AN SCÉIM UM ÁBHAR SAORÁIL FAISNÉISE A FHOILSIÚ
DON CHOIMISIÚN UM CHEAPACHÁIN SEIRBHÍSE POIBLÍ
A. Faisnéis faoin gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Cé sinn agus cad a dhéanaimid
Is é ról an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ná caighdeáin a bhunú agus a mhaoirsiú le haghaidh ceapaithe a earcú agus a roghnú (i) chuig gach post bunaithe agus chuig an gcuid is mó de phoist neamhbhunaithe sa Státseirbhís; (ii) chuig poist sa Gharda Síochána faoi réir shainchúram an Achta; (iii) chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; (iv) chuig an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte; agus (v) chuig poist áirithe bhainistíochta, ghairmiúla agus theicniúla in údaráis áitiúla agus i gcoistí gairmoideachais a bhfuil feidhm ag Acht na nÚdarás Áitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) (1926) ina leith. Féadfar sainchúram an Choimisiúin a leathnú chuig comhlachtaí eile seirbhíse poiblí sa todhchaí.
Bunú
Bunaíodh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí an 19 Deireadh Fómhair 2004 faoi théarmaí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004.
Róil agus Freagrachtaí
Tugtar breac-chuntas ar ról agus ar fhreagrachtaí na hOifige i gCuid 2 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 (an tAcht).
Is é cuspóir an Achta ná creat nua-aimseartha éifeachtúil a chur ar fáil le haghaidh earcaíocht seirbhíse poiblí, agus ardchaighdeáin ionracais agus chothroime á gcoinneáil ag an am céanna. Tá freagracht ar an gCoimisiún as caighdeáin a bhunú agus a chosaint in earcú agus i roghnú ceapaithe agus as gníomhaíocht earcaíochta Comhlachtaí Poiblí a cheadúnú. Leis an Acht, tugtar cead don Choimisiún Ceadúnais Earcaíochta a dheonú, a leasú nó a aisghairm. Chomh maith leis sin, tugtar cumhacht don Choimisiún leis moltaí a dhéanamh, comhairle a eisiúint agus treoracha a thabhairt do Shealbhóirí Ceadúnais.
Feidhmeanna an Choimisiúin
Is mar seo a leanas atá príomhfheidhmeanna an Choimisiúin:
· Foilsiú agus coimeád a dhéanamh ar Chóid Chleachtais ina leagtar amach na caighdeáin atá le comhlíonadh i dtaca le ceapacháin chuig comhlachtaí áirithe seirbhíse poiblí;
· Iniúchadh a dhéanamh ar na beartais agus na cleachtais earcaíochta atá in úsáid ag na comhlachtaí seirbhíse poiblí sin;
· Ceadúnais Earcaíochta a dheonú nó a aisghairm nó téarmaí Ceadúnais Earcaíochta a leasú;
· Treoracha agus comhairle a thabhairt do shealbhóirí ceadúnais;
· Nósanna imeachta cuí achomhairc agus gearáin a bhunú;
· Imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó ghearánaigh faoi phróisis earcaíochta arna gcur ar siúl faoi cheadúnas;
· Orduithe a dheonú chun poist áirithe a eisiamh, de réir alt 8(2) den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004;
· Tuairisc a thabhairt don Oireachtas agus don Rialtas agus faisnéis a chur ar fáil d’Airí faoi oibriú na bpróiseas earcaíochta agus roghnúcháin.
