Polasaithe
Gheobhaidh tú faisnéis faoinár mBeartas Rochtana, conas a dheinimid d'fhaisnéis phearsanta a chosaintagus conas a cheadaímid athúsáid faisnéise atá ar fáil don phobal.
Tá soláthar seirbhís chustaiméara den scoth ar cheann de na prionsabail is tábhachtaí atá ag an gCoimisiún um um Cheapacháin Seirbhise Poiblí.
Déanann an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar a dhoiciméid straitéise ina leagtar amach cad a dheinimid agus cad atá ar intinn againn a dhéanamh amach anseo.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar shlí eile. D'fhonn rochtain phoiblí ar thaifid atá i seilbh an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí a éascú, tá foilseachán ar fáil, mar a éilítear in Ailt 15 agus 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá an foilseachán dar teideal Treoir D'fheidhmeanna, Taifid agus Rialacha an Choimisiúin, ar fáil lena iniúchadh. Leagann an leabhar tagartha seo amach tuairisc ghinearálta ar an eagraíocht, agus ar na feidhmeanna, rialacha, nosanna imeachta agus léirithe a úsáideann sé le linn dó cinntí a dhéanamh i leith an réimse gníomhaíochtaí a sheolann sé.