas earcaíochta
  • Go ndéanfar breithniú sonrach ar dheiseanna agus ar bhearta chun comhdheiseanna le haghaidh fostaíochta a chur chun cinn (nó chun deireadh a chur le bacainní ar chomhdheiseanna le haghaidh fostaíochta)
  • Go gcuirfear faisnéis faoi na céimeanna difriúla den phróiseas ceapacháin ar fáil d’iarrthóirí roimh ré
  • Go mbeidh na cinntí a dhéantar le linn an phróisis roghnúcháin bunaithe ar na cáilíochtaí, ar na tréithe pearsanta agus ar na scileanna a theastaíonn chun na dualgais a chur i gcrích agus chun freagrachtaí an phoist a chomhlíonadh de réir an chaighdeáin riachtanaigh
  • Go reáchtálfaidh earcaitheoirí próiseas roghnúcháin ar ardchaighdeán atá bunaithe ar na scileanna agus ar na cáilíochtaí a bhaineann leis an bpost
  • Go sainaithneofar roimh thús an phróisis na critéir ar a mbeidh cinntí roghnúcháin bunaithe
  • Go gcuirfear in ord fiúntais na hiarrthóirí a chomhlíonann an caighdeán riachtanach don phost agus go mbreithneofar iad lena gceapadh san ord sin
  • Go ndíreoidh earcaitheoirí go gníomhach ar shaincheisteanna intuartha a
  • d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt, agus iad ag cinntiú go mbreithneofar
  • na saincheisteanna sin agus go dtabharfar aghaidh orthu roimh an bhfeachtas
  • earcaíochta
  • Go ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar phróisis cheapacháin agus go
  • dtiocfar ar réitigh dhearfacha ar aon fhadhbanna a thagann chun cinn
  • Go ndéanfar bearta cuí chun ceapadh daoine faoi mhíchumas a éascú

2.6.4 Sonraíochtaí faoin bpost agus faoin bpearsa agus creataí inniúlachta

Maidir le sonraíochtaí faoin bpost agus faoin bpearsa agus creataí inniúlachta, tá an
Coimisiún ag súil:

  • Go ndéanfar an tsonraíocht faoin bpost agus an tsonraíocht faoin bpearsa, mar bhunsraith don phróiseas roghnúcháin, a bhreithniú agus a fhormhuiniú ar leibhéal sinsearach cuí laistigh den eagraíocht is fostóir sula gcuirfear tús leis an bpróiseas roghnúcháin
  • Go mbeidh na próisis roghnúcháin atá in úsáid bunaithe ar shonraíochtaí faoin bpost agus faoin bpearsa atá éifeachtach agus neodrach. Go ndíreofar sna sonraíochtaí ar chuspóir an phoist, ar phríomhchuntasachtaí an phoist agus ar na scileanna agus ar na tréithe pearsanta a theastaíonn chun an post a dhéanamh go héifeachtach
  • Go sainaithneofar i sonraíochtaí faoin bpost agus i bpróifílí inniúlachta do phoist na critéir ábhartha ar féidir iarrthóirí a mheas ina n-aghaidh le linn an phróisis roghnúcháin. Ní mór údar cuí a bheith leis na critéir sin de réir na reachtaíochta ábhartha
  • Go ndéanfar na príomhghnéithe de na sonraíochtaí faoin bpost agus faoin bpearsa a léiriú go comhsheasmhach le linn an phróisis roghnúcháin
  • Go mbeidh na critéir roghnúcháin bunaithe ar bhunriachtanais an phoist, agus prionsabal na gcomhdheiseanna le haghaidh fostaíochta á chur chun cinn iontu
  • Nach mbeidh na riachtanais don phost sriantach go míchuí. Go léireofar i sonraíochtaí na nithe a theastaíonn chun dualgais an phoist a chomhlíonadh. Ní shonrófar iontu nithe neamhriachtanacha a d’fhéadfadh daoine faoi mhíchumas a eisiamh
  • Go mbeidh sonraíochtaí faoin bpost agus faoin bpearsa neamhchlaon agus go gcloífear leis an scothchleachtas reatha iontu
  • Go ndéanfar téarmaí agus coinníollacha, critéir incháilitheachta agus aon riachtanas maidir le húsáid na Gaeilge agus le heolas ar an nGaeilge a chomhaontú leis an Aire cuí sula gcuirfear tús leis an bpróiseas roghnúcháin. Cinnfear iad sin de réir riachtanais an phoist agus de réir aon cheanglas reachtúil (dlíthiúil)
  • Go mbainfidh sonraíochtaí faoin bpearsa go beacht le dualgais an phoist

2.6.5 Iarrthóirí a mhealladh

Agus iarrthóirí á mealladh chun poist, tá an Coimisiún ag súil:

  • Go gcuirfear in iúl go hoscailte ábhar margaíochta atá soiléir, achomair agus éifeachtach agus atá dírithe ar réimse cuí iarratasóirí, agus é mar aidhm leis comhionannas deiseanna a éascú
  • Go gcinnteofar le cineálacha cur chuige margaíochta go mbeidh an earcaíocht bunaithe ar an raon is leithne tallainne agus taithí atá ar fáil (agus atá ábhartha). Cuirfear faisnéis faoi dheiseanna fostaíochta ar fáil d’iarratasóirí a d’fhéadfadh bheith incháilithe i bhformáidí agus i meáin atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas
  • Nach ndéanfar le teicnící margaíochta aon ghrúpa ar leith laistigh den tsochaí a eisiamh
  • I gcás próiseas ceapacháin inmheánaigh, go mbeidh rochtain chuí ag gach ball foirne incháilithe ar na cineálacha cur chuige margaíochta atá in úsáid
  • Go mbeidh gach ábhar margaíochta agus tacaíochta inrochtana agus neamhchlaon agus go léireofar iontu, nuair is cuí, na sonraíochtaí faoin bpost agus faoin bpearsa agus an próiseas measúnaithe a leanfar
  • Go ndéanfar gach iarracht réasúnta próiseas iarratais a sholáthar atá inrochtana do gach iarrthóir

2.6.6 Modheolaíochtaí measúnaithe

Maidir leis na modheolaíochtaí agus na meicníochtaí measúnaithe a úsáidtear sa phróiseas roghnúcháin agus ceapacháin, tá an Coimisiún ag súil:

  • Go n-éascófar le meicníochtaí measúnaithe an phearsa nó na pearsana a oireann is fearr do riachtanais an phoist a shainaithint agus a roghnú
  • Go mbeidh na modheolaíochtaí measúnaithe a úsáidtear ag teacht leis an scothchleachtas agus nach gcuimseofar iontu ach uirlisí agus teicnící roghnúcháin atá bailíochtaithe go cuí
  • Go mbeidh próisis mheasúnaithe oiriúnach do na critéir roghnúcháin
  • Go mbainfear leas as modh cuí chun iarrthóirí a ghearrliostú (i gcásanna ina gcuirfear cleachtaí gearrliostaithe i gcrích)
  • Go mbeidh trialacha roghnúcháin bainteach leis an bpost i gcásanna ina n-úsáidfear iad mar chuid den phróiseas roghnúcháin
  • Go ndéanfar gach iarracht réasúnta freastal ar iarrthóirí
  • Go gcuirfear áiseanna agus trealamh feabhsaithe ar fáil de réir mar is gá chun iarrthóirí a chumasú feidhmiú chomh maith agus is féidir leo

2.6.7 Boird roghnúcháin

Maidir le boird roghnúcháin, tá an Coimisiún ag súil:
  • Go mbeidh córais i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuirfidh boird roghnúcháin an próiseas roghnúcháin i gcrích ar bhealach cothrom, comhsheasmhach agus trédhearcach
  • Go dtuigfidh gach cleachtóir roghnúcháin an ról atá acu agus gur acusan atá na scileanna a theastaíonn chun a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh
  • Go ndéanfaidh baill de bhoird roghnúcháin a gcuid freagrachtaí a thuiscint agus a chomhlíonadh i dtaca leis an reachtaíocht reatha um shaoráil faisnéise, um chosaint sonraí agus um chomhionannas fostaíochta
  • Go gcuirfear baill de bhoird roghnúcháin ar an eolas go hiomlán faoin mbeartas feasachta ar mhíchumas agus faoin mbeartas comhdheiseanna

2.6.8 Scagadh incháilitheachta

Tá an Coimisiún ag súil go ndéanfar “scagadh incháilitheachta” ar iarratais ar phost ó iarrthóirí, agus féachann sé lena chinntiú:
  • Go mbeidh seiceálacha cuí i bhfeidhm chun a chinntiú go gcomhlíonann iarrthóir na critéir luaite incháilitheachta sula dtairgfear post dó
  • Go mbreithneofar iarrthóirí lena gceapadh sa chás go gcomhlíonann siad na critéir luaite incháilitheachta agus gur éirigh leo sa phróiseas roghnúcháin, i gcomhréir leis an gCód Cleachtais seo
  • Go ndéanfar iarrthóirí nach sásaíonn na critéir luaite incháilitheachta a dhícháiliú ón bpróiseas agus go dtabharfar fógra dóibh faoi sin

2.6.9 Cumarsáid

Ceanglaíonn an Coimisiún go mbeidh tiomantas ann do chumarsáid oscailte, thráthúil agus éifeachtach a dhéanamh le hiarrthóirí. Tabharfar freagra ar gach ceist ar bhealach cuí, éifeachtúil agus tráthúil.

