Baile  /  Eolas Fúinn  /  Cad a dhéanaimid  /  Caighdeáin Earcaíochta a Shlánchoimeád
 

Caighdeáin Earcaíochta a Shlánchoimeád

Is é príomhchuspóir an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí a chinntiú go bhfuil ardchaighdeáin cuibhis, comhionannais agus cothroime i bhfeidhm tríd an gcóras ceapachán poiblí ar fad agus go ndéantar gach ceapachán ar bhonn an fhiúntais. Déantar na caighdeáin – is caighdéain atá foilsithe mar chóid chleachtais - a shlánchoimeád trí phróiseas láidir iniúchta agus measúnaithe.

Is féidir le próiseas iniúchta agus measúnaithe an Choimisiúin díriú ar ghnéithe éagsúla den earcaíocht agus roghnóireacht, ar a n-áirítear: 

  • Próiseas sonrach ceapachán  
  • Próiseas ceapachán de chuid sealbhóra cheadúnais shonraigh d’fhonn chomhlíonadh théarmaí agus choinníollacha an cheadúnais earcaíochta iomchuí a mheas 
  • Gné shonrach den phróiseas ceapachán mar a chleachtann raon sealbóirí ceadúnais agus sealbhóirí oifige í 
  • Próisis cheapachán arna seoladh ag sealbhóirí oifige chun daoine a roghnú le haghaidh ardaithe céime.

Iniúchtaí ar Ghníomhaíocht Earcaíochta agus Roghnóireachta

Ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil ghearr ina mionsonraítear toradh gach iniúchta agus measúnaithe agus, i gcás inar cuí sin, folaíonn an tuarascáil moltaí maidir le haon earnáil a shainaithnítear le linn an chleachtais mar cheann a dteastaíonn feabhas uaithi.