Saoráil Faisnéise
Cuireann an t-alt seo faisnéis ar fáil maidir le hiarraití a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Mura bhfaigheann tú an t-eolas atá uait anseo, cuir iarraidh leis an ríomhphost le haghaidh tuilleadh eolais led' thoil.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis a fháil nach mbéadh fáil uirthi go poiblí ar shlí eile.
Iarratas a dhéanamh ar Fhaisnéis
Ba chóir iarraidh ar fhaisnéis a bheith déanta i scríbhinn agus ba chóir dó:
- a chur in iúl gur faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéantar é
- faisnéis a dhóthain a sholáthar
- aon rogha atá agat a shonrú maidir leis an bhformáid inar cheart na taifid a sholáthar
- sonraí teagmhála pearsanta iomlána a sholáthar
- táille iarratais €15 a áireamh (€10 más sealbhóir cárta liachta thú) má tá tú ag lorg faisnéise neamh-phearsanta.
Seol d'iarratas chuig:
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost: foi@cpsa.ie
Iarratas um Shaoaráil Faisnéise a phróiseáil
Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise síos teorainneacha dochta ama maidir le hiarratas ar fhaisnéis a phróiseáil.
- Ba chóir duit admháil a fháil laistigh de 2 sheachtain ón gCoimisiún d'iarratas a fháil
- Ba chóir duit freagra a fháil laistigh de 4 sheachtain ón gCoimisiún d'iarratas a fháil, Féadfar síneadh go feadh 4 sheachtain breise a chur leis seo áfach más rud é:
- go mbaineann d'iarratas le líon mhór taifead
- gur tharla éileamh mór iarratas ar an taifead/na taifid chéanna.
Má chuirtear síneadh leis an tréimhse, ba chóir go bhfaighfeá fógra faoi sin roimh dheireadh na tréimhse 4-seachtaine tosaigh seo, lena gcuirfear in iúl an chúis atá leis an moill.
Nósanna Imeachta sá chás más míshásta thú le freagra an Choimisiúin
Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh tosaigh ar d'iarratas, más rud é:
- Go bhfuil tú míshásta leis an bhfreagra a fuair tú
- Nach bhfuair tú freagra laistigh de 4 sheachtain ó d'iarratas tosaigh. Meastar seo mar dhiúltú do d'iarratas.
Ní mór iarraidh ar athbhreithniu inmheánach a chur isteach laistigh de 4 sheachtain ón gcinneadh tosaigh. Ní mór an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche laistigh de 3 sheachtain. Ní fuláir athbhreithniú inmheánach a chríochnú, de ghnáth, sula ndéantar achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Ba chóir duit d'iarraidh i scríbhinn ar athbhreithniú inmheánach a chur faoi bhráid:
Athbhreithnitheoir Inmheánach um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost: foi@cpsa.ie
Athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise
Nuair a bheidh an t-athbhreithniú inmheánach críochnaithe, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg on gCoimisinéir Faisnéise. Ina theannta sin féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách a lorg mura bhfuil freagra faighte agat ar d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de 3 sheachtain de bhrí go meastar mar dhiúltú é seo.
Is féidir achomhairc, i scríbhinn, a dhéanamh chuig:
An Coimisinéir Faisnéise
18 Sráid Leeson Íochtarach
Baile Átha Cliath 2