Straitéis 2022-2025

Leagtar amach príomhchuspóirí straitéiseacha na hoifige inár Plean Straitéiseach. Nuashonraítear an straitéis gach trí bliana.

Straitéis 2022-2025

Leagann ár gcreat rialachais chorparáidigh amach conas a fheidhmímid. Is féidir teacht air anseo.

Creatchlár maidir le Rialachas Corparáideach (PDF) about Rialachas corparáideach

Nochtaí Cosanta

Cuireann an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 cosaintí ar fáil d'oibrithe a chuireann ábhair imní dlisteanacha in iúl maidir le héagóir a tharla nó éagóir a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe san áit oibre. D'fhorbair an Coimisiún nósanna imeachta i gcomhréir leis an Acht 2014, nósanna imeachta a d'fhaomh an Fhoireann Bainistíochta. Tugtar eolas faoin méid seo a leanas sna nósanna imeachta:

  • conas is féidir le baill foirne nochtaí cosanta a dhéanamh
  • cad a tharlóidh tar éis nochtadh cosanta a dhéanamh
  • cad a dhéanfaidh an Oifig chun an nochtóir a chosaint

Aithníonn an Coimisiún an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mothaíonn baill foirne go dtacaítear leo san áit oibre. Tá sé tiomanta do chinntiú go spreagann agus go n-éascaíonn a chultúr agus timpeallacht oibre baill foirne 'labhairt amach' faoi aon cheist a chuireann isteach ar chumas an Choimisiúin a dhualgais a chur chun críche.

Conas a dhéantar nochtadh don Choimisiún?

Is féidir leat nochtadh faoin Acht a dhéanamh ar roinnt bealaí - mar shampla, do d'fhostóir nó, uaireanta, do dhuine seachtrach "forordaithe" má chreideann tú le réasún go mbaineann an éagóir ábhartha le sainchúram an duine fhorordaithe. Caithfear go gcreideann tú le réasún freisin go bhfuil an fhaisnéis sa nochtadh agus aon líomhain ann "a bheag nó a mhór fíor". Is tairseach níos airde é sin ná an tairseach do nochtadh inmheánach. Is duine forordaithe é Stiúrthóir an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí faoin Acht (Ionstraim Reachtúil 339 de 2014, arna leasú ag Ionstraim Reachtúil 448 de 2015).

Cén cineál nochta a d'fhéadfadh a dhéanamh?

Is féidir leat nochtadh a dhéanamh do Stiúrthóir an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí faoi gach ceist a bhaineann le caighdeáin a shocrú maidir le hearcaíocht agus roghnúchán le haghaidh ceapachán sa tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear monatóireacht agus iniúchadh ar ghníomhaíochtaí earcaíochta agus roghnúcháin sa tseirbhís phoiblí.

Éilítear le hAlt 22 den Acht 2014 go n-ullmhóidh gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil agus go bhfoilseoidh siad í maidir leis na nochtaí cosanta a fhaightear faoi fhorálacha an Achta sin. Léirítear cúrsaí maidir leis sin sa tábla thíos:

Bliain Nochtaí Cosanta a Fuarthas
2016 Nialas
2017 Nialas
2018 Nialas
2019 Nialas
2020 Nialas
2021

Fuarthas nochtadh amháin i rith na bliana, a thit lasmuigh de shainchúram an CPSA agus a aistríodh mar sin chuig an duine forordaithe cuí.

2022 Nialas