Réamhrá

Cuirtear faisnéis ar fáil duit san Fhógra seo maidir leis na sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

Léiríonn an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí meas iomlán ar an gceart i leith príobháideachais atá agat. Caithfear le do shonraí pearsanta de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí.

Baintear úsáid san Fhógra seo as focail nó téarmaí áirithe a bhfuil ciall ar leith acu faoin RGCS agus faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Féach an mhír Sainmhíniú san Fhógra seo chun teacht ar mhíniú nó sainmhíniú ar na focail.

Cé sinn féin agus cé a rialaíonn do shonraí?

Tá do shonraí pearsanta á gcoimeád ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (nó ‘an CCSP’ san fhógra seo), arb é sin an rialaitheoir sonraí chun críocha an RGCS agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Ball den CCSP é an tOmbudsman. Déantar seirbhísí nó saoráidí áirithe ‘intí’ de chuid an CCSP a chomhroinnt le hOifig an Ombudsman – i measc na seirbhísí seo, mar shampla, tá seirbhísí corparáideacha, airgeadas agus TF. Comhrialaitheoir í Oifig an Ombudsman, ar an ábhar sin, a mhéid atá sonraí a bhaineann leis na seirbhísí comhroinnte siúd i gceist.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2. DO2 W773.

Guthán: (01) 639 5750

Ríomhphost: info@cpsa.ie

An tOifigeach Cosanta Sonraí

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Ríomhphost: dataprotection@ombudsman.ie

Guthán: (01) 639 5645

Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, DO2 W773.

Ainmnítear an tOifigeach Cosanta Sonraí le hOifig an Ombudsman, OCF, OCFC, an CCOP, an CCSP agus an Coimisiún Reifrinn.

Do shonraí pearsanta agus conas a bhailímid iad

Cuireann tú féin méid an-mhór de na sonraí pearsanta ar fáil atá á gcoimeád againn fút nuair a chuireann tú glao orainn, nuair a sheolann tú litreacha agus ríomhphoist chugainn agus nuair a dhéanann tú cumarsáid eile linn.

Coimeádaimid sonraí pearsanta freisin a sholáthair duine eile nó a sholáthair duine eile thar do cheann. Nuair a tharlaíonn é seo, cuirtear sonraí breise ar fáil thíos.

Braithfidh na sonraí pearsanta a choimeádaimid agus an áit as a dtagann siad ar shaghas an idirghníomhaithe a dhéanann tú linn.

Daoine a bhfuil gearán á dhéanamh acu faoi Mhír 8 den Chód Cleachtais

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann iarraidh faoi Mhír 8 den Chód Cleachtais. Braithfidh saghas na sonraí a choimeádaimid ar an gcás ar leith, ach is féidir do shonraí seo a leanas a bheith san áireamh: sonraí teagmhála; faisnéis faoi iarratas; nótaí agallaimh/measúnaithe; stair fostaíochta; cáilíochtaí; teistiméireachtaí; taifid acmhainní daonna (AD) (CBFF, cásanna a tionscnaíodh faoin mBeartas maidir le Bulaíocht agus Ciapadh agus/nó nósanna imeachta casaoide); cásanna dlí a tionscnaíodh in aghaidh fostóirí; gearáin a dhéantar tríd an CCÁO. Is féidir a áireamh leis na sonraí siúd sonraí sláinte, sonraí a bhaineann le creidimh reiligiúnacha nó pholaitiúla agus na sonraí siúd a bhaineann le ciontuithe nó cionta coiriúla is féidir a nochtadh.

Is é an t-ábhar sonraí (an duine a mbaineann an fhaisnéis leis/léi) nó an comhlacht poiblí a sholáthraíonn na sonraí seo.

Daoine eile a bhfuil baint acu i bpróiseas roghnaithe faoi réir gearáin Mhír Alt 8 den Chód Cleachtais.

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine eile a bhfuil baint acu i bpróiseas roghnaithe a bhí mar ábhar gearáin faoi Mhír 8 den Chód Cleachtais. Is féidir a áireamh leis seo iarratasóirí eile, baill de bhord roghnaithe agus foireann an chomhlachta phoiblí atá bainteach leis an bpróiseas a riar.

Is féidir a áireamh leis na sonraí a choimeádaimid do shonraí seo a leanas: sonraí teagmhála; nótaí agallaimh/ measúnaithe; faisnéis faoi iarratas; stair fostaíochta; cáilíochtaí; teistiméireachtaí. Is féidir a áireamh leis sonraí siúd sonraí sláinte, sonraí a bhaineann le creidimh reiligiúnacha nó pholaitiúla agus na sonraí siúd a bhaineann le ciontuithe nó cionta coiriúla is féidir a nochtadh.

Is é an duine a rinne an gearán nó an comhlacht poiblí dá dtagraíonn an gearán a sholáthraíonn na sonraí seo.

Daoine a bhfuil baint acu i bpróiseas roghnaithe faoi réir iniúchta faoi Mhír Alt 3 den Chód Cleachtais.

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a bhfuil baint acu i bpróiseas roghnaithe a bhí mar ábhar iniúchta faoi Mhír 3 den Chód Cleachtais. Is féidir a áireamh leis seo iarratasóirí eile, baill de bhord roghnaithe agus foireann an chomhlachta phoiblí atá bainteach san iniúchadh.

Is féidir a áireamh leis na sonraí a choimeádaimid do shonraí seo a leanas: sonraí teagmhála; nótaí agallaimh/ measúnaithe; faisnéis faoi iarratas; stair fostaíochta; cáilíochtaí; teistiméireachtaí. Is féidir a áireamh leis sonraí siúd sonraí sláinte, sonraí a bhaineann le creidimh reiligiúnacha nó pholaitiúla agus na sonraí siúd a bhaineann le ciontuithe nó cionta coiriúla is féidir a nochtadh.

Is minic a sholáthraíonn an comhlacht poiblí dá dtagraíonn an t-iniúchadh na sonraí seo. Tarlaíonn go soláthraíonn tríú páirtí a rinne faisnéis a nochtadh don CCSP na sonraí a sholáthar, ar uairibh.

Daoine faoi réir iarrata ar ordú eisiaimh faoi Alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004 (‘‘an tAcht).

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine atá faoi réir iarrata ar ordú eisiaimh faoi Alt 11 den Acht. Braithfidh saghas na sonraí ar an gcás ar leith ach is féidir a áireamh leo: d’ainm, sonraí teagmhála, stair fostaíochta; cáilíochtaí.

Is é an comhlacht poiblí atá freagrach as an iarraidh a dhéanamh a sholáthraíonn na sonraí seo.

Foireann chomhlachtaí poiblí

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi fhoireann chomhlachtaí poiblí maidir leis an riar a dhéanann siad ar cheisteanna a bhaineann leis an CCSP. Áirítear leis seo ceisteanna a riar a bhaineann leis an méid seo a leanas de chuid an CCSP:

Cóid Chleachtais

Meicníochtaí chun athbhreithniú a dhéanamh faoi Alt 7 agus Alt 8

Próiseas ordú eisiaimh

An próiseas iarratais do Cheadúnas Earcaíochta

Próisis chun déileáil le hiarrataí reachtúla

Cuimsítear sna sonraí pearsanta a choimeádaimid ainm, sonraí teagmhála, grád/ról an bhaill foirne agus faisnéis a bhaineann le feidhmiú a bhfeidhmeanna. Is ón gcomhlacht poiblí nó ón mball foirne a dhéanann teagmháil leis an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí a thagann na sonraí pearsanta seo agus áirítear leo sonraí pearsanta sa chumarsáid i dtaca le ceist an CCSP a láimhseáil nó le cumarsáid eile a dhéantar linn a láimhseáil.

Foireann ghníomhaireachtaí earcaíochta

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoin bhfoireann i ngníomhaireachtaí earcaíochta, lena n-áirítear sonraí teagmhála, cáilíochtaí agus stair fostaíochta. Is iad na gníomhaireachtaí earcaíochta a sholáthraíonn na sonraí dúinn.

Daoine a dhéanann fiosrúcháin maidir le haon cheann d’fheidhmeanna an CCSP faoi Alt 13 den Acht.

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann fiosrúcháin maidir le feidhmeanna éagsúla an CCSP faoin Acht. Is féidir a áireamh leis seo ceisteanna maidir leis an méid seo a leanas a bhaineann leis an CCSP:

  • Cóid Chleachtais
  • Meicníochtaí chun athbhreithniú a dhéanamh faoi Alt 7 agus Alt 8
  • Próiseas ordú eisiaimh
  • An próiseas iarratais do Cheadúnas Earcaíochta
  • Próiseas iarratais chun gníomhaireacht a chur san áireamh mar ghníomhaireacht liostaithe
  • Próisis chun déileáil le hiarrataí reachtúla

Is tú féin, an duine a bhfuil an fiosrúchán á dhéanamh acu, nó d’ionadaí, a chuireann na sonraí seo ar fáil.

Daoine a dhéanann iarrataí faoin Acht um Nochtadh Cosanta

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann iarrataí faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Is féidir do shonraí seo a leanas a bheith san áireamh: nótaí agallaimh/measúnaithe; faisnéis faoi iarratas; stair fostaíochta; cáilíochtaí; teistiméireachtaí; taifid acmhainní daonna (AD) (CBFF, cásanna a tionscnaíodh faoin mBeartas maidir le Bulaíocht agus Ciapadh agus/nó nósanna imeachta casaoide); cásanna dlí a tionscnaíodh in aghaidh fostóirí agus gearáin a dhéantar tríd an CCÁO. Is féidir a áireamh leis na sonraí siúd freisin sonraí sláinte, sonraí a bhaineann le creidimh reiligiúnacha nó pholaitiúla agus na sonraí siúd a bhaineann le ciontuithe nó cionta coiriúla is féidir a nochtadh.

Is tú féin nó d’ionadaí a chuireann na sonraí seo ar fáil.

Iarrataí reachtúla a dhéantar leis an CCSP

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann iarrataí reachtúla leis an CCSP, daoine ina measc, mar shampla, a dhéanann iarraidh um shaoráil faisnéise (SF) nó iarraidh ar rochtain um Chosaint Sonraí agus taifid nó eolas á n-iarraidh acu uainn. Cuimsítear sna sonraí pearsanta d’ainm agus sonraí teagmhála agus eolas a bhaineann leis an iarraidh reachtúil.

D’fhéadfaí a áireamh leis na hiarrataí reachtúla seo a dhéantar leis an CCSP freisin sonraí pearsanta faoi dhuine éigin eile seachas an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu. Cibé acu má tá nó mura bhfuil sonraí pearsanta iontu agus, má tá, braithfidh saghas na sonraí pearsanta ar an iarraidh. Is é an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu a sholáthraíonn an fhaisnéis seo.

Ionadaithe

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi ionadaithe a dhéanann fiosrúcháin nó iarrataí thar ceann duine eile. Áirítear leis na sonraí seo ainm, sonraí teagmhála agus sonraí a bhaineann leis an gcáil ionadaíoch nó an caidreamh leis an duine a bhfuil an fiosrúchán nó an t-iarratas á dhéanamh thar a c(h)eann. Áirítear leis, chomh maith, sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn an t-ionadaí.

Is é an t-ábhar sonraí (an t-ionadaí) a sholáthraíonn na sonraí seo.

Daoine a thugann cuairt ar ár láithreán gréasáin

Nuair a thugann duine cuairt ar www.cpsa.ie bailímid eolas caighdeánach loga faoin idirlíon agus sonraí faoi phatrúin iompair cuairteoirí. Déanaimid seo chun rudaí a dhéanamh amach, ar nós líon na gcuairteoirí ar na codanna éagsúla den láithreán.

Bailímid an fhaisnéis seo ar bhealach nach ndéanann aon duine a shainaithint. Ní dhéanaimid aon iarracht chun teacht ar aitheantais na ndaoine siúd a bhfuil cuairt á tabhairt acu ar ár láithreán gréasáin. Ní dhéanfaimid ceangal idir aon sonraí a bailíodh ón láithreán seo agus aon fhaisnéis ó aon fhoinse a dhéanann duine a shainaithint go pearsanta.

Mas mian linn faisnéis a bhailiú a dhéanann duine a shainaithint go pearsanta trínár láithreán gréasáin, cuirfimid é seo in iúl go soiléir. Luafaimid go soiléir é nuair a bhailímid faisnéis phearsanta trínár láithreán gréasáin agus míneoimid an méid atá ar intinn againn a dhéanamh leis.

Ríomhphoist a sheoladh chugainn

Táimid mar chuid de ghréasán Seirbhísí an Rialtais. Is féidir linn monatóireacht a dhéanamh ar agus úsáid a bhaint as aon ríomhphoist a sheoltar chugainn, aon cheangaltán ina measc, ar chúiseanna slándála agus chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartas na hoifige. Is féidir bogearraí monatóireachta nó blocála ríomhphost a úsáid freisin.

Cuirtear in iúl duit go bhfuil freagracht ort lena chinntiú nach ndéanann aon ríomhphost a sheolann tú an dlí a shárú.

Soláthraithe / soláthraithe seirbhíse / daoine eile a dhéanann teagmháil leis an CCSP

Tá sonraí pearsanta á gcoimeád againn fút sa chás go ndearnadh teagmháil idir tú féin agus an CCSP agus maidir le ceisteanna éagsúla, teagmháil ina measc, mar shampla, maidir le hearraí nó seirbhísí nó cuirí a sholáthar don CCSP chun cuir i láthair a dhéanamh, chun freastal ar chomhdhálacha etc. Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, d’ainm, sonraí teagmhála agus faisnéis a bhaineann leis na hearraí nó na seirbhísí, an seimineár, an chomhdháil etc.

Cruthaítear na sonraí ón idirghníomhú a dhéanann tú linn.

Seimineáir Ghréasáin & físchomhdhálacha

Nuair a óstálann an Oifig seimineáir ghréasáin nó físchomhdhálacha, beidh ainm, uimhir theagmhála agus seoladh ríomhphoist an lucht freastail ag teastáil chun a bhfreastal a éascú. Ní fhoilseoidh an Oifig liosta toscairí ach d’fhéadfadh go mbeadh ainmneacha an lucht freastail le feiceáil ag daoine eile le linn an imeachta. Iarraimid ar lucht freastail a gcuid eolais teagmhála oibre a úsáid nuair is féidir, chun bailiúchán neamhriachtanach sonraí teagmhála pearsanta a sheachaint. Ar an gcuma chéanna, ba cheart do lucht freastail roinnt sonraí pearsanta a sheachaint in aon saoráid ‘comhrá’ roinnte mar go bhféadfadh an soláthraí seirbhíse na sonraí sin a phróiseáil.

D’fhéadfadh an Oifig seimineáir ghréasáin a thaifeadadh chun críocha eolais. Tabharfaidh sé réamhfhógra nuair a bheidh imeacht á thaifeadadh. Gabhann imeachtaí taifeadta íomhá agus fuaim aon láithreoirí. D’fhéadfaí go mbeadh an rogha ag an lucht freastail a n-íomhá agus a bhfuaim a roinnt le linn an tseisiúin. Má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh, gabhfar é seo sa taifeadadh chomh maith. Sa chás go mbíonn ceisteanna agus freagraí modhnaithe ag imeachtaí, d’fhéadfaí tuairimí lucht freastail a roghnaíonn idirghníomhú leis na ceisteanna agus freagraí a fhoilsiú agus d’fhéadfadh daoine eile ag an imeacht iad a fheiscint agus beidh siad mar chuid den taifeadadh freisin.

Ba cheart do lucht freastail a chinntiú go leanann siad a gcuid beartais agus treoirlínte eagraíochtúla féin maidir le físchomhdháil, ionas go mbeidh a fhios acu cad iad na rialacha atá le leanúint agus na céimeanna atá le glacadh chun rioscaí cosanta sonraí a íoslaghdú. Ba cheart dóibh freisin dul i dtaithí le beartas príobháideachta an tsoláthraí seirbhíse ar líne chun iad féin a chur ar an eolas faoin gcaoi a phróiseálann an soláthraí sin sonraí pearsanta.  

Daoine Eile

Tá cur síos déanta againn thuas ar na príomhchatagóirí daoine go léir a bhfuil a sonraí pearsanta á gcoimeád againn. Is féidir linn sonraí a choimeád faoi dhaoine nach dtagann faoi chuimsiú na gcatagóirí seo. Mar shampla, coimeádaimid sonraí pearsanta ó thráth go chéile faoi dhaoine atá ag freastal ar chruinnithe nó imeachtaí leis an CCSP. Deimhnímid go gcaitear leis na sonraí pearsanta go léir de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí.

An méid a n-úsáidimid do shonraí dó agus an bunús dlí

Feidhmeanna faoin Acht

Úsáidimid an fhaisnéis fút chun gur féidir leis an CCSP tabhairt faoina fheidhmeanna faoin Acht. I bhfriotal eile, chun tabhairt faoi na feidhmeanna seo, caithfimid do shonraí a phróiseáil.

I dtéarmaí dlí, tá an úsáid a bhainimid as sonraí pearsanta:

  • riachtanach chun go dtugann an CCSP faoi thasc faoina dtugtar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a dhílsítear sa CCSP
  • riachtanach ar mhaithe le leas substainteach an phobail, ar bhunús na reachtaíochta um Chosaint Sonraí, atá comhréireach, a léiríonn meas ar bhunús an chirt i dtaobh cosaint sonraí agus a sholáthraíonn bearta oiriúnacha agus sonracha chun do chearta agus leasanna bunúsacha a chosaint.

 

Riar ginearálta agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh

Coimeádaimid faisnéis fút freisin chun freagairt d’iarrataí reachtúla a dhéantar leis an CCSP (ar nós iarrataí ar rochtain faoin Acht SF 2014, an tAcht um Chosaint Sonraí agus na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol). Tá sé riachtanach é seo a dhéanamh chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.

Déanfaimid staitisticí a bhailiú agus a fhoilsiú ina léirítear faisnéis ar nós an lín athbhreithnithe a fhaighimid, seachas i bhfoirm a shainaithníonn duine ar bith.

Na daoine a roinnimid d’fhaisnéis leo

Nuair a bhíonn gearán á scrúdú faoi Mhír 8 den Chód Cleachtais, beidh orainn faisnéis a roinnt leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann an gearán. D’fhéadfadh roinnt na faisnéise sin tarlú freisin nuair a thugtar faoi iniúchadh faoi Mhír 3 den Chód nó faoi aon fheidhm eile faoi mar a fhorordaítear san Acht.

Comhrialaitheoir: Faoi mar a mhínítear thuas, comhrialaitheoir sonraí áirithe a bhaineann leis na seirbhísí siúd, ar nós seirbhísí corparáideacha, airgeadas agus TF, é Oifig an Ombudsman. Ar mhaithe le cuspóirí um chosaint sonraí, ceaptar go ndearnadh do shonraí pearsanta a roinnt le hOifig an Ombudsman.

A fhaide a choimeádaimid do shonraí pearsanta

Braithfidh an fad ama a gcoimeádaimid do shonraí pearsanta dó ar shaghas na cáipéise nó an taifid ina gcuimsítear na sonraí. Leagtar amach inár mBeartas Coinneála Taifead na tréimhsí ama do shaghsanna éagsúla taifid. Féach, le do thoil, an Beartas Coinneála Taifead.

Catagóirí ábhair shonraí

Tréimhse choinneála

Daoine a bhfuil gearán á dhéanamh acu faoi Mhír 8 den Chód Cleachtais

  • Coimeádtar tuairiscí deiridh a d’eisigh an CCSP faoi Mhír 8 ar feadh 1 bhliain ó críochnaíodh an gearán ba chúis leis an tuairisc
  • Coimeádtar cáipéisíocht tacaíochta ar feadh 1 bhliain ó críochnaíodh an gearán ba chúis leis an tuairisc (is féidir an tréimhse seo a shíneadh, ar bhunús iarraidh a fháil faoi nósanna imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil)

Daoine eile a bhfuil baint acu i bpróiseas roghnaithe faoi réir gearáin Mhír Alt 8 den Chód Cleachtais.

 

Coimeádtar cáipéisíocht tacaíochta ar feadh 1 bhliain ó dháta eisiúna na tuairisce

(is féidir an tréimhse seo a shíneadh, ar bhunús iarraidh a fháil faoi nósanna imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil)

Daoine a bhfuil baint acu i bpróiseas roghnaithe faoi réir iniúchta faoi Mhír Alt 3 den Chód Cleachtais.

 

Coimeádtar cáipéisíocht tacaíochta ar feadh 1 bhliain ó dháta eisiúna na tuairisce iniúchóireachta

 

Daoine atá faoi réir iarrata ar ordú eisiaimh faoi Alt 11 den Acht

 

  • Coimeádtar orduithe eisiaimh ar feadh 1 bhliain ó dháta éagtha ordaithe
  • Coimeádtar cáipéisíocht tacaíochta ar feadh 1 bhliain ó dháta éagtha ordaithe

Foireann chomhlachtaí poiblí

Maidir le ceisteanna a riar a bhaineann leis an méid seo a leanas de chuid an CCSP:

  • Cóid Chleachtais – Coimeádtar sonraí d’fhad na tréimhse le linn don bhall foirne a bheith ina t(h)eagmhálaí ainmnithe/ábhartha don CCSP
  • Meicníochtaí le haghaidh athbhreithniú faoi Alt 7 agus Alt 8 - 1 bliain ó dháta eisiúna tuairisce faoi Alt 8 nó ó chuirtear fiosrúchán i gcrích (faoi réir sínte ar bhunús

aon iarrataí faoi nósanna imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil a fháil)

 

 

  • Próiseas ordú eisiaimh - 1 bhliain ó dháta éagtha ordaithe
  • Próiseas iarratais ceadúnas earcaíochta – Coimeádtar ceadúnais earcaíochta ar feadh tréimhse éiginnte. Coimeádtar cáipéisí ar feadh 1 bhliain ó dháta eisiúna ceadúnais
  • Próisis chun déileáil le hiarrataí reachtúla

- Cáipéisí tacaíochta – 1 bhliain ó dháta eisiúna freagartha foirmiúla (is féidir an tréimhse seo a shíneadh, ar bhunús aon iarrataí a fháil faoi nósanna imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil, i.e. athbhreithniú ar an gcinneadh)

 

Foireann ghníomhaireachtaí earcaíochta

 

1 bhliain ón dáta a deonaíodh cead don ghníomhaireacht

lena cuimsiú i liosta gníomhaireachtaí faofa an CCSP

 

Daoine a dhéanann fiosrúcháin maidir le haon cheann d’fheidhmeanna an CCSP faoi Alt 13 den Acht.

 

1 bhliain ón dáta a dúnadh an fiosrúchán

 

Daoine a dhéanann iarrataí faoin Acht um Nochtadh Cosanta

 

1 bhliain ó dháta eisiúna freagartha don iarraidh (is féidir an tréimhse seo a shíneadh ar bhunús aon iarrataí a fháil faoi nósanna imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil, i.e. athbhreithniú ar an gcinneadh)

Iarrataí reachtúla a dhéantar leis an CCSP

 

1 bhliain ó dháta eisiúna freagartha don iarraidh (is féidir an tréimhse seo a shíneadh ar bhunús aon iarrataí a fháil faoi nósanna imeachta athbhreithnithe fhoirmiúil, i.e. athbhreithniú ar chinneadh an CCSP)

 

Ionadaithe

 

Tá comhghaol idir beartais choinneála i measc ionadaithe agus beartais siúd na ndaoine lena mbaineann na hiarrataí, faoi fhorálacha an Achta

Soláthraithe / soláthraithe seirbhíse / daoine eile a dhéanann teagmháil leis an CCSP

 

1 bhliain ón dáta a tháinig deireadh leis an gconradh seirbhísí/an tseirbhís a cuireadh ar fáil don CCSP

 

Do chearta um chosaint sonraí

Tá cearta áirithe agat faoin RGCS agus faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Tagann na cearta seo aníos faoi chúinsí áirithe agus bíonn siad faoi réir díolúintí áirithe. Is iad na cearta seo:

  • an ceart chun teacht ar na sonraí – tá an ceart agat chun iarraidh ar chóip de na sonraí pearsanta a choimeádaimid fút, sa mhullach ar fhaisnéis eile faoin bpróiseáil a dhéanaimid ar na sonraí pearsanta sin
  • an ceart go gceartaítear sonraí – tá an ceart agat a iarraidh go ndéantar aon sonraí pearsanta míchruinne a cheartú agus go ndéantar sonraí neamhiomlána a iomlánú
  • an ceart go scriostar sonraí (nó an ceart go ligfear sonraí i ndearmad) – tá an ceart agat a iarraidh go ndéantar aon sonraí pearsanta a scriosadh
  • an ceart go sriantar próiseáil nó go gcuirtear in aghaidh próiseála – tá an ceart agat a iarraidh go sriantar an úsáid a bhainimid as do shonraí nó an phróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí nó chun cur in aghaidh na próiseála a dhéanaimid ar do shonraí
  • an ceart i dtaobh iniomparthacht sonraí – tá an ceart agat a iarraidh go dtugtar sonraí pearsanta duit nó do dhuine eile i bhfoirm inaistrithe nó atá inléite ag meaisín.
  • Má tá do shonraí pearsanta á gcoimeád againn ar bhunús do thoilithe (nó i ndiaidh duit toiliú soiléir a thabhairt), tá an ceart agat an toiliú sin a aistarraingt ag aon tráth.

Más mian leat aon chinn de do chearta a fheidhmiú, déan teagmháil, le do thoil, le: An tOifigeach Cosanta Sonraí

Ríomhphost: dataprotection@ombudsman.ie

An ceart atá agat chun gearán a dhéanamh

Déanaimid iarracht chun na caighdeáin is airde a bhaint amach nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á bailiú agus á húsáid againn. Ar an gcúis seo, caithimid le haon ghearáin a dhéantar linn maidir leis seo mar ábhar an-tromchúiseach. Spreagaimid daoine a chur in iúl dúinn má cheapann siad go bhfuil an fhaisnéis a bhailímid nó a úsáidimid éagórach, míthreorach nó míchuí.

Tá an ceart agat freisin chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.  Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Láithreán gréasáin: www.dataprotection.ie

Ríomhphost: info@dataprotection.ie

Guthán: (0761) 104 800; Íosghlao: 1890 25 22 31.

Seoladh Poist: 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28.

Ceanglais chun sonraí pearsanta a sholáthar agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist má theipeann ar a soláthar

Foráiltear le hAlt 15(4) den Acht gur féidir le haon ‘duine údaraithe’ a iarraidh, nuair a cheanglaítear orthu chun críocha tabhairt faoi fheidhmeanna an CCSP faoin Acht, chun rochtain a fháil ar aon taifid a mheasann sé/sí is cuí, ó Shealbhóir Ceadúnais (comhlacht poiblí ar dheonaigh an CCSP ceadúnas earcaíochta dóibh faoi Alt 43 den Acht).

Má tá fiosrúchán á dhéanamh agat, má tá gearán á dhéanamh faoi Alt 8, má tá iarraidh á déanamh agat ar ordú eisiaimh nó má tá iarraidh reachtúil á déanamh agat, b’fhéidir go mbeidh faisnéis áirithe ag teastáil uainn chun freagra a thabhairt duit nó chun déileáil le d’iarraidh. Mura dtugann tú an fhaisnéis dúinn, ní bheimid in ann freagra a thabhairt ná tabhairt faoin athbhreithniú.

Faisnéis bhreise

Rinneadh an fógra príobháideachais seo a dhréachtú agus béim ar shoiléireacht. Ní sholáthraítear ann sonraí iomlána faoi gach gné de bhailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag an CCSP. Táimid sásta, áfach, chun aon fhaisnéis nó míniú breise a sholáthar a theastaíonn. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

Fianáin a úsáid

Úsáidimid uirlis fianán ar ár láithreán gréasáin chun toiliú a fháil do na fianáin a úsáidimid. Déanann an uirlis fianáin atá riachtanach ar mhaithe le feidhmiúlacht, slándáil agus inrochtaineacht a shocrú agus ní scriosann sé iad. Is féidir leat níos mó eolais a léamh faoi conas a úsáidimid fianáin, agus conas do roghanna fianán a athrú ar ár leathanach Fianán.

 

Sainmhíniú

Ciallaíonn Toiliú an ábhair shonraí aon léiriú sonrach agus eolach a dhéantar gan srian i dtaobh mhianta an ábhair shonraí a thugann comhaontú le sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, trí ráiteas nó trí ghníomh soiléir deimhneach.

Ciallaíonn Rialaitheoir an duine nádúrtha nó dlíthiúil, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a dheimhníonn leis féin nó le comhlachtaí/daoine eile, cuspóirí agus bealaí próiseála sonraí pearsanta; nuair a dheimhnítear i ndlí Aontais nó Ballstáit cuspóirí agus bealaí na próiseála sin, is féidir foráil a dhéanamh i ndlí Aontais nó Ballstáit don rialaitheoir nó do na critéir shonracha lena n-ainmniú.

An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 I measc rudaí eile, bronntar éifeacht bhreise san Acht seo ar an RGCS (féach thíos) i limistéir ina gceadaítear solúbthacht Bhallstáit.

Oifigeach Cosanta Sonraí Ceanglaítear sa RGCS ar roinnt eagraíochtaí chun Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a ainmniú. Luaitear in Airteagal 39 den RGCS “beidh na tascanna seo a leanas, ar a laghad,” ag an oifigeach cosanta sonraí:

  • eolas agus comhairle a sholáthar don rialaitheoir nó don próiseálaí agus do na fostaithe a thugann faoi phróiseáil ar a n-oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo agus de bhun forálacha eile um chosaint sonraí Aontais nó Ballstáit;
  • monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, comhlíonadh forálacha um chosaint sonraí eile Aontais nó Ballstáit agus bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le sonraí pearsanta a chosaint, freagrachtaí a shannadh, feasacht a mhúscailt agus oiliúint a chur ar an bhfoireann atá bainteach in oibríochtaí próiseála, agus na hiniúchtaí gaolmhara ina measc;
  • comhairle a sholáthar nuair a iarrtar maidir leis an mheasúnacht tionchair um chosaint sonraí agus monatóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 35;
  • comhoibriú leis an údarás maoirseachta;
  • gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, an comhairliúchán a rinneadh roimhe seo ina measc a dtagraítear dó in Airteagal 36, agus chun dul i gcomhairle, sa chás gur cuí, i dtaobh aon cheiste eile.”

 

Ciallaíonn Ábhar Sonraí an duine nádúrtha a sainaithníodh nó inaitheanta lena mbaineann na sonraí pearsanta – féach freisin an sainmhíniú ar shonraí pearsanta thíos.

Rialachán an AE é an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) a bhaineann le cosaint sonraí a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.

Comhrialaitheoir Nuair a chomhdheimhníonn beirt rialaitheoirí nó níos mó (féach thuas) cuspóirí agus bealaí próiseála, is comhrialaitheoirí iad.

Ciallaíonn Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (‘ábhar sonraí’); duine atá i nduine inaitheanta nádúrtha ar féidir é/í a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’aitheantóir ar nós ainm, uimhir aitheantais, sonraí láithreach, aitheantóir ar líne nó do thoisc amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le haitheantas fisiciúil, fiseolaíoch, géiniteach, meabhrach, geilleagrach, cultúrtha nó sóisialta an duine nádúrtha sin.

Ciallaíonn Próiseáil aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna sonraí pearsanta, cé acu ar bhealaí uathoibrithe nó a mhalairt, ar nós bailiú, taifeadta, eagrú, struchtúrú, stórála, oiriúnú nó athrú, aisghabhála, comhairliúcháin, úsáide, nochta trí tharchur, scaipthe nó a chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó measctha, srianta, scriosta nó millte.

Ciallaíonn Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta sonraí pearsanta a nochtann bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, ballraíocht de cheardchumann, agus sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha, sonraí a bhaineann le sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

 

Arna Chruthú:  Bealtaine 2018  
Arna Athrú:  Deireadh Fómhair 2019
Arna Athrú: Samhain 2020