Cé hIad na Coimisinéirí um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí?
Cad a dhéanann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí?
An féidir liom gearán a dhéanamh faoi phróiseas ceapachain?
Cad iad nósanna imeachta athbhreithnithe Alt 7?
Cad iad nósanna imeachta athbhreithnithe Alt 8 ?
Cad is Sealbhóir Oifige ann?
Cad is Sealbhóir Ceadúnais ann?
Cén chaoi a ndéanaim iarratas ar phost sa Státseirbhís nó sa tSeirbhís Phoiblí?
An ndéanann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí Earcaíocht a Sheoladh?
An ionann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus Coimisiún na Státseirbhíse?
Cé hIad na Coimisinéirí um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí?
Tá comhaltaí (Coimisinéirí) ex-officio ar an gCoimisiún, mar atá:
- Peter Tyndall, Uasal, An tOmbudsman
- Mr Seán Ó Fearghail TD, Ceann Comhairle
- Robert Watt, Ard-Rúnaí, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
- Martin Fraser, Ard-Rúnaí, An Rialtas
- An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Ball den an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ar Chomhaltaí an Choimisiúin.
Cad a dhéanann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí?
Déanann an Coimisiún caighdeáin ionracais, fiúntais, comhionannais agus cothroime a bhunú atá le hurramú le linn daoine a cheapadh chun post sna comhlachtaí poiblí a thagann faoina réim.
Cuireann an Coimisiún a chuid cúraimi i gcrích trí:
- Cóid chleachtais a fhoilsiú agus a chothabháil ina leagtar amach na caighdeáin atá le hurramú maidir le ceapacháin sa tseirbhís phoiblí.
- Beartais agus cleachtais earcaíochta a iniúchadh agus a mheasúnú d'fhonn na caighdeáin seo a shlánchoimeád agus chun a aimsiú cibe acu an bhfuil a chaighdeáin á n-úrramú
- Ceadúnais earcaíochta a dheonú agus iad a chúlghairm más gá
- Orduithe agus comhairle a eisiúint dá shealbhóirí ceadúnais
- Nósanna imeachta athbhreithnithe/gearán cuí a bhunú agus a leagan síos
- Liosta de ghníomhaíochtaí earcaíochta ceadaithe ón earnáil phríobhádeach a fhoilsiú
- Tuairisciú don Oireachtas agus don Rialtas, agus faisnéis a chur ar fáil d'Airí ar oibriú próiseas earcaíochta agus roghnóireachta
- Feidhmiú a chumhachtaí faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004.
Tá freagracht ag an gCoimisiún as leas an phobail a chosaint i ndáil le cúrsaí earcaíochta agus roghnóireachta agus baineann sé úsáid as a fheidhm iniúchta lena chinntiú go bhfuil said san atá ag oibriú a gCóid tiomanta gach tráth do na prionsabail atá leagtha amach iontu. Cuireann an Coimisiún le forbairt seirbhíse poiblí atá éifeachtach neamhchlaonta trí na dualgais atá curtha air leis an Acht a chomhlíonadh. Tugann sé gealltanas don phobal gur ar bhonn an fhiúntais is ea a dhéantar ceapacháin. Is é an toradh atá leis seo ná go roghnaíonn sealbhóiri oifige, as measc na n-iarrthóirí atá ar fáil, an duine is fearr don phost d'fhonn a chinntiú, chomh fada agus is féidir le réasún, go seolfar dualgais an phoist sin go héifeachtach.
An féidir liom gearán a dhéanamh faoi phróiseas ceapachain?
Is féidir. Tá nósanna imeachta leagtha síos ag an gCoimisiún le tabhairt faoi ghearáin agus iarrataí ar athbhreithnithe ó iarrthóirí i ndáil le próiseas ceapacháin. Bhunaigh an Coimisiún na nósanna imeachta seo, atá leagtha amach i gCóid Chleachtais, lena chinntiú go ndéantar athbhreithnithe ar phróisis cheapacháin agus roghnóireachta phoiblí a sheoladh go cothrom.
Tá feidhm ag na nósanna imeachta athbhreithnithe maidir leis na próisis cheapacháin chun gach post i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus san Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, chun beagnach gach post sa Státseirbhís, an iomad post sa Gharda Síochána, chun post sinsearach agus post proifisiúnta in údaráis áitiúla agus chun post bainistíochta sinsearach i gcoistí gairmoideachais.
Is iomaí saincheist is féidir a réiteach gan dul i muinín na nósanna imeachta foirmiúla agus déanann an Coimisiún pearsana aonair agus comhlachtaí earcaíochta a spreagadh gach iarracht a dhéanamh ceisteanna a phlé agus a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil.
