Baile  /  Eolas Fúinn  /  Cad a dhéanaimid  /  Caighdeáin Earcaíochta a Leagan Síos
 

Caighdeáin Earcaíochta a Leagan Síos

Gach post a thagann faoi réim an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004, tagann próisis cheapacháin le haghaidh earcaíochta chun na bpost sin faoi réir na gCód Cleachtais arna bhfoilsiú ag an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

Leagann na Cóid amach an creat rialála do na próisis cheapacháin sin agus tá siad bunaithe ar chúig phrionsabail

  • Ionracas 
  • Ceapacháin Déanta ar Bhonn an Fhiúntais 
  • Próiseas Ceapachán Atá De Réir an Scothchleachtais 
  • Próiseas Ceapachán Cothrom Curtha i bhFeidhm go Comhsheasmhach 
  • Ceapacháin Déanta ar Mhódh Oscailte, Cuntasach, Trédhearcach.


Tugann na Cóid samplaí de gach prionsabal i gcleachtas lena léirítear tuairimí an Choimisiúin maidir lena gcur i bhfeidhm agus chun na réimsí a chur in iúl a fhéacfaidh an Coimisiún a athbhreithniú trína fheidhm iniúchta.

Leagann na Cóid amach freisin, ceanglais i ndáil le hiompar iarrthóirí áta páirteach sa phróiseas roghnóireachta, lena gcinntítear go bhfuil cur chuige caighdeánaithe i leith na hearcaíochta á ghlacadh ag gach rannpháirtí.

Le linn an bliana 2007 rinneadh athbhreithniú ar na Cóid mar fhreagra ar thimpeallacht oibre agus timpeallacht shóisialta a bhí ag athrú agus chun coinneáil cothrom leis an scothchleachtas.

Cóid Chleachtais

Faoi láthair tá cúig Chód Cleachtais ag an gCoimisiún.  Déanfar aon Chóid a thiocfaidh ar an bhfód sa todhchaí nó aon leasuithe ar na Cóid reatha a fhoilsiú ar an suíomh seo. Tá cóipeanna d'iar-Chóid Chleachtais an Choimisiúin ar fáil ar iad a iarraidh ón Oifig.

Mura mbíonn tú in ann na doiciméid a liostáitear thíos a íoslódáil nó breathnú orthu, déan teagmháil le hOifig an Choimisiúin led’ thoil chun an t-ábhar a theastaíonn uait a phlé.