Taifid atá i seilbh na hOifige
Tagann an raon taifead atá i seilbh na hOifige faoi na catagóirí leathana seo a leanas (d’fhéadfadh forluí de phointe éigin a bheith ann):
Taifid Riaracháin Ghnó Inmheánaigh
· Comhaid Ghearáin Fhoirmiúil, lena n-áirítear comhfhreagras le Comhlachtaí Poiblí, le Gearánaigh agus leis an gCoimisiún. Cuimsíonn gach comhad gearáin fhoirmiúil taifid a fuarthas maidir leis an bpróiseas ceapacháin lena mbaineann mar aon le dréacht-tuarascálacha/tuarascálacha deiridh ar an ngearán ar leith
· Comhaid iniúchóireachta a chuimsíonn doiciméid eolais, comhfhreagras leis an gComhlacht Poiblí agus dréacht-tuarascálacha/tuarascálacha deiridh ar an Iniúchadh i gceist
· Comhaid Ordú Eisiaimh a chuimsíonn doiciméid eolais, comhfhreagras leis an gComhlacht Poiblí agus leis an gCoimisiún agus an tOrdú Eisiaimh lena eisiúint chuig an sealbhóir ceadúnais (foilsítear in Iris Oifigiúil liosta iomlán de na horduithe eisiaimh a eisíodh sa bhliain féilire)
· Páipéir do Choimisinéirí le haghaidh Cruinnithe de chuid an Choimisiúin, lena n-áirítear an Clár Oibre, nótaí faisnéise a ghabhann le dréacht-tuarascálacha iniúchóireachta agus le dréacht-tuarascálacha gearáin agus nótaí faoi aon mhíreanna eile sa chlár oibre
· Miontuairiscí Cruinnithe de chuid an Choimisiúin
· Taifid i dtaca le Ceadúnais Earcaíochta a eisiúint, lena n-áirítear doiciméid treorach, foirmeacha iarratais agus iarratais ar cheadúnas arna ndéanamh ag Comhlachtaí Poiblí
· Taifid a bhaineann le tuarascálacha a fhoilsiú e.g. an tuarascáil bhliantúil, lena n-áirítear taifid a bhaineann lena haistriú agus lena dearadh
· Bainistíocht shuíomh Gréasáin an Choimisiúin
· Staitisticí a bhaineann le gníomhaíocht earcaíochta Sealbhóirí Ceadúnais
· Iarrataí Saoráil Faisnéise ar rochtain ar thaifid atá i seilbh an Choimisiúin
· Iarrataí faoin Acht um Chosaint Sonraí ar rochtain ar thaifid atá i seilbh na hOifige
· Comhfhreagras le Coimisinéirí
· Fiosruithe ginearálta agus comhfhreagras ginearálta, lena n-áirítear gearáin neamhfhoirmiúla
· Ráiteas Straitéise agus Pleananna Gnó
Beartas
Foilsíonn an Coimisiún na Cóid Chleachtais seo a leanas ar a shuíomh Gréasáin ag www.cpsa.ie.
· An Cód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí
· An Cód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin Ghearrthréimhse Éigeandála chun Post i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
· An Cód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin Neamhthipiciúla chun Post sa Státseirbhís agus i gComhlachtaí Poiblí Áirithe
· An Cód Cleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post ina bhfuil Freagrachtaí Reachtúla ar Choimisinéir an Gharda Síochána
· An Cód Cleachtais i gcomhair Daoine faoi Mhíchumas a Cheapadh chuig an Státseirbhís agus chuig Comhlachtaí Poiblí Áirithe
Reachtaíocht agus ábhar gaolmhar
· An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 agus comhfhreagras gaolmhar agus taifid ghaolmhara
Treoracha/Treoirlínte Foirne
· Nósanna Imeachta, Prótacail agus Nótaí Treorach le haghaidh freagrachtaí reachtúla Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí a bhainistiú
Socruithe Rialachais agus Bainistíochta
Tá an Coimisiún tiomanta do struchtúir, do phróisis agus do chórais den dea-chleachtas a thacaíonn le feidhmiú rathúil a dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Is féidir sonraí faoi shocruithe rialachais na hOifige a fháil i ndoiciméad a Creata Rialachais Chorparáidigh (insert link once agreed), doiciméad ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis trína ndéantar an Oifig a threorú agus a rialú.
Pleananna Corparáideacha agus Straitéisí Corparáideacha
Is féidir Ráiteas Straitéise an Choimisiúin a fháil anseo.
Tuarascáil Bhliantúil
Tá Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin ar fáil ar an suíomh Gréasáin anseo.
Struchtúr Eagrúcháin
Struchtúr na hOifige
Cuimsíonn an Coimisiún comhaltaí de bhrí oifige (Coimisinéirí) mar seo a leanas:
- An Ceann Comhairle
- An tOmbudsman
- Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
- Ard-Rúnaí an Rialtais
- Cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
An tArd-Stiúrthóir: Jacqui McCrum
An Rúnaí leis an gCoimisiún: an tUas. Andrew Patterson (Príomhoifigeach)
Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta Príomhoifigeach Cúnta amháin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin amháin agus Oifigeach Cléireachais amháin. Cuireann Oifig an Ombudsman na feidhmeanna seirbhísí corparáideacha ar fáil. Cuimsíonn siad acmhainní daonna, airgeadas, riarachán agus teicneolaíocht faisnéise.
Grádú Pá
Tá an tOmbudsman ina chomhalta de bhrí oifige den Choimisiún. Tá a thuarastal coibhéiseach le tuarastal Ard-Rúnaí III sa Státseirbhís. Is ionann tuarastal an Ard-Stiúrthóra agus tuarastal Rúnaí Chúnta sa Státseirbhís.
Is féidir scálaí tuarastail státseirbhíseach a fháil i gCiorclán 08/2013.
