Gníomhaireachtaí Earcaíochtaí Ceadaithe
Déantar foráil leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 go bhféadfar Sealbhóir Ceadúnais cúnamh a iarraidh ó ghníomhaireacht earcaíochta earnála príobháidí maidir le roinnt de na tascanna a bhaineann leis an bpróiseas earcaíochta.
Ar aon dul leis an bhforáil reachtaíochta sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún liosta a fhoilsiú de Ghníomhaireachtaí Earcaíochta Ceadaithe atá liostaithe ar Chlár na nGníomhaireachtaí Fostaíochta Ceadúnaithe a choimeádann an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ar bun. Chomh maith leis sin, chuir sé Ráiteas Comhlíonta ar fáil agus cloífidh sé leis na caighdeáin agus na prionsabail i gCód Cleachtais an Choimisiúin maidir le hearcaíocht le haghaidh ceapachán chuig poist sa tSeirbhís Phoiblí.
Tá na gníomhaireachtaí earcaíochta seo a leanas ceadaithe ag an gCoimisiún:
- FRS Recruitment Society Limited - Sonraí Teagmhála; Gleann an Doire, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann // 353 505 22100 // www.frsrecruitment.com
- Lex Consultancy Limited - Sonraí Teagmhála; 15-17 Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2 // 353 1 663 3030 // www.lexconsultancy.ie
- Sigmar Recruitment Consultants Limited - Sonraí Teagmhála; 13 Sráid Hume, Baile Átha Cliath 2 // 353 1 474 4600 //http://www.sigmarrecruitment.com/public-sector
- IT Force Ltd - Sonraí Teagmhála; 27 Sráid Liam Uachtarach, Baile Átha Cliath 2 // 353 1 554 6009 // www.itforce.ie
- Recruitment Plus - Sonraí Teagmhála; 20 Bóthar Chill Mochuda, Íochtarach, Co. Baile Átha Cliath // 353 1 278 8610 // www.recruitmentplus.ie
- Grafton Recruitment Ltd - Sonraí Teagmhála; 26 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath2 // 1890 923 029 // www.graftonrecruitment.com
- Osborne Recruitment - Sonraí Teagmhála; 13 Cearnóg Mhic Liam Thoir, Baile Átha Cliath 2 // 353 1 638 4400 // www.osborne.ie
- Hays Specialist Recruitment Limited - Contact Details; 26/27A Grafton Street, Dublin 2. // +353 1 571 0010 // https://m.hays.ie/all-offices//
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil ról ar bith ag an gCoimisiún sa phróiseas tairisceana a d’fhéadfadh Sealbhóir Ceadúnais a úsáid le haghaidh seirbhísí gníomhaireacht earcaíochta a roghnú.
Iarrann an Coimisiún léirithe spéise ó Ghníomhaireachtaí Earcaíochta lena gcur san áireamh sa liosta ceadaithe a bhfoilsíonn an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí é. Déan teagmháil leis an Oifig seo ag info@cpsa.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.