Féadfaidh tú athbhreithniú ar cheapacháin a iarraidh:
- Más rud é go bhfuil tú míshásta le gníomh nó le cinneadh i ndáil le d'iarratas ach fós nach gcreideann tú go raibh sárú déanta ar an gCód Cleachtais (Alt 7 sna Nósanna Imeachta)
nó
- Go gcreideann tú gur sháraigh gné den phróiseas Cód Cleachtais an Choimisiúin (Alt 8 sna Nósanna Imeachta).
Tabhair faoi deara led' thoil gur dhá nós imeachta dhifriúla ar fad óna chéile iad Alt 7 agus Alt 8 agus go bhfuil an dá cheann comheisiatach
Níl aon bhaint dhíreach ag an gCoimisiún le gearáin a dhéantar faoi Alt 7 a imscrúdú.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach thíos agus féach freisin ar bhilleog faisnéise an Choimisiúin dar teideal Nósanna Imeachta Athbhreithnithe faoi Alt 7 agus Alt 8 de na Cóid Chleachtais agus ar Ailt 7 agus 8 den Chód Cleachtais iomchuí.
Cad iad nósanna imeachta athbhreithnithe Alt 7?
Leagann Alt 7 den Chód Cleachtais iomchuí amach na nósanna imeachta atá le leanacht más rud é go bhfuil tá míshásta le gníomh nó le cinneadh i ndáil le d'iarratas ach nach gcreideann tú go raibh sárú ar an gCód Cleachtais i gceist.
Athbhreithniú neamhfhoirmiúil
Chun athbhreithniú neamhfhoirmiúil a iarraidh, ní mór duit scríobh chuig an gcomhlacht earcaíochta laistigh de 5 lá oibre ó fhógra a fháil faoin gcinneadh ar d'iarratas. Seolfaidh an comhlacht earcaíochta an t-athbhreithniú gan mhoill. Más míshásta thú leis an toradh, féadfaidh tú, laistigh de 2 lí oibre ó fhógra a fháíl faoi thoradh an athbhreithnithe neamhfhoirmiúil, dul i muinín na nósanna imeachta foirmiúla atá leagtha amach thíos.
Athbhreithniú foirmiúil
Chun athbhreithniú foirmiúil a iarraidh, ní mór duit scríobh chuig an gcomhlacht earcaíochta, ag sonrú na nithe is cás leat agus ag leagan amach na ngnéithe den ghníomh nó den chinneadh ar mian leat go ndéanfar athbhreithniú orthu. Ní mór duit d'iarraidh a chur isteach laistigh de 10 lá oibre ó fhógra a fháil faoin gcinneadh ar d'iarratas. Laghdaítear an teorainn ama seo go 4 lá oibre má bhaineann an cinneadh le céim eatramhach (e.g gerrliostáil, réamhagallamh) de chuid próisis roghnóireachta. Bá chóir iarrataí ar athbhreithniú a bheith dírithe ar an sealbhóir oifige sa chomhlacht earcaíochta, i.e. ceannasaí na heagraíochta atá ag seoladh na hearcaíochta.
Daingneoidh an comhlacht earcaíochta, laistigh de 3 lá oibre, go bhfuil d'iarratas faighte aige. Déanfaidh duine sa chomhlacht earcaíochta, nach raibh baint dhíreach aige nó aici leis an gcinneadh nó leis an ngníomh atá i gceist, an t-athbhreithniú a sheoladh agus tugtar an t-athbhreithneoir tosaigh ar an duine sin. Gheobhaidh tú tuarascáil i scríbhinn ar thoradh an athbhreithnithe laistigh de 20 lá oibre. Mura féidir cinneadh a dhéanamh laistigh den creat-ama sin, coinneoidh an t-athbhreithnitheoir tosaigh ar an eolas thú maidir le stádas an athbhreithnithe agus na cúiseanna atá leis an moill.
Má bhíonn tú míshásta leis an toradh, féadfaidh tú scríobh chuig an gcomhlacht earcaíochta agus a iarraidh go ndéanfar do chás a athscrúdú. Ní mór go ndéanfá an iarraidh seo i scríbhinn laistigh de 7 lá oibre ó thuarascáil an athbhreithneora thosaigh a fháil.
Daingneoidh an comhlacht earcaíochta, laistigh de 3 lá oibre, go bhfuil d'iarratas faighte aige. Breithneoidh eadránaí cinnidh (duine sinsearach arna cheapadh ag an gcomhlacht earcaíochta, ar dhuine é nó í nach raibh bainteach leis an bpróiseas roghnóireachta atá i gceist) cibé acu an raibh an t-athbhreithniú tosaigh seolta de réir nósanna cuí imeachta trí scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir atá ar fáil i leith an ní. Más gá sin seolfaidh sé nó sí agallaimh freisin. Is féidir leis an eadránaí cinnidh cinneadh an athbhreithneora thosaigh a athrú nó a ghlacadh. Gheobhaidh tú tuarascáil i scríbhinn ar thoradh an athscrúdaithe laistigh de 10 lá oibre. Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an eadránaí chinnidh.
Cad iad nósanna imeachta athbhreithnithe Alt 8?
Bíonn feidhm ag nósanna imeachta athbhreithnithe Alt 8 i gcásanna ina gcreideann duine, cibé acu arb iarrthóir an duine nó nach ea, gur sháraigh próiseas ceapacháin Cód Cleachtais an Choimisiúin, agus gur mian leis nó léi é go ndéanfaí imscrúdú ar an gcéanna.
Athbhreithniú Neamhfhoirmiúil
Nuair a fhaigheann comhlacht earcaíochta líomaint faoi shárú ar an gCód Cleachtais, molann an Coimisiún go ndéanfaidh sé an ní a phlé leis an ngearánaí agus iarracht a dhéanamh é a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil. Ní mór t-athbhreithniú neamhfhoirmiúil seo a sheoladh gan mhoill.
Má bhíonn tú míshásta tar éis aon phléití neamhfhoirmiúla, féadfaidh tú dul i muinín na nósanna imeachta foirmiúla laistigh de 2 lá oibre ó fhógra faoi thoradh an athbhreithnithe neamhfhoirmiúil a fháil.
Athbhreithniú Foirmiúil
Ní mór duit scríobh chuig an gcomhlacht earcaíochta, ag soláthar sonraí maidir leis an sárú ar an gCód agus ba cheart go mbeadh ag gabháil leis an iarraidh aon doiciméadú iomchuí a d'fhéadfadh bheith ina thaca faoi do líomhaint. Ba chóir iarrataí ar athbhreithniú a bheith dírithe ar an sealbhóir oifige sa chomhlacht earcaíochta, i.e ceannasaí na heagraíochta ag seoladh na hearcaíochta.
Daingneoidh an comhlacht earcaíochta, laistigh de 3 lá oibre, go bhfuil d'iarratas faighte aige. Gheobhaidh tú tuarascáil i scríbhinn ar thoradh an athbhreithnithe laistigh de 20 lá oibre. Mura féidir cinneadh a dhéanamh laistigh den creat-ama seo, coinneoidh an t-athbhreithnitheoir ar an eolas thú maidir le stádas an athbhreithnithe agus na cúiseanna atá leis an moill.
Más míshásta thú le toradh an athbhreithnithe seo, féadfaidh tú an ní a tharchur chuig an gCoimisiún un Cheapacháin Seirbhíse Poiblí i bhfoirm achomhairc ar athbhreithniú an tsealbhóra oifige. Ní mór duit scríobh chuig an gCoimisiun laistigh de 10 lá oibre ón tuarascáil ar athbhreithniú an tsealbhóra oifige a fháil. Bá chóir go gcuirfeadh d'aighneacht sonraí ar fáil maidir leis an sárú liomhnaithe ar an gCód, forais an achomhairc agus gach doiciméadú tacaitheach iomchuí.
Daingneoidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá oibre, go bhfuil d'iarratas faighte aige. Gheobhaidh tú tuarascáil i scríbhinn ar thoradh an achomhairc laistigh de 25 lá oibre. Mura féidir cinneadh a dhéanamh laistigh den creat-ama seo, coinneoidh an Coimisiún ar an eolas thú maidir le stádas an achomhairc agus na cúiseanna atá leis an moill. Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Choimisiúin.
Cad is Sealbhóir Oifige ann?
Is ceannasaí roinne/oifige/comhlachta Sealbhóir Oifige.
Cad is Sealbhóir Ceadúnais ann?
Is duine dár deonaíodh ceadúnas earcaíochta Sealbhóir Ceadúnais.
Cén chaoi a ndéanaim iarratas ar phost sa Státseirbhís nó sa tSeirbhís Phoiblí?
Fógraítear poist sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí go forleathan.Ní mór do chomhlachtaí poiblí atá faoi réim an Choimisiúin ceadúnas earcaíochta a bheith acu arna eisiúint ag an gCoimisiún chun earcaíocht oscailte nó seachtrach a sheoladh. Féach ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a shealbhaíonn ceadúnas earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún.
An ndéanann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí earcaíocht a sheoladh?
Ní dhéanann. Is é ról an Choimisiúin earcaíocht chun na hearnála poiblí a rialáil agus a chinntiú gur ar an bhfiúntas a dhéantar ceapacháin.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar Ról an Choimisiúin.
Féach freisin ar liosta na n-eagraíochtaí a shealbhaíonn ceadúnas earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún.
An ionann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus Coimisiún na Státseirbhíse?
Ní hionann. Díscaoileadh Coimisiún na Statseirbhíse sa bhliain 2004. Bunaíodh dhá chomhlacht nua:
- An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
- An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.