2.6.10 Aiseolas

Is féidir go n-iarrfaidh iarrthóirí tuilleadh mínithe (aiseolas) ar chinneadh a rinneadh maidir leis an iarratas uathu. Maidir leis sin, tá an Coimisiún ag súil:
  • Go mbeidh córais éifeachtacha i bhfeidhm chun an fheidhm aiseolais a bhainistiú
  • Go gcuirfear aiseolas atá soiléir, sonrach agus fiúntach agus ina mínítear an bonn leis an gcinneadh ar fáil nuair a iarrann iarrthóirí é
Mar chuid dá chleachtais ghinearálta um chaidreamh le fostaithe, is féidir le sealbhóir oifige a roghnú treoir forbartha pearsanta a sholáthar in éineacht leis an aiseolas a soláthraíodh d’fhostaithe le linn próiseas ceapacháin inmheánaigh. Ní cheanglaítear sa Chód Cleachtais seo orthu déanamh amhlaidh, áfach.

2.6.11 Iarrataí ar athbhreithniú agus gearáin lena líomhnaítear sárú ar an gCód Cleachtais

Tá an Coimisiún ag súil gur ar bhealach éifeachtúil tráthúil agus ar aon dul le nósanna imeachta an Chóid a dhéileálfar le hiarrataí ar athbhreithniú ar chinneadh roghnúcháin agus le gearáin lena líomhnaítear sárú ar an gCód Cleachtais.

2.6.12 Oiliúint

Baineann ríthábhacht le hoiliúint ar ardchaighdeán a chur ar fáil do rannpháirtithe ar mhaithe le fadhbanna intuartha a sheachaint sa phróiseas roghnúcháin agus ceapacháin. Maidir leis sin, féachann an Coimisiún lena chinntiú:
  • Go dtuigfidh gach cleachtóir roghnúcháin an ról atá acu agus gur acusan atá na scileanna a theastaíonn chun a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh
  • Go soláthrófar oiliúint ar bhonn tráthúil agus go mbeidh sí oiriúnach don phróiseas measúnaithe a úsáidfear le linn an phróisis roghnúcháin
  • Go ndeachaigh baill de bhoird roghnúcháin faoi oiliúint ábhartha dhóthanach a soláthraíodh ar bhonn tráthúil agus atá oiriúnach don phróiseas sonrach measúnaithe a úsáidfear. Mura ndeachaigh, ba cheart do bhaill de bhoird roghnúcháin taithí dhóthanach agallóireachta ar leibhéal cuí a bheith acu agus ba cheart dóibh na scileanna a theastaíonn chun iarrthóirí a mheas i gceart a bheith acu
  • Go mbeidh na daoine aonair a chinnfidh an teicníc roghnúcháin a úsáidfear cáilithe chun triail atá bailí chun críoch ar leith a roghnú agus nach mbeidh cead ag aon duine aonair eile an teicníc roghnúcháin a chinneadh • Nach mbeidh na teicnící roghnúcháin in úsáid ach amháin ag daoine aonair atá cáilithe go cuí agus a bhfuil oiliúint cheart faighte acu sna teicnící sin a riar, a scóráil agus a léiriú
  • Go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun a chinntiú gur ag gach duine atá páirteach i bpróiseas ceapacháin a riar atá na scileanna a theastaíonn chun déanamh amhlaidh. Tabharfar faisnéis chuí faoin bpróiseas do na rannpháirtithe sin
  • Go mbeidh an oiliúint cothrom le dáta agus ábhartha agus go soláthrófar í de réir caighdeán cuí
  • Go bpléifear san oiliúint le struchtúr an phróisis agus le comhthéacs an cheapacháin araon. Ba cheart plé san oiliúint leis an reachtaíocht reatha agus le reachtaíocht atá le teacht
  • Go ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar a éifeachtaí atá an oiliúint agus go ndéanfar beart leantach ina leith ar bhonn leanúnach
  • Go soláthrófar oiliúint maidir le feasacht ar mhíchumas de réir mar is cuí

2.6.13 Córais bhainistíochta agus dearbhú cáilíochta

Maidir le córais bhainistíochta agus dearbhú cáilíochta sa phróiseas roghnúcháin agus ceapacháin, tá an Coimisiún ag súil:

  • Go mbeidh córais éifeachtacha bhainistíochta i bhfeidhm
  • Go mbeidh rialuithe i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéanfar próisis chuí a ghlacadh agus a sholáthar
  • Go mbeidh bearta i bhfeidhm chun a chinntiú go gcloífidh beartais agus cleachtais leis an gCód Cleachtais
  • Go mbeidh nósanna imeachta cuí i bhfeidhm chun cáilíocht a dhearbhú sa phróiseas roghnúcháin agus ceapacháin
  • Go ndéanfar athbhreithniú agus meastóireacht rialta ar a éifeachtaí atá próisis mheasúnaithe

2.6.14 Doiciméid

Tá an Coimisiún ag súil go gcoinneofar taifead cúramach ar an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin agus ceanglaíonn sé:

  • Go gcoinneofar taifid atá doiciméadaithe go hiomlán agus lena dtacaítear go soiléir le gach céim den phróiseas. Áireofar leo sin nótaí faoi na hagallaimh a rinneadh • Go léireofar na critéir roghnúcháin sna doiciméid lena dtacaítear leis na céimeanna measúnaithe den phróiseas
  • Go bhféadfaidh an Coimisiún iniúchadh a dhéanamh ar aon doiciméid agus go bhféadfar faisnéis a fháil agus a rochtain faoin dóigh ar úsáideadh iad
  • Go n-eiseofar doiciméid atá cruinn, dóthanach agus cuí chuig iarrthóirí. Sna doiciméid sin, ba cheart faisnéis a thabhairt faoi conas an Cód Cleachtais seo a rochtain agus ba cheart faisnéis shonrach a thabhairt faoi na nósanna imeachta athbhreithnithe agus gearáin atá leagtha amach i gCodanna 7 agus 8 den Chód
  • Go leagfar amach sna doiciméid na critéir shonracha nach mór d’iarrthóirí iad a chomhlíonadh ar aon dul le ceanglais an Achta. Fágann sé sin nach mór dóibh:
    • an t-eolas agus an cumas a bheith acu chun dualgais an phoist lena mbaineann a chomhlíonadh
    • carachtar oiriúnach a bheith acu don phost, agus
    • bheith oiriúnach ar gach bealach ábhartha eile dá gceapadh chun an phoist lena mbaineann
  • Má éiríonn leo, ní cheapfar iarrthóirí chun an phoist: »» mura n-aontaíonn siad tabhairt faoi na dualgais a ghabhann leis an bpost agus nach nglacann siad leis na coinníollacha faoina gcomhlíontar na dualgais nó faoinar gá na dualgais a chomhlíonadh, agus:
    • mura bhfuil siad láninniúil agus ábalta chun na dualgais sin a chur i gcrích agus mura bhfuil siad ar fáil chun déanamh amhlaidh

2.6.15 Rúndacht a urramú

Ceanglaíonn an Coimisiún go gcaithfear le hiarratais faoi chuing rúin, faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997-2014

2.6.16 Ceanglais reachtacha

Ceanglaíonn an Coimisiún go gcloífear leis an reachtaíocht seo a leanas:
  • An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004
  • An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) (Leasú) 2013
  • Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998–2011
  • An tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014
  • An tAcht um Míchumas 2005
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
  • Na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003
  • Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997–2014
  • An tAcht um Nochtadh Cosanta 2014
  • An Cód Cleachtais maidir le Fostú Daoine faoi Mhíchumas (arna fhoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe)

3.1 An staid dhlíthiúil

Luaitear in alt 13(1)(c) den Acht go bhféadfaidh an Coimisiún nósanna imeachta a bhunú chun iniúchadh a dhéanamh ar an bpróiseas earcaíochta agus roghnúcháin le haghaidh ceapacháin chun post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.

3.2 An fheidhm iniúchóireachta a chur i bhfeidhm

3.2.1

Is é cuspóir an phróisis iniúchóireachta a chinntiú go ndéantar beartais earcaíochta, cleachtais earcaíochta agus córais tacaíochta earcaíochta a dhearadh agus a oibriú i gcomhréir leis an gCód Cleachtais seo. Is féidir go scrúdófar aon chuid den phróiseas ceapacháin le linn iniúchtaí. Is féidir go ndíreofar ar shealbhóirí oifige aonair lena linn. Is féidir go ndéanfar iniúchtaí ar bhonn téamach ar fud gach sealbhóra oifige freisin. Is féidir go ndéanfar athbhreithniú ar chláir shonracha earcaíochta le linn iniúchta.

3.2.2

Meicníocht thábhachtach lena gcumasaítear don Choimisiún caighdeáin a chosaint is ea an fheidhm iniúchóireachta. Is é an aidhm atá léi a chinntiú go gcloítear leis na croíphrionsabail atá leagtha amach sa Chód Cleachtais agus, nuair is cuí, go bhfeidhmíonn an sealbhóir oifige an ceadúnas earcaíochta de réir na dtéarmaí agus coinníollacha arna leagan amach ag an gCoimisiún.

3.3 Nósanna imeachta iniúchóireachta

3.3.1

Ní mór do shealbhóirí oifige comhoibriú go hiomlán le gach iniúchadh arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó thar a cheann. Cuirfear iniúchtaí i gcrích ar bhealach gairmiúil agus de mheon feabhais d’fhonn eolas agus an scothchleachtas a roinnt, in ionad a bheith ag díriú ar chomhlíonadh amháin.

3.3.2

Tabharfar fógra roimh ré faoin rún atá ag an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh. Tabharfaidh an méid sin dóthain ama dó shealbhóirí oifige na doiciméid agus na staitisticí riachtanacha uile a ullmhú. Fágfaidh an fógra roimh ré freisin go mbeidh a laghad cur isteach agus is féidir ann le linn an athbhreithnithe.

3.3.3

Seolfar iniúchtaí ar bhealach éifeachtúil agus leagfar na céimeanna den phróiseas iniúchóireachta amach go soiléir roimh ré.

3.3.4

Ag deireadh an iniúchta, pléifear na cinntí leis an eagraíocht lena mbaineann sula gcuirfear tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh deis acu sin atá ina n-ábhar d’iniúchadh tuairim a chur in iúl maidir le cruinneas fíorasach na dtuarascálacha iniúchta sula dtabharfar na tuarascálacha iniúchta chun críche.

3.3.5

Sa chás go sainaithnítear easnaimh i réimse earcaíochta, i mbeartas earcaíochta nó i gcleachtas earcaíochta ar leith le linn iniúchta, déanfar moltaí chun aghaidh a thabhairt ar an locht. Cuirfear an bhéim anseo ar chúnamh agus ar thacaíocht a chur ar fáil don eagraíocht lena mbaineann.

3.3.6

Le linn dó iniúchtaí a sheoladh, is é cuspóir an Choimisiúin a chinntiú:

  • Go bhfuil próisis roghnúcháin agus cheapacháin á bhfeidhmiú de réir an Chóid Chleachtais seo
  • Nach bhfuil aon fhéidearthacht ann go rachaidh pátrúnacht nó pribhléid i bhfeidhm ar aon chuid den phróiseas
  • Go bhfuil na treoracha agus an treoir do shealbhóirí oifige, lena n-áirítear treoir maidir le gníomhaireachtaí liostaithe earcaíochta a úsáid (i gcás sealbhóirí ceadúnais), ag teacht le meon agus le héirim an Chóid Chleachtais
  • Gur acu sin atá freagrach as próisis cheapacháin a eagrú atá tuiscint iomlán ar cheanglais an Choimisiúin
  • Go ndeachaigh baill de bhoird roghnúcháin faoi oiliúint a soláthraíodh ar bhonn tráthúil agus atá oiriúnach don phróiseas sonrach measúnaithe atá in úsáid. Mura ndeachaigh, ní mór do bhaill de bhoird roghnúcháin taithí dhóthanach agallóireachta ar leibhéal cuí a bheith acu agus ní mór dóibh na scileanna a theastaíonn chun iarrthóirí a mheas i gceart a bheith acu
  • Gur cáilithe go cuí atá na daoine aonair atá ag riar na dteicnící roghnúcháin agus go bhfuil oiliúint ábhartha faighte acu le déanaí
  • Go ndearnadh gníomh chun aon chásanna a réiteach inar aimsíodh le linn faireachán inmheánach nár leanadh an Cód Cleachtais
  • Gur ag teacht leis an gCód Cleachtais atá aon fhorbairtí nua sa bheartas earcaíochta nó sa chleachtas earcaíochta, mar shampla, nósanna imeachta roghnúcháin nua

3.4 Tuarascálacha a fhoilsiú tar éis iniúchta

3.4.1

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar an toradh ar gach iniúchadh ar a shuíomh Gréasáin: www.cpsa.ie. Foilseoidh an Coimisiún cuntas ar a ghníomhaíocht iniúchóireachta ina thuarascáil bhliantúil freisin.

4.1 Freagracht as prionsabail an Chóid Chleachtais a chur i bhfeidhm

4.1.1

Is ar an sealbhóir oifige atá an fhreagracht agus an chuntasacht as ceapacháin. Ar mhaithe le hionracas an chórais cheapacháin a choimeád, tá an sealbhóir oifige freagrach don Choimisiún as a chinntiú go gcloífear go hiomlán le téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais earcaíochta (nuair is iomchuí), an Chóid Chleachtais seo agus aon treoirlínte eile arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

4.1.2

Féadfaidh sealbhóirí oifige a ndeonaítear ceadúnas earcaíochta dóibh an cúram earcaíochta ar fad nó cuid de a tharmligean chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Sa chás go ndéantar tarmligean den sórt sin, is ar Phríomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a bheidh an fhreagracht, bunaithe ar mhéid an tarmligin, as cloí le téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais earcaíochta, an Chóid Chleachtais seo agus aon treoirlínte eile arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

4.1.3

Féadfaidh sealbhóirí ceadúnais cúnamh a iarraidh ó ghníomhaireachtaí liostaithe earcaíochta i leith roinnt de na cúraimí a bhaineann leis an roghnú faoin gceadúnas earcaíochta ar leith atá acu (tá lánsonraí ar fáil ón gCoimisiún). Is ar an sealbhóir ceadúnais, áfach, atá an fhreagracht aonair as iarrthóirí a roghnú lena gceapadh agus as iarrthóirí a chur ar phainéal lena gceapadh. Sa chás go n-iarrtar cúnamh ó ghníomhaireacht liostaithe earcaíochta, is faoin sealbhóir ceadúnais go fóill a bheidh sé a chinntiú go gcloífidh an ghníomhaireacht sin le téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais earcaíochta, an Chóid Chleachtais seo agus aon treoirlínte eile arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

4.1.4

Féadfaidh dhá eagraíocht nó níos mó próiseas ceapacháin a reáchtáil i gcomhar le chéile. Sa chás sin, ní mór do na sealbhóirí oifige lena mbaineann a chomhaontú roimh ré go mbeidh duine dá gcuid fostaithe freagrach agus cuntasach as a chinntiú go gcloífear go hiomlán le téarmaí agus coinníollacha an Chóid Chleachtais seo agus aon treoirlínte eile arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

4.2 Míniú a thabhairt ar chinntí earcaíochta

Ní mór do dhaoine aonair atá freagrach as próisis earcaíochta agus roghnúcháin bheith in ann a thaispeáint gur chloígh siad le prionsabail earcaíochta an Choimisiúin. Dá réir sin:

  • Ba cheart gach cinneadh ar an gcur chuige a ghlacfar in aon phróiseas ceapacháin bheith soiléir agus follasach
  • Ba cheart próisis roghnúcháin agus cheapacháin bheith taifeadta go hiomlán. Ba cheart córais éifeachtacha bhainistíochta agus socruithe éifeachtacha bainistíochta (lena n-áirítear bainistíocht doiciméad) bheith i bhfeidhm
  • Ba cheart do dhaoine atá freagrach as earcaíocht faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a bpróisis agus tionscnaimh dhearfacha a dhéanamh chun dul i ngleic le haon fhadhbanna a thagann chun cinn
  • Ba cheart taifid a bhainistiú de réir théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003
  • Ní mór gur deimhin le sealbhóirí oifige – agus gur deimhin leis an gCoimisiún ar deireadh – gur cuireadh an próiseas ceapacháin i gcrích i gceart

5.1 Canbhasáil

Má thugann iarrthóirí faoi chanbhasáil, dícháileofar iad agus eisiafar iad ón bpróiseas ceapacháin. (Sampla de chanbhasáil is ea iarracht atá á déanamh ag iarrthóir tacaíocht bhreise a fháil ó dhuine aonair nó ó dhaoine aonair atá bainteach leis an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin ar bhealaí nach bhfuil ar áireamh sa mhodh sonraithe iarratais. D’fhéadfadh an t-iarrthóir sin buntáiste éagórach a ghnóthú dá bharr.)

5.2 Na hoibleagáidí ar iarrthóirí

Ní ceadmhach d’iarrthóirí sa phróiseas earcaíochta:

  • Faisnéis bhréagach a chur ar fáil go feasach nó go místuama
  • Aon duine a chanbhasáil trí mealltaí a thabhairt nó gan mealltaí a thabhairt
  • Cur isteach ar an bpróiseas nó cur as dó ar bhealach ar bith.

Ní ceadmhach do thríú páirtí iarrthóir a phearsanú ag céim ar bith den phróiseas

5.3 Pionóis as mainneachtain cloí leis an gCód Cleachtais

5.3.1

Is ag déanamh ciona atá duine ar bith a sháraíonn na freagrachtaí agus na hoibleagáidí atá leagtha amach i gCuid 5 den Chód Cleachtais seo nó a chabhraíonn le duine eile na forálacha sin a shárú. Dlífear duine den sórt sin a ionchúiseamh, rud a d’fhéadfadh fíneáil nó príosúnacht, nó fíneáil agus príosúnacht, a chur air

5.3.2

Má tá duine a fhaightear ciontach i gcion den sórt sin ina iarrthóir i bpróiseas earcaíochta, dícháileofar é mar iarrthóir agus eisiafar é ón bpróiseas. Má ceapadh duine a fhaightear ciontach i gcion den sórt sin chun poist tar éis an phróisis earcaíochta i gceist, bainfear é den phost sin

Má chreideann an Coimisiún gur cuireadh isteach ar phróiseas ceapacháin nó go ndearnadh iarracht cur isteach ar phróiseas ceapacháin, féadfaidh sé an t-ábhar a imscrúdú nó údarás a thabhairt do dhuine é a imscrúdú thar a cheann. Dá réir sin:

  • Tá dualgas ar shealbhóirí oifige eolas a thabhairt don Choimisiún faoi chur isteach ar bith ar an bpróiseas nó faoi iarracht ar bith a rinneadh cur isteach ar an bpróiseas
  • Sa chás go ndearnadh próiseas earcaíochta a chumhdaítear leis an gCód Cleachtais seo a tharmligean go hiomlán nó go páirteach chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá dualgas ar Phríomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí eolas a thabhairt don Choimisiún faoi chur isteach ar bith ar an bpróiseas nó faoi iarracht ar bith a rinneadh cur isteach ar an bpróiseas
  • Tá dualgas ar ghníomhaireacht liostaithe earcaíochta eolas a thabhairt do shealbhóir an cheadúnais earcaíochta faoi chur isteach ar bith ar an bpróiseas nó faoi iarracht ar bith a rinneadh cur isteach ar an bpróiseas
  • Dlífear fíneáil nó príosúnacht, nó fíneáil agus príosúnacht, a chur ar dhuine a fhaightear ciontach i gcion

Tá ról reachtúil ag an gCoimisiún nósanna imeachta a bhunú agus a mhaoirsiú lena ndéileáiltear le gearáin ó iarrthóirí agus le haon iarrataí ar athbhreithniú ar phróiseas ceapacháin.

Luaitear go sonrach san Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004, áfach, nach bhféadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do shealbhóirí oifige athrú a dhéanamh ar chinneadh a rinneadh le linn próiseas ceapacháin. Fiú i gcásanna ina gcinneann sé nár chomhlíon an sealbhóir oifige na prionsabail atá leagtha amach sa Chód Cleachtais, ní fhéadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar shealbhóir oifige freaschur a dhéanamh ar chinneadh a rinneadh le linn próiseas ceapacháin.

Tar éis dó gearán a scrúdú, féadfaidh an Coimisiún moltaí a dhéanamh, comhairle a thairiscint nó treoir a eisiúint nach mór do shealbhóir oifige a chur san áireamh ina dhiaidh sin nó i bpróisis cheapacháin sa todhchaí.

Iarrthóir nach bhfuil sásta leis an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin, nó le cuid den phróiseas sin, féadfaidh sé ceann amháin den dá nós imeachta seo a leanas a leanúint ach ní fhéadfaidh sé an dá cheann a leanúint.

1. Athbhreithniú ar an bpróiseas a iarraidh

Féadfaidh iarrthóir athbhreithniú a iarraidh ón sealbhóir oifige ar ghníomh nó ar chinneadh a rinneadh i dtaca lena iarratas nach ionann é agus sárú ar an gCód Cleachtais.Leagtar amach i gCuid 7 den Chód seo an bealach cruinn ba cheart d’iarrthóir athbhreithniú ar chinneadh a iarraidh. Leagtar amach ann freisin conas ba cheart déileáil leis an iarraidh.

Níl ról ar bith ag an gCoimisiún i bpróiseas athbhreithnithe a sheoltar de réir Chuid 7 den Chód seo.

2. Gearán a dhéanamh lena líomhnaítear sárú ar an gCód Cleachtais

Is féidir go mbeidh iarrthóir den tuairim go ndearnadh sárú ar Chód Cleachtais an Choimisiúin. Leagtar amach i gCuid 8 an bealach cruinn ba cheart d’iarrthóir gearán a dhéanamh lena líomhnaítear sárú ar an gCód seo. Leagtar amach ann freisin conas ba cheart déileáil leis an ngearán. Ba cheart líomhaintí go ndearnadh na sáruithe sin a chur faoi bhráid an tsealbhóra oifige sa chéad ásc. Más rud é go bhfuil iarrthóir míshásta leis an toradh ar athbhreithniú an tsealbhóra oifige, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisiún ar son an sárú líomhnaithe a scrúdú agus cinneadh an tsealbhóra oifige a athbhreithniú.

Iarrthóir atá ag iarraidh soiléiriú ar an mbonn leis an gcinneadh ar thángthas air maidir lena iarrthóireacht, ba cheart dó an t-aiseolas sin a fháil ón sealbhóir oifige atá i gceannas ar an bpróiseas ceapacháin. Ní gá dó ceann ar bith de na nósanna imeachta dá dtagraítear thuas a ghairm. Táthar ag súil go ndéanfaidh an sealbhóir oifige aon aiseolas den sórt sin a láimhseáil go cuí mar chuid den phróiseas ceapacháin.

Sula gcuireann siad iarraidh ar athbhreithniú isteach de réir Chuid 7 nó sula gcuireann siad gearán isteach de réir Chuid 8, ba cheart d’iarrthóirí a chinneadh cén nós imeachta atá oiriúnach dá gcúinsí.

Sa chás go ndearnadh athbhreithniú ar phróiseas earcaíochta nó roghnúcháin de réir Chuid 7, ní fhéadfaidh gearánach athbhreithniú breise ar an bpróiseas sin a iarraidh de réir Chuid 8 (seachas sna cúinsí is eisceachtúla, ar cúinsí iad a chinnfidh an Coimisiún faoina lánrogha aonair).

Ba cheart do shealbhóirí oifige iad féin a shásamh, a mhéid is féidir, gur ghair an gearánach an nós imeachta cuí nuair atá siad ag glacadh le hiarraidh ar athbhreithniú nó le gearán.

Is féidir fadhbanna a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil leis na nósanna imeachta athbhreithnithe agus gearáin. Molann an Coimisiún gur cheart don sealbhóir oifige, faoi réir comhaontú an iarrthóra a fháil, iarracht a dhéanamh an gearánach a shásamh trí phróiseas neamhfhoirmiúil sula mbaineann sé úsáid as na nósanna imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, sa chás go n-athbhreithnítear próiseas roghnúcháin de réir Chuid 7, nach bhféadfaidh iarrthóir gearán a dhéanamh faoin bpróiseas roghnúcháin sin de réir Chuid 8 freisin, seachas i gcúinsí eisceachtúla. Is é an Coimisiún a chinnfidh na heisceachtaí sin faoina lánrogha féin. Agus a lánrogha á feidhmiú aige, breithneoidh an Coimisiún an réasúnaíocht a bhí taobh thiar de rogha an iarrthóra iarraidh a dhéanamh ar athbhreithniú de réir Chuid 7 den Chód seo ar an gcéad dul síos in ionad gearán a dhéanamh de réir Chuid 8.

Nósanna imeachta sa chás go niarran iarrthóir athbhreithniú ar chinneadh a rinneadh ar a iarratas

7.1 Faisnéis ghinearálta maidir le cinneadh roghnúcháin a athbhreithniú

Is féidir nach mbeidh iarrthóir sásta le gníomh nó le cinneadh a rinne an sealbhóir oifige. Sa chás sin, féadfaidh sé athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh.

7.1.1

Na nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú atá leagtha amach i gCuid 7, tá feidhm acu i gcásanna inar mian le hiarrthóir go ndéanfadh an sealbhóir oifige athbhreithniú ar ghníomh nó ar chinneadh a rinneadh i dtaca lena iarrthóireacht. Is mar a leanas atá na nósanna imeachta agus na caighdeáin atá le glacadh ag an duine atá ag iarraidh an athbhreithnithe agus ag an sealbhóir oifige.

7.1.2

Níl oibleagáid ar bith ar an sealbhóir oifige próiseas ceapacháin a chur ar fionraí le linn dó iarraidh ar athbhreithniú a bhreithniú. Tá an Coimisiún ag súil, áfach, go ndéanfaidh an sealbhóir oifige idirghabháil, nuair is féidir, agus beart cuí a dhéanamh i gcásanna ina gcinneann sé gurb é is dóichí go ndearnadh earráid.

7.1.3

Faoi mar atá amhlaidh i gcás na bpróiseas earcaíochta iad féin, ba cheart do gach páirtí atá ag déileáil le hiarrataí ar athbhreithniú a dhéantar de réir Chuid 7 den Chód seo nósanna imeachta cothroma a chur i bhfeidhm go réasúnta.

7.1.4

Níl de shainchúram an Choimisiúin imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó iarrthóirí nach ionann iad agus sárú ar an gCód Cleachtais.

7.1.5

Tá sé ina riachtanas go bhfuil córais éifeachtacha i bhfeidhm ag sealbhóirí oifige le haghaidh freagairt d’iarrataí ar athbhreithniú. Ní mór do shealbhóirí oifige taifead iomlán a choinneáil ar an gcomhfhreagras ar fad agus ar aon doiciméid ábhartha eile. Áirítear leo sin miontuairiscí cruinnithe, taifid ar ríomhphoist agus nótaí faoi chomhráite teileafóin i dtaca le gach duine de na hiarrthóirí a thagann i láthair le haghaidh cineál measúnaithe ar bith, bíodh siad rathúil nó neamhrathúil.

7.2 An próiseas athbhreithnithe neamhfhoirmiúil

7.2.1

Sa chás go bhfuil sé ag déanamh iarraidh ar athbhreithniú, ní mór don iarrthóir tacaíocht a thabhairt dá iarraidh ach breac-chuntas a thabhairt ar na fíricí a léiríonn, dar leis, gur mícheart a bhí an gníomh a rinneadh nó an cinneadh ar thángthas air. Is féidir go ndiúltófar d’iarraidh ar athbhreithniú mura féidir leis an iarrthóir tacaíocht a thabhairt dá iarraidh.

7.2.2

Molann an Coimisiún gur cheart don sealbhóir oifige féachaint le teagmháil a dhéanamh ar bhonn neamhfhoirmiúil sula mbaineann sé úsáid as an nós imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil sa chás go measann sé go bhféadfaí an t-ábhar a réiteach agus faoi réir chomhaontú an iarrthóra a fháil.

7.2.3

Is féidir leis an gcéim neamhfhoirmiúil seo deis a thabhairt don sealbhóir oifige agus don iarrthóir araon athbhreithniú a dhéanamh ar na tosca ba chúis leis an ngníomh a rinneadh nó leis an gcinneadh ar thángthas air. Má chinneann an sealbhóir oifige gurbh fhéidir go ndearnadh earráid, ba cheart dó bheith in ann idirghabháil thapa a dhéanamh, beart ceartaitheach a dhéanamh nó cur ar fionraí an phróisis cheapacháin a iarraidh. Molann an Coimisiún gur cheart cruinniú nó comhrá teileafóin idir an t-iarrthóir agus ionadaí don sealbhóir oifige a raibh ról tábhachtach aige sa phróiseas roghnúcháin a bheith mar chuid den chéim neamhfhoirmiúil seo.

7.2.4

Ní mór iarraidh ar athbhreithniú neamhfhoirmiúil ar an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin a dhéanamh laistigh de chúig lá oibre ó fhógra a fháil faoin gcinneadh.

7.2.5

Féadfaidh iarrthóir athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinneadh am ar bith agus an próiseas roghnúcháin fós ar siúl. Mar sin féin, ní mór iarraidh ar athbhreithniú a bhaineann le céim eatramhach de phróiseas roghnúcháin a bheith faighte laistigh de dhá lá oibre ón gcinneadh a fháil. Tá sé sin ina riachtanas chun a chinntiú go bhféadfaidh an sealbhóir oifige idirghabháil a dhéanamh má mheasann sé gurb é is dóichí go ndearnadh earráid le linn an phróisis cheapacháin.

7.2.6

Ní mór don sealbhóir oifige an t-athbhreithniú neamhfhoirmiúil a dhéanamh gan mhoill. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a sheoladh laistigh de thréimhse ama lena gcinntítear go bhféadfaidh an t-iarrthóir an nós imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil a rochtain laistigh den tréimhse shonraithe freisin, más mian leis déanamh amhlaidh.

7.2.7

Má tá iarrthóir míshásta fós tar éis plé neamhfhoirmiúil den sórt sin, féadfaidh sé na nósanna imeachta foirmiúla atá leagtha amach i gCuid 7 a ghlacadh. Más mian leis an iarrthóir go ndéileálfaí leis an ábhar trí bhíthin athbhreithniú foirmiúil, ní mór dó é a iarraidh laistigh de dhá lá oibre ó fhógra a fháil faoin toradh ar an athbhreithniú neamhfhoirmiúil.

7.3 An nós imeachta maidir le hathbhreithniú foirmiúil ar phróiseas roghnúcháin

Féadfaidh iarrthóir athbhreithniú foirmiúil ar phróiseas roghnúcháin agus ceapacháin a iarraidh. Is mar a leanas atá na nósanna imeachta agus na caighdeáin atá le leanúint ag an ngearánach agus ag an sealbhóir oifige maidir le hiarrataí ar athbhreithniú foirmiúil.

7.3.1

Ní mór don iarrthóir na hábhair imní a bhí aige faoin bpróiseas a phlé i scríbhinn chuig an sealbhóir oifige, agus breac-chuntas á thabhairt aige ar na fíricí a léiríonn, dar leis, gur mícheart a bhí gníomh a rinneadh nó cinneadh ar thángthas air. Is féidir go ndiúltófar d’iarraidh ar athbhreithniú foirmiúil mura féidir leis an iarrthóir tacaíocht a thabhairt dá iarraidh.

7.3.2

Ní mór iarraidh ar athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre ó fhógra faoin gcinneadh roghnúcháin a bheith faighte ag an iarrthóir. Mar sin féin, sa chás go mbaineann an cinneadh le céim eatramhach de phróiseas roghnúcháin, ní mór an iarraidh ar athbhreithniú foirmiúil a bheith faighte laistigh de cheithre lá oibre. Tá sé sin ina riachtanas chun a chinntiú go bhféadfaidh an sealbhóir oifige idirghabháil a dhéanamh má mheasann sé gurb é is dóichí go ndearnadh earráid le linn an phróisis cheapacháin.

7.3.3

Ní dheonófar síneadh leis na teorainneacha sonraithe ama ach sna cúinsí is eisceachtúla agus faoi lánrogha aonair an tsealbhóra oifige.

7.3.4

Ba cheart don sealbhóir oifige admháil i scríbhinn á rá go bhfuarthas an iarraidh a eisiúint chuig an iarrthóir laistigh de thrí lá oibre ón iarraidh ar athbhreithniú foirmiúil a fháil.

7.3.5

Ba cheart do dhuine aonair nach raibh baint dhíreach aige leis an gcinneadh i gceist an t-athbhreithniú ar an gcás a dhéanamh.

7.3.6

Ba cheart don duine nó do na daoine atá ag déanamh an athbhreithnithe fhoirmiúil (“an t-athbhreithnitheoir” nó “na hathbhreithnitheoirí”) aon aighneachtaí i scríbhinn a rinne an t-iarrthóir agus an fhaisnéis ábhartha eile ar fad a bhreithniú. Áirítear leis an bhfaisnéis sin aon ríomhphoist, aon nótaí nó aon mheabhráin atá i seilbh an tsealbhóra oifige i leith an phróisis roghnúcháin.

7.3.7

Nuair is gá, féadfaidh an t-athbhreithnitheoir, chun tuilleadh faisnéise a fháil, labhairt le pearsanra an tsealbhóra oifige atá bainteach leis an bpróiseas roghnúcháin agus labhairt leis an iarrthóir. 7.3.8 Ní mór fógra a thabhairt don iarrthóir faoi thoradh an athbhreithnithe fhoirmiúil laistigh de 25 lá ón iarraidh a bheith faighte ag an sealbhóir oifige. Sa chás nach dtagtar ar chinneadh ar an imscrúdú laistigh den tréimhse sin, ní mór don athbhreithnitheoir an t-iarrthóir a choinneáil ar an eolas faoi stádas an athbhreithnithe agus faoi na cúiseanna leis an moill.

7.4 Eisiamh ó ghearán breise a dhéanamh de réir Chuid 8 den Chód Cleachtais seo

Sa chás go ndearnadh athbhreithniú foirmiúil ar phróiseas earcaíochta agus roghnúcháin de réir Chuid 7 den Chód Cleachtais seo, ní fhéadfaidh gearánach athbhreithniú breise ar an bpróiseas sin a iarraidh de réir Chuid 8, seachas sna cúinsí is eisceachtúla, ar cúinsí iad a chinnfidh an Coimisiún faoina lánrogha aonair. Agus a lánrogha á feidhmiú aige, breithneoidh an Coimisiún an réasúnaíocht a bhí taobh thiar de rogha an iarrthóra iarraidh a dhéanamh ar athbhreithniú foirmiúil de réir Chuid 7 ar an gcéad dul síos in ionad gearán a dhéanamh de réir Chuid 8.

Nósanna imeachta maidir le líomhaintí go ndearnadh sárú ar an gCód Cleachtais

8.1 Faisnéis ghinearálta maidir le gearán a dhéanamh

8.1.1

Is féidir go mbeidh iarrthóir den tuairim go ndearna sealbhóir oifige sárú ar an gCód Cleachtais a d’fhéadfadh cur isteach ar ionracas an chinnidh ar thángthas air sa phróiseas ceapacháin. Cuirtear ar chumas iarrthóirí (nó iarrthóirí féideartha) leis an bpróiseas gearáin gearán a dhéanamh leis an sealbhóir oifige sa chéad ásc agus leis an gCoimisiún ar achomharc ina dhiaidh sin má tá siad míshásta fós.

8.1.2

Níl oibleagáid ar bith ar an sealbhóir oifige próiseas ceapacháin a chur ar fionraí le linn dó gearán a bhreithniú. Tá an Coimisiún ag súil, áfach, go ndéanfaidh an sealbhóir oifige idirghabháil, nuair is féidir, i gcásanna ina gcinneann sé gurb é is dóichí go ndearnadh earráid.

8.1.3

Is féidir go gcinnfidh an Coimisiún nár chloígh an sealbhóir oifige leis na caighdeáin atá leagtha amach i bprionsabail an Chóid Chleachtais seo. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún moltaí a dhéanamh, comhairle a thairiscint nó treoir a eisiúint nach mór do shealbhóir oifige a chur san áireamh i bpróisis cheapacháin sa todhchaí. Ní fhéadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do shealbhóir oifige freaschur a dhéanamh ar chinneadh a rinneadh le linn an phróisis cheapacháin.

8.1.4

Ba cheart líomhaintí go ndearnadh sáruithe ar an gCód Cleachtais seo a chur in iúl i scríbhinn, agus laistigh de thréimhse réasúnta, don sealbhóir oifige sa chéad ásc. Ní mór don ghearánach breac-chuntas a thabhairt ar na fíricí a léiríonn, dar leis, gur mícheart a bhí an próiseas a leanadh. Ní mór don ghearánach an ghné den Chód a ndearnadh sárú uirthi, dar leis, a ainmniú. Féadfar diúltú do ghearán mura féidir leis an ngearánach tacaíocht a thabhairt dá líomhaintí ach breac-chuntas a thabhairt ar an dóigh nár chomhlíon an sealbhóir oifige prionsabail an Chóid seo.

8.1.5

Faoi mar atá amhlaidh i gcás na bpróiseas earcaíochta iad féin, ba cheart do gach páirtí atá ag déileáil le gearáin nósanna imeachta cothroma a chur i bhfeidhm go réasúnta.

8.1.6

Ní ghlacfaidh an Coimisiún le gearán faoi shárú féideartha ar an gCód Cleachtais ach sa chás gur scrúdaigh an sealbhóir oifige é sa chéad ásc agus go bhfuil an gearánach míshásta le toradh an scrúdaithe sin.

8.2 An próiseas gearáin neamhfhoirmiúil

8.2.1

Is féidir go mbeidh fonn ar iarrthóir gearán a dhéanamh lena líomhnaítear sárú ar an gCód Cleachtais. Sa chás go bhfaightear an gearán laistigh de thréimhse réasúnta ama agus go measann an sealbhóir oifige go bhféadfaí an t-ábhar a réiteach, molann an Coimisiún gur cheart don sealbhóir oifige féachaint le teagmháil a dhéanamh leis an ngearánach ar bhonn neamhfhoirmiúil sula mbaineann sé úsáid as an nós imeachta gearáin fhoirmiúil atá leagtha amach i gCuid 8.

8.2.2

Is féidir leis an gcéim neamhfhoirmiúil seo deis a thabhairt don sealbhóir oifige agus don ghearánach araon athbhreithniú a dhéanamh ar an dóigh ar seoladh an próiseas ceapacháin. Má chinneann athbhreithnitheoir neamhfhoirmiúil an tsealbhóra oifige gurbh fhéidir go ndearnadh earráid, d’fhéadfadh sé bheith in ann idirghabháil thapa a dhéanamh chun beart ceartaitheach a dhéanamh nó cur ar fionraí an phróisis cheapacháin a iarraidh. Níl oibleagáid ar bith ar an sealbhóir oifige próiseas ceapacháin a chur ar fionraí le linn dó gearán neamhfhoirmiúil a bhreithniú. Tá an Coimisiún ag súil, áfach, go ndéanfaidh an sealbhóir oifige idirghabháil i gcásanna ina gcinneann sé gurb é is dóichí go ndearnadh earráid.

8.2.3

Molann an Coimisiún gur cheart cruinniú nó comhrá teileafóin idir an gearánach agus ionadaí don sealbhóir oifige a bheith mar chuid den chéim neamhfhoirmiúil seo. Ba cheart don ionadaí don sealbhóir oifige a bheith ina dhuine aonair a raibh ról tábhachtach aige sa chinneadh roghnúcháin. Ní mór don sealbhóir oifige an t-athbhreithniú neamhfhoirmiúil a dhéanamh gan mhoill.

8.2.4

Sa chás nach mian le gearánach tabhairt faoi phróiseas neamhfhoirmiúil nó go bhfuil sé míshásta fós tar éis plé neamhfhoirmiúil den sórt sin, féadfaidh sé na nósanna imeachta foirmiúla atá leagtha amach i gCuid 8 a ghlacadh. Más mian leis an iarrthóir go ndéileálfaí leis an ábhar trí bhíthin gearán foirmiúil a dhéanamh, ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de dhá lá oibre ó fhógra a fháil faoin gcinneadh tosaigh (nó faoin toradh ar an nós imeachta gearáin neamhfhoirmiúil).

8.3 An nós imeachta maidir le gearán foirmiúil a dhéanamh leis an sealbhóir oifige

Is féidir nach mbeidh fonn ar iarrthóir an próiseas gearáin neamhfhoirmiúil a leanúint nó is féidir go mbeidh sé míshásta leis an toradh ar scrúdú neamhfhoirmiúil a ghearáin. Sa chás sin, féadfaidh an t-iarrthóir gearán foirmiúil a dhéanamh. Is mar a leanas atá na caighdeáin agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag an ngearánach agus ag an sealbhóir oifige maidir le gearáin fhoirmiúla lena líomhnaítear sáruithe ar an gCód Cleachtais.

8.3.1

Ní mór gearán foirmiúil faoi shárú ar an gCód Cleachtais a dhéanamh i scríbhinn leis an sealbhóir oifige gan mhoill. Ba cheart don ghearánach sonraí faoin líomhain a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt di le fíricí a léiríonn, dar leis, an dóigh a ndearnadh sárú ar phrionsabail an Chóid.

8.3.2

Ba cheart don sealbhóir oifige admháil i scríbhinn á rá go bhfuarthas an gearán a eisiúint chuig an ngearánach laistigh de thrí lá oibre ón ngearán foirmiúil a fháil.

8.3.3

Ba cheart do dhuine aonair nach raibh baint dhíreach aige leis an bpróiseas ceapacháin i gceist an gearán a athbhreithniú. Breithneoidh an duine nó na daoine atá ag déanamh an athbhreithnithe (“an t-athbhreithnitheoir” nó “na hathbhreithnitheoirí”) an fhaisnéis ar fad atá ábhartha don ghearán. Áirítear leis an bhfaisnéis sin aon ríomhphoist, aon nótaí nó aon mheabhráin ar ullmhaigh pearsanra an tsealbhóra oifige iad agus aon doiciméid ábhartha a chuir an gearánach ar fáil. Féadfaidh an t-athbhreithnitheoir, chun tuilleadh faisnéise a fháil, labhairt nó bualadh le pearsanra an tsealbhóra oifige atá ábhartha don ghearán agus labhairt nó bualadh leis an ngearánach.

8.3.4

Ní mór eolas a thabhairt don ghearánach faoin toradh ar imscrúdú an tsealbhóra oifige ar ghearán foirmiúil laistigh de 25 lá oibre ón ngearán a fháil. Sa chás nach dtagtar ar chinneadh ar an imscrúdú laistigh den tréimhse sin, ní mór don sealbhóir oifige an gearánach a choinneáil ar an eolas faoi stádas an athbhreithnithe agus faoi na cúiseanna leis an moill.

8.3.5

Le linn dó eolas a thabhairt don ghearánach faoin toradh ar an bpróiseas gearáin fhoirmiúil, ba cheart don sealbhóir oifige a chur in iúl don ghearánach freisin go bhféadfaidh sé athbhreithniú breise a iarraidh, má tá sé míshásta fós, ach an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh an gearánach achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh a rinne an sealbhóir oifige ar an ngearán foirmiúil. Ní mór don sealbhóir oifige a lua go soiléir freisin nach mór achomharc ar bith den sórt sin a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 10 lá oibre ón toradh ar chinneadh an tsealbhóra oifige ar an ngearán a bheith faighte ag an ngearánach.

8.3.6

Táthar ag súil go n-éascóidh sealbhóirí oifige an Coimisiún ina athbhreithniú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Cleachtais. Ní mór do shealbhóirí oifige taifead iomlán a choinneáil ar an gcomhfhreagras ar fad agus ar aon doiciméid ábhartha i dtaca leis an ngearán. Áirítear leo sin miontuairiscí cruinnithe, taifid ar ríomhphoist, nótaí faoi chomhráite teileafóin nó faoi chruinnithe eile agus na doiciméid ar fad a chuir an gearánach ar fáil.

8.4 An nós imeachta maidir le hachomharc a dhéanamh chuig an gCoimisiún in aghaidh chinneadh an tsealbhóra oifige ar ghearán foirmiúil

Is féidir nach mbeidh iarrthóir sásta leis an gcinneadh a rinne an sealbhóir oifige ar an ngearán foirmiúil. Sa chás sin, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisiún ar son athbhreithniú ar an gcinneadh. Is mar a leanas atá na nósanna imeachta agus na caighdeáin atá le glacadh ag an gCoimisiún agus é ag déileáil le hachomharc tar éis gearán a fháil lena líomhnaítear sáruithe ar an gCód Cleachtais.

8.4.1

Achomharc chuig an gCoimisiún, tar éis gearán a fháil lena líomhnaítear sárú ar an gCód Cleachtais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 10 lá oibre ón bhfógra faoi chinneadh an tsealbhóra oifige ar an ngearán foirmiúil a bheith faighte ag an iarrthóir.

8.4.2

Nuair atá achomharc á dhéanamh, ba cheart sonraí faoin bhforas leis an achomharc a chur ar fáil mar aon le fíricí tacaíochta nó doiciméid ábhartha a léiríonn, dar leis an ngearánach, an dóigh a ndearnadh sárú ar phrionsabail an Chóid. Ba cheart don iarrthóir aon doiciméid a chuir an sealbhóir oifige ar fáil dó i dtaca leis an ngearán bunaidh a thabhairt freisin laistigh den tréimhse shonraithe, go háirithe tuarascáil an tsealbhóra oifige ar a imscrúdú ar an ngearán foirmiúil.

8.4.3

Eiseoidh an Coimisiún admháil laistigh de thrí lá oibre á rá go bhfuarthas achomharc an iarrthóra.

8.4.4

Tabharfaidh rúnaíocht an Choimisiúin eolas don ghearánach laistigh de dhá sheachtain ina dhiaidh sin faoin tréimhse mheasta a thógfaidh a scrúdú ar an ngearán bunaidh.

8.4.5

Tabharfar fógra i scríbhinn don ghearánach agus don sealbhóir oifige faoin toradh ar scrúdú an Choimisiúin ar an ngearán bunaidh. Ní féidir tréimhse chruinn a mheas le haghaidh an t-imscrúdú a sheoladh agus an tuarascáil i scríbhinn a chur i gcrích. Mar sin féin, coinneoidh an Coimisiún an gearánach agus an sealbhóir oifige ar an eolas faoi stádas an athbhreithnithe agus faoi na cúiseanna le haon mhoilleanna a bhfuiltear ag teacht orthu.

8.4.6

Bunóidh an Coimisiún a chinneadh ar aon fhaisnéis i scríbhinn atá ar fáil maidir leis an ábhar nó ar aon aighneachtaí i scríbhinn a chuirtear faoina bhráid. Ní dhéanann an Coimisiún agallaimh de ghnáth ach d’fhéadfadh sé déanamh amhlaidh má mheasann sé go bhfuil siad riachtanach, ag féachaint do chúinsí ar leith an cháis.

8.4.7

Cinneadh críochnaitheach is ea cinneadh an Choimisiúin. Ní bhreithneoidh an Coimisiún aon teachtaireacht bhreise ó na páirtithe i ngearán a bhaineann le hábhair a d’imscrúdaigh sé cheana féin, leis an dóigh ar scrúdaíodh iad nó leis na conclúidí ar thángthas orthu.

8.4.8

Féadfar agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanann an Coimisiún trí bhíthin Athbhreithniú Breithiúnach.

8.4.9

Féadfaidh an Coimisiún cibé beart a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh sa chás go measann sé go raibh mainneachtain ann cloí leis an gCód Cleachtais, de réir fhorálacha an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004. Áirítear le beart den sórt sin ceadúnas earcaíochta a chúlghairm, nuair is cuí.

8.4.10

I modh rúin a dhéileálfaidh an Coimisiún le gach gearán. Ní eiseoidh an Coimisiún chuig tríú páirtithe sonraí faoi líomhaintí duine aonair ná sonraí faoina fhreagra ar na líomhaintí sin. D’fhéadfadh, áfach, go ndéanfaí téamaí coiteanna a thagann aníos i ngearáin agus an cur chuige arna ghlacadh ag an gCoimisiún chun déileáil leo a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin ag www.cpsa.ie ó am go chéile agus gan ainm a chur leo.

9.1 Réamhrá

9.1.1

D’fhéadfadh go mbeadh na daoine seo i gceist le “Custaiméirí” dá dtagraítear i gCuid 9: • Iarrthóirí nó iarrthóirí féideartha ar phoist • Daoine aonair a bhfuil athbhreithniú á iarraidh acu de réir Chuid 7 den Chód Cleachtais seo • Daoine aonair a bhfuil gearán á dhéanamh acu de réir Chuid 8 den Chód Cleachtais seo

9.1.2

Le linn an phróisis roghnúcháin agus cheapacháin, táthar ag súil go gcuirfidh an Coimisiún agus sealbhóirí oifige faisnéis mhionsonraithe ar fáil d’iarrthóirí ar bhealach tráthúil. Ní mór don Choimisiún agus do shealbhóirí oifige caitheamh le custaiméirí go múinte freisin.

9.1.3

Tuigeann an Coimisiún go gcaitheann iarrthóirí méid suntasach ama, dua agus fuinnimh agus iad ag ullmhú le haghaidh na gcéimeanna difriúla de phróiseas ceapacháin agus go bhféadfadh go mbeidís faoi strus lena linn. I bhformhór na gcásanna, is ar bhealach réasúnta agus gairmiúil a idirghníomhaíonn custaiméirí leis na sealbhóirí oifige agus leis an gCoimisiún. Ar an drochuair, is féidir go nglacfaidh líon beag custaiméirí cur chuige neamhréasúnta le linn dóibh a ngearán nó a n-iarrataí ar athbhreithniú a phlé.

9.1.4

Níl an Coimisiún ag súil go gcuirfidh sealbhóirí oifige nó a fhoireann féin le hiompraíochtaí atá gránna, maslach nó bagrach.

9.1.5

Níl an Coimisiún ag súil go gcaithfear méid díréireach ama agus acmhainní ar dhuine aonair amháin nuair a bheifear ag tabhairt freagra ar iarraidh amháin nó ar shraith iarrataí ar athbhreithniú ar chinneadh roghnúcháin

9.2 Cineálacha iompair a mheastar gurb ionann iad agus “iompar neamhréasúnta custaiméara”

Is mar a leanas atá na cineálacha iompraíochta a mheasann an Coimisiún gurb ionann iad agus “iompar neamhréasúnta custaiméara”.

9.2.1

Dianseasmhacht neamhréasúnta nuair atáthar ag plé saincheist nó sraith saincheisteanna leis an sealbhóir oifige, mar shampla sa chás go ndéanann an custaiméir:

  • A éileamh go ndéanfaidh oifigeach eile athbhreithniú breise ar shaincheist
  • Saincheist a chur in iúl ar bhealach difriúil chun í a chur i láthair mar ghearán nua
  • Leanúint le hargóint ar tugadh aghaidh uirthi cheana féin
  • Méid díréireach ama agus acmhainní de chuid an Choimisiúin nó an tsealbhóra oifige a thógáil trí phatrún cumarsáide atá neamhréasúnta nó in-sainaitheanta go soiléir

9.2.2

Easpa neamhréasúnta comhair innuair atáthar ag cur gearán i láthair, mar shampla sa chás go ndéanann an gearánach:

• Faisnéis a chur i láthair ar bhealach mí-eagraithe go seasta

• Mainneachtain an gearán a chur i láthair go soiléir

• Méideanna móra ábhair a chur i láthair gan ghá lena scrúdú

• A bheith ag súil go bhfaighidh sé freagraí láithreacha ar iarrataí nó ar theachtaireachtaí

• An gearán a athrú le linn an t-athbhreithniú nó an t-imscrúdú ar an ngearán á dhéanamh

9.2.3

Argóintí neamhréasúnta a bheith á ndéanamh ag an gCustaiméir, mar shampla sa chás go ndéanann sé:

  • Áibhéil faoi shaincheisteanna
  • Argóintí neamhábhartha nó míloighciúla a chur i láthair an tsealbhóra oifige nó an Choimisiúin
  • An iomarca béime a leagan ar mhionsonraí nach bhfuil tábhachtach
  • A éileamh go nglacfaí leis gur fíor atá a chur síos ar imeachtaí sa chás nach bhfuil aon fhianaise oibiachtúil ann a thacaíonn leis an gcur síos sin
  • Diúltú do na hargóintí a chuireann an sealbhóir oifige nó an Coimisiún ar aghaidh mar fhreagra a bhreithniú
  • Ráitis a thabhairt nach féidir leis an iarrthóir iad a chruthú ná tacaíocht a thabhairt dóibh ar shlí eile
  • Macántacht agus ionracas daoine aonair eile a cheistiú go héagórach nó go míchuí

9.2.4

Iompraíocht neamhréasúnta ag an gcustaiméir, lena n-áirítear:

  • Íde béil a thabhairt don sealbhóir oifige, dá fhoireann nó d’fhoireann an Coimisiún
  • Iompar mímhúinte nó ionsaitheach
  • Bagairtí foréigin
  • Iompar mímhúinte nó ionsaitheach

9.3 Nithe nach mór a bhreithniú sula dtéitear i mbun birt chun déileáil le hiompar neamhréasúnta custaiméara

Aithníonn an Coimisiún go bhféadfadh drochthoradh a bheith ann don duine aonair dá rangófaí a iompar a bheith “neamhréasúnta”. Sula gcinneann sé cé acu ba cheart aon srianta iarmhartacha a chur i bhfeidhm maidir leis an gcustaiméir, ní mór don Choimisiún nó don sealbhóir oifige a chinntiú:

  • Gur déileáladh leis an ngearán bunaidh nó leis an iarraidh ar athbhreithniú breithiúnach go hiomlán agus ar aon dul le forálacha an Chóid seo
  • Gur cuí agus comhréireach atá aon bhearta den sórt sin, agus aird á tabhairt ar dhonas na n-iompraíochtaí i gceist

9.4 An nós imeachta maidir le déileáil le hiompar neamhréasúnta custaiméara

9.4.1

Sa chás go measann an Coimisiún nó an sealbhóir oifige gur neamhréasúnta atá iompraíocht custaiméara, ba cheart dó a chur in iúl don chustaiméir ar an gcéad dul síos cén fáth ar measadh a iompraíocht a bheith neamhréasúnta agus ba cheart dó moladh a thabhairt don chustaiméir an iompraíocht sin a athrú. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh go mbreithneodh an Coimisiún nó an sealbhóir oifige coigeartuithe féideartha a dhéanamh ar a sheirbhís, rud a chabhródh leis an gcustaiméir iompraíocht neamhréasúnta a sheachaint sa todhchaí. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis na coigeartuithe sin ar na seirbhísí:

  • Iarraidh ar an duine aonair teagmháil a dhéanamh i riocht amháin ar leith, mar shampla trí litir
  • A éileamh nach ndéantar teagmháil ach le hoifigeach ainmnithe
  • Gan glaonna teileafóin ón duine aonair a cheadú ach ar laethanta sonraithe agus laistigh de thréimhsí sonraithe
  • Teorainn a chur le rochtain ar oifigí na heagraíochta
  • Iarraidh ar an gcustaiméir dul isnteach i gcomhaontú faoina iompar sa todhchaí

9.4.2

Má leantar leis an iompraíocht neamhréasúnta, d’fhéadfadh go rachadh an Coimisiún i mbun birt chun teagmháil an chustaiméara a shrianadh. Ní mór an cinneadh ar rochtain a shrianadh a dhéanamh ar leibhéal lena mbaineann an tsinsearacht chuí. D’fhéadfadh go n-áireofaí le beart den sórt sin: • Iarraidh ar an duine aonair teagmháil a dhéanamh i riocht amháin ar leith, mar shampla trí litir:

  • A éileamh nach ndéantar teagmháil ach le hoifigeach ainmnithe
  • Gan glaonna teileafóin ón duine aonair a cheadú ach ar laethanta sonraithe agus laistigh de thréimhsí sonraithe
  • Teorainn a chur le rochtain ar oifigí na heagraíochta
  • Iarraidh ar an gcustaiméir dul isteach i gcomhaontú faoina iompar sa todhchaí
  • Diúltú do ghearán nó d’iarraidh ar athbhreithniú a leanúint
  • Deireadh a chur leis an teagmháil ar fad leis an ngearánach

9.4.3

Ní mór cinneadh ar dheireadh a chur leis an teagmháil ar fad le custaiméir a bheith doiciméadaithe go hiomlán agus a bheith déanta le cead ón bPríomhfheidhmeannach, ón Ard-Rúnaí nó ó shealbhóir oifige coibhéiseach san eagraíocht.

9.4.4

Ní uileghabhálach atá na samplaí de roghanna le haghaidh srianadh atá tugtha i gCuid 9.4.2. Is minic a bhaineann tosca áitiúla nó tosca eile le hábhar nuair atáthar ag déanamh cinneadh ar an mbeart cuí atá le déanamh.

9.4.5

Cuirfidh an Coimisiún nó an sealbhóir oifige in iúl don chustaiméir i scríbhinn cén fáth ar rangaíodh a iompraíocht a bheith neamhréasúnta agus leagfaidh sé amach an cur chuige beartaithe

9.4.6

Beag beann ar iompraíocht an chustaiméara, táthar ag súil go ngníomhóidh baill foirne go measúil agus iad ag déileáil leis an ngearánach agus go ngníomhóidh siad go neamhchlaon i dtaca leis an ábhar arna ardú.

9.5 Athbhreithniú ar shrianta a fhorchuirtear as iompar neamhréasúnta custaiméara

Le linn dó srian a chur le rochtain duine aonair ar eagraíocht, sonróidh an Coimisiún nó an sealbhóir oifige dáta ar a ndéanfar an cás a athbhreithniú. Cuirfear deireadh leis na srianta ansin mura bhfuil foras ann leis na srianta a leathnú tuilleadh.

9.6 An ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an nós imeachta maidir le déileáil le hiompar neamhréasúnta custaiméara

Custaiméirí atá míshásta leis an dóigh ar chuir sealbhóir oifige an beartas um iompar neamhréasúnta i bhfeidhm, féadfaidh siad an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú de réir Chuid 8 den Chód seo.

Is é an t-aire rialtais lena mbaineann atá freagrach as na hábhair go léir a bhaineann le hearcaíocht. Áirítear leo sin critéir incháilitheachta, téarmaí agus coinníollacha agus úsáid na Gaeilge nó eolas uirthi.

Aguisín A Poist Eisiata

Níl feidhm ag an gCód Cleachtais seo maidir le roinnt post, lena n-áirítear

  • Ceapacháin chun post arna mbunú faoi Bhunreacht na hÉireann • Ceapacháin chun na bpost sin atá ar áireamh sa sainmhíniú ar “sealbhóir oifige” in alt 2 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, is iad sin:
    • Airí den Rialtas agus Airí Stáit
    • An tArd-Aighne
    • Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann agus Cathaoirleach nó Leas- Chathaoirleach Sheanad Éireann
    • Cathaoirleach Coiste de cheachtar Teach den Oireachtas
    • Cathaoirleach Coiste nó Cathaoirleach Comhchoiste den dá Theach den Oireachtas
    • Ceapacháin de chuid an Uachtaráin
    • Ceapacháin de chuid an Rialtais
    • Oifigeach de Thithe an Oireachtais
    • Comhairleoir Speisialta, de réir bhrí alt 19 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995
    • Poist neamhbhunaithe a chruthaítear le leas an phobail
    • Poist atá ainmnithe mar ghairmeacha sceidealaithe faoin Acht

Aguisín B Sainmhíniú ar Théarmaí

Sa Chód Cleachtais seo, tá sainmhínithe sonracha ar théarmaí áirithe. Tá siad mar a leanas:

Ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004. Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

Ciallaíonn “ceapachán” roghnú agus fostú duine chun post a chomhall laistigh de na heagraíochtaí atá faoi réir údarás agus raon feidhme an Choimisiúin.

Ciallaíonn “Coimisiún” an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

Ciallaíonn “sealbhóir ceadúnais” duine ar deonaíodh ceadúnas earcaíochta dó.

Ciallaíonn “Aire” an t-aire rialtais lena mbaineann, mar atá leagtha amach in alt 58 den Acht.

Ciallaíonn “sealbhóir oifige” ceann roinne, oifige, comhlachta nó eagraíochta.

D’ullmhaigh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí an Cód Cleachtais seo (Uimh. 01/17) de réir fhorálacha ailt 23 agus 24 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004.

Féadfaidh an Coimisiún an Cód Cleachtais seo a chúlghairm nó a leasú mar is cuí leis.

Féadfaidh an Coimisiún cibé beart a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh sa chás go gcreideann sé go raibh mainneachtain ann cloí le téarmaí an Chóid Chleachtais seo.