Láthair na hOifige
Tá an Coimisiún suite ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Uaireanta oscailte: idir 9.15 agus 5.30 Luan go Déardaoin agus idir 9.15 agus 5.15 ar an Aoine.
Is féidir treoracha chuig an Oifig a fháil anseo.
Sonraí Teagmhála
Post: An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97
Teileafón: (01) 639 5750
Ríomhphost: info@cpsa.ie
Cairt Chustaiméirí
Is féidir Cairt Chustaiméirí an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí a fháil anseo.
Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse
Tá baill foirne na hOifige ina státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit agus, dá bhrí sin, tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.
B.Seirbhísí a Sholáthraítear don Phobal
An tseirbhís a sholáthraímid
Scrúdaíonn an Oifig gearáin a bhaineann le sáruithe líomhnaithe ar na prionsabail a leagtar amach i gCóid Chleachtais an Choimisiúin le linn na bpróiseas earcaíochta a thagann faoina shainchúram.
Conas is féidir ár seirbhís a rochtain
Ní mór do dhuine atá ag iarraidh athbhreithniú ar shárú líomhnaithe ar na Cóid Chleachtais iarraidh ar an Sealbhóir Oifige ar an gcéad dul síos a ghearán a scrúdú agus, mura bhfuil sé sásta le toradh an athbhreithnithe a rinne an Sealbhóir Oifige, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breise a dhéanfaidh an Coimisiún.
Is féidir sonraí faoi na nósanna imeachta athbhreithniúcháin ar fáil d’iarrthóirí a fháil ar ár suíomh Gréasáin. Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn nó trí ríomhphost.
An costas a ghearrtar i leith ár seirbhís a rochtain
Ní ghearrtar aon táille as gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún.
An ceart chun achomharc a dhéanamh maidir leis an tseirbhís a sholáthraímid
De réir alt 8.10 de Chód Cleachtais an Choimisiúin, cinneadh cinntitheach is ea cinneadh an Choimisiúin. Féadfar toradh thuarascálacha an Choimisiúin a bheith faoi réir Athbhreithniú Breithiúnach.
Tionscadail taighde arna ndéanamh ag an Oifig
Tá roinnt téamaí athfhillteacha tugtha faoi deara ag an gCoimisiún sna gearáin atá scrúdaithe aige. Chuige sin, d’fhoilsigh sé Cásleabhar ina leagtar amach an cur chuige a ghlac an Coimisiún agus na gearáin choitianta sin á scrúdú aige. Is é aidhm an Chásleabhair ná tacú le Sealbhóirí Oifige a chinntiú go gcomhlíonfaidh siad na caighdeáin a leagtar síos sna Cóid agus eolas a thabhairt do Ghearánaigh agus do Shealbhóirí Oifige araon faoin seasamh a ghlacann an Coimisiún sna cásanna ar leith sin.
Is féidir an Cásleabhar a fháil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.
C.An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais
Conas a dhéanaimid cinntí ar bheartais
Comhlacht athbhreithnithe is ea an Coimisiún. Dá bhrí sin, ní cheapann sé beartas poiblí. Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó próiseas ceapacháin a scrúdú, moltaí a dhéanamh do chomhlachtaí poiblí maidir le próisis earcaíochta sa todhchaí a bhainistiú chun a chinntiú go ndéanfar iad de réir na gCód Cleachtais.
D.Faisnéis Airgeadais
Cistítear an Coimisiún faoin vóta a leithdháiltear ar Oifig an Ombudsman. Féach anseole haghaidh an Cuntas Leithreasa is déanaí foilsiú a fheiceáil.
