Baile  /  Eolas Fúinn  /  Polasaithe  /  Seirbhís Chustaiméara  /  Cairt Chustaiméara
 

Cairt Chustaiméara

Ár nGealltanais Seirbhíse Duit

Tá an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí meáite ar sheirbhís chustaiméara d’ardchaighdeán a sholáthar. Is é cuspóir na Cairte seo feabhas a chur an tseirbhís chustaiméara agus na caighdeáin seirbhíse is teideal duit a bheith ag súil leo ón eagraíocht seo a leagan amach.

Seirbhísí Teileafóin
Nuair a dhéanann tú teagmháil leis an oifig seo

  • Beimid ar fáil chun do ghlaonna a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oifige ag an uimhir 01-8779940
  • is féidir leat a bheith ag súil le foireann chairdiúil chúirtéiseach a dhéileálfaidh le do chuid fiosruithe go cuiditheach agus a thabharfaidh eolas soiléir cruinn duit
  • is féidir leat a bheith ag súil go gcuirfimid muid féin in aithne duit
  • is féidir leat a bheith ag súil go bhfaighidh tú freagra ar do ghlao gutháin go mear (laistigh de 20 soicind). I gcúinsí eisceachtúla ina mbeidh an malartán agus/nó folínte díomhaoin, féadfar teachtaireacht glórphoist a thaifeadadh ar a dtabharfar freagra laistigh de lá oibre amháin. Beidh teachtaireachtaí glórphoist uasdátaithe de réir mar is cuí d’fhonn infhaighteacht foirne a chur in iúl
  • is féidir leat a bheith ag súil leis, nuair is gá do ghlao a aistriú, go dtabharfar duit ainm agus uimhir theileafóin an té a bhfuil tú á aistriú chuige nó chuici
  • is féidir leat a bheith ag súil leis, i gcás nach féidir linn do chuid fiosruithe a fhreagairt ar an toirt, go mbreacfar síos do chuid sonraí agus go gcuirfear glao ar ais ort tráth a fheileann duit féin

Cumarsáid i Scríbhinn

  • Soláthrófar admháil go bhfuarthas gach fiosrúchán scríofa (lena n-áirítear facsanna agus r-phoist) laistigh de 3 lá oibre agus tabharfar freagra ar d’fhiosrúchán laistigh de 15 lá oibre. I gcásanna go mbeidh moill i ndán, seolfar freagra eatramhach chugat laistigh den 15 lá sin
  • Tráth ar bith nach mbeidh siad san oifig soláthróidh gach ball den fhoireann uathfhreagraí r-phoist le malairt sonraí teagmhála
  • Déanfaimid do chuid iarrataí faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise a phróiseáil laistigh den tréimhse a cheanglaítear 
  • Déanfaimid cinnte de go bhfuil ainm teagmhála, uimhir thealeafóin agus seoladh r-phoist luaite le gach mír chumarsáide. Tá fáilte is fiche romhat na sonraí seo a úsáid chun teagmháil bhreise a dhéanamh linn

An té a bhuaileann isteach chugainn

  • Beimid ar fáil le castáil leat go pearsanta, trí choinne réamhdhéanta, le linn uaireanta oifige agus, más gá sin, beimid chomh solúbtha agus is féidir lasmuigh de na huaireanta sin
  • Cuirfear fáilte chúirtéiseach romhat, pléifear leat go cothrom agus go cuiditheach, agus déanfar do chuid fiosruithe a phróiseáil a luaithe agus is féidir
  • Cuirfear oifigí inrochtana glan poiblí ar fáil a chinnteoidh príobháideachas, a chomhlíonfaidh caighdeáin cheirde agus sábháilteachta agus, mar chuid de seo, a éascóidh rochtain do dhaoine faoi mhíchumais agus do dhaoine eile le riachtanais sonracha


Ár Suíomh Idirlín

Táimid meáite ar an méid seo a leanas a áirithiú

  • gach eolas a bheith cruinn agus cothrom le dáta
  • gach príomhfhoilsiúchán a bheith ar fáil ar ár suíomh idirlín
  • go gcomhlíonann ár suíomh idirlín na ceanglais um rochtain do dhaoine faoi mhíchumas, agus
  • leas a bhaint as an teicneolaíocht nua d’fhonn ár gcuid seirbhísí a fheabhsú go leanúnach

Eolas a Sholáthar
Táimid meáite ar an méid seo a leanas:

  • eolas cruinn, reatha a chur ar fáil i dteanga shoiléir, shimplí
  • eolas agus doiciméadú a chur ar fáil ar bhealach tráthúil
  • cinnte a dhéanamh de go bhfuil cibé eolas, a mbíonn fail choitianta air, ar fáil i leaganacha leictreonacha agus clóite araon
  • cinnte a dhéanamh de go mbíonn an t-eolas ar fáil i leaganacha is inrochtana i gcomhair custaiméirí le riachtanais speisialta

Comhionannas agus Éagsúlacht

D’fhonn comhionannas do chách a chinntiú, le linn dúinn seirbhís a chur ar fáil dár gcustaiméirí, déanfaimid na cearta chun cothromais arna mbunú leis an reachtaíocht chomhionannais a urramú agus déanfaimid freastal ar an éagsúlacht atá sa tsochaí


Seirbhísí Gaeilge

Comhlíonfaimid ár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, mar a leagtar amach iad inár Scéim na Teanga Gaeilge 2005-2008, agus déanfaimid cinnte de go dtabharfar deis do gach duine den phobal a rogha den dá theanga oifigiúla a úsáid.

  • Beidh saoráidí uile an tsuímh idirlín dátheangach
  • Beidh gach foilseachán ar fáil i nGaeilge
  • Tabharfar freagra i nGaeilge ar gach comhfhreagras a fhaightear i nGaeilge


I gComhair Sealbhóirí Ceadúnais Earcaíochta/Sealbhóirí Oifige
Tá sé de rún daingean againn

  • Próiseas iarratais simplí tráthúil a chinntiú
  • Réamhfhógra a thabhairt go bhfuiltear le hiniúchtaí a dhéanamh
  • Torthaí an iniúchta a phlé leat sula gcuirfear tuairisc faoi bhráid an Choimisiúin
  • Seirbhís chomhionann chothrom a sholáthar do na sealbhóirí ceadúnais uile


Cuidigh linn cuidiú leat
Bheimis buíoch díot dá bhféadfá

  • Uimhreacha tagartha a lua i ngach comhfhreagras agus/nó I ngach cumarsáid leis an Oifig seo
  • A chinntiú go gcomhlíonfar na foirmeacha iarratais, go hiomlán, go cruinn agus go soléite
  • Sonraí staitistiúla a sholáthar de réir mar is gá ionas go mbeimid in ann eolas faoi ghníomhaíochtaí earcaíochta atá cothrom le dáta a chur ar fáil

Tuairimí agus Aiseolas

  • Fáiltíonn muid roimh chustaiméirí do sholáthar aiseolais maidir lenár gcuid seirbhísí uile agus tugann muid cuireadh duit teagmháil a dhéanamh linn le haon ghearáin, moltaí no tráchtanna atá agat a chuirfidh ar ár gcumas riachtanais agus ionchais ár gcustaiméirí a thuiscint agus cáilíocht na seirbhísí atá á gcur ar fáil a mheasúnú
  • Tig leat gearán a dhéanamh chuig Bainisteoir na Seirbhísí Custaiméara i dtaobh na seirbhíse custaiméara atá faighte agat. Déileálfar le gach gearán den sórt sin go pras, cothrom gan chlaonadh; eiseofar admháil go bhfuarthas gach gearán laistigh de thrí lá oibre agus tabharfar freagra air laistigh de 15 lá oibre, agus mura mian le gearánaí a mhalairt, déileálfar faoi rún leis (faoi réir ár n-oibleagáidí reachtúla)
  • Ráthaíonn muid duit nach ndéanfaidh do ghearán aon difear don chaoi a ndéileálfar leat amach anseo
  • Glacann muid ar láimh gur laistigh den am-scála agus de réir na gcaighdeán atá leagtha síos ag an gCoimisiún a thabharfaimid cinntí i ndáil le gearáin faoi sháruithe ar an gcód cleachtais
  • Más mian leat aiseolas a chur ar fáil faoi aon saincheist i ndáil leis an gCairt seo nó lenár ngealltanais duitse mar chustaiméir, déan teagmháil led’ thoil le Bainisteoir na Seirbhísí Custaiméara. I gcásanna ina n-iarrtar sin, geallaimid gach aiseolas custaiméara a fhreagairt


Sonraí teagmhála
Bainisteoir na Seirbhísí Custaiméara
An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí,
Áras na Caibidle,
26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1
Teileafón: (01) 877 9940
Faics: (01) 877 9950
Ríomhphost: eolas@cpsa.ie