Cabhraíonn an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, le heolas a thabhairt don phobal faoi cé na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh acu, faoi cé na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu agus faoi cé na nithe a bhfuil brústocaireacht á déanamh ina dtaobh. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.lobbying.ie.

Ní mór do sholáthraithe seirbhíse poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe a fhoilsiú chun:

  • ainm na n-oifigeach poiblí ainmnithe a sholáthar don phobal
  • liosta is féidir leo a úsáid le haghaidh tuairisceán a chomhdú chuig an gClár a sholáthar do bhrústocairí

Is í Elaine Cassidy Uas., an tArd-Stiúrthóir, an t-oifigeach poiblí ainmnithe in Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.