E.Soláthar
Tá an beartas soláthair don Choimisiún ar fáil ag http://www.ombudsman.gov.ie/en/About-Us/Policies-and-Strategies/Corporate-Procurement/Corporate-Procurement.html
F. Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis eile is gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh
Loga Nochta Saoráil Faisnéise
Féach an tábla thíos le haghaidh loga iarrataí neamhphearsanta ar thaifid a bhfuair an Coimisiún iad:
| Uimhir na hIarrata | Dáta na hIarrata | Dáta na Breithe | Sonraí | Eisithe/Coinnithe Siar | Díolúintí a Cuireadh i bhFeidhm |
| 1. | 05/01/2015 | 02/02/2015 | Taifid a bhaineann le Síceolaithe a earcú, lena n-áirítear comhfhreagras, treoirlínte, miontuairiscí cruinnithe | Eisíodh an Fhaisnéis go Páirteach | Alt 15(1)(a) agus alt 37(1) |
| 2. | 21/05/15 | | Iarraidh ar thaifid a bhaineann leis an gCoimisiún um Cheapacháin Ardleibhéil | Cuireadh an iarraidh ar aghaidh chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí de réir alt 12(c) den Acht | |
| 3. | 22/07/2015 | 11/08/2015 | Iarraidh ar Chomhfhreagras idir an HSE agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí maidir le Síceolaithe | Deonaíodh an iarraidh go páirteach | Alt 15(1)(a) |
| 4. | 23/11/2015 | 21/12/2015 | Iarraidh ar thaifead maidir le Comhairle Dlí a bhfuair an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhísí Poiblí í | Diúltaíodh di | Alt 31(1)(a) |
| 5. | 24/11/2015 | 22/12/2015 | Iarraidh ar thaifid maidir le clár oibre agus iarchur cruinnithe de chuid an Choimisiúin | Deonaíodh an iarraidh | |
| 6. | 16/12/15 | 15/01/16 | Iarraidh ar thaifid maidir le hainmneacha na gCoimisinéirí a d’fhreastail ar an gcruinniú | Diúltaíodh di | Alt 29(1) |
| 7. | 22/01/2016 | 16/03/2016 | Iarraidh ar thaifid maidir le hathbhreithnithe alt 8 a ndearna na Coimisinéirí Ioncaim iad | Deonaíodh an iarraidh go páirteach | Alt 37(1), alt 31(1)(a) |
| 8. | 25/02/2016 | 23/03/2016 | Iarraidh ar thaifid maidir le cruinniú de chuid an Choimisiúin i mí na Samhna 2015 | Deonaíodh an iarraidh go páirteach | Alt 15(1)(a) agus alt 37(1) |
Fuair an Coimisiún 4 iarraidh eile a bhaineann le faisnéis phearsanta an iarrthóra nach bhfuil taifeadta ar an Loga Nochta.
Iarrataí Saoráil Faisnéise ar an Oifig
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá gach duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal ar shlí eile. Tríd is tríd, tá duine i dteideal na nithe seo a leanas:
1. Rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na hOifige.
2. Go gceartófaí faisnéis phearsanta, a bhaineann leis féin, agus atá i seilbh na hOifige, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach.
3. Rochtain a fháil ar chúiseanna le breitheanna a thug an Oifig agus a chuaigh i bhfeidhm go díreach air.
D’fhéadfadh go mbeadh taifid eile ar fáil freisin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (faoi réir na ngnáthdhíolúintí), amhail iad sin a bhaineann le riarachán na hOifige.
Ba cheart iarrataí Saoráil Faisnéise a bhaineann le taifid an Choimisiúin a dhéanamh i scríbhinn chuig:
David Logan
Oifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: (01) 6395750 Ríomhphost: info@cpsa.ie
Ba cheart iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a shonrú iontu go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba cheart an fhormáid a bhfuiltear ag iarraidh na taifid a fháil inti – e.g. fótachóipeanna/diosca – a lua san iarraidh freisin. Ionas go mbeifear in ann na taifid atá á n-iarraidh a shainaithint, ba cheart d’iarrthóirí cur síos atá chomh mionsonraithe agus is féidir a dhéanamh ar na taifid. Más féidir é, ba cheart uimhir theagmhála is féidir a úsáid le linn uaireanta oifige a sholáthar ionas go mbeifear in ann na sonraí faoi iarraidh Saoráil Faisnéise a shoiléiriú. Cabhróidh foireann na hOifige le hiarraidh Saoráil Faisnéise a chur le chéile, más gá.
Admhóidh an Coimisiún iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh de dhá sheachtain ón iarraidh sin a fháil. Luafar san admháil sin go mbeidh sé de cheart ag an iarrthóir athbhreithniú inmheánach ar an mbreith a iarraidh sa chás nach mbeidh sé sásta leis an mbreith Saoráil Faisnéise a eisíodh. Eiseofar an bhreith laistigh de cheithre seachtaine.
An Ceart chun Athbhreithniú Inmheánach ar Bhreith
Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise do cheart chun athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí. Féadfar athbhreithniú inmheánach a iarraidh i gcásanna inar diúltaíodh d’iarraidh Saoráil Faisnéise nó inar deonaíodh go páirteach í agus i gcásanna inar iarchuireadh rochtain. Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh freisin i gcásanna ina bhfuil aighneas faoin bhfoirm rochtana nó faoi leibhéal na dtáillí a ghearrtar. Is é oifigeach atá ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a thug an bhreith bhunaidh Saoráil Faisnéise a dhéanfaidh an tAthbhreithniú Inmheánach. Ba cheart iarraidh den sórt sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón mbreith bhunaidh a fháil. Is gá an bhreith tar éis athbhreithniú inmheánach a eisiúint laistigh de thrí seachtaine ón iarraidh a fháil. Meastar gur diúltaíodh d’iarