Baile  /  Eolas Fúinn  /  Polasaithe  /  Lámhleabhar Saorála Faisnéise
 

Lámhleabhar Saorála Faisnéise

Ceanglaítear faoi Alt 16 de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 go ndéanfadh comhlachtaí poiblí atá faoi réir an Achta lámhleabhar a fhoilsiú ina leagtar amach na rialacha, na gnáthaimh, na cleachtais, na treoirlínte agus na léirithe a úsáideann an comhlacht poiblí sin, chomh maith le hinnéacs d’aon fhasaigh a úsáideadh chun críocha cinntí agus moltaí a dhéanamh etc. a d’imigh i bhfeidhm ar bhaill den phobal, seachas nithe atá díolmhaithe faoin na hAchtanna.

Is éard is cuspóir le lámhleabhar Alt 15 ná léargas a chur ar fáil faoi ról na gCoimisúin agus an chaoi a ndéanann an Coimisiún iarracht a hobair a chur i gcrích. Leis an lámhleabhar tá sé i gceist freisin cuidiú leat taifid arna gcoinneáil ag an Coimisiún a shainaithint agus a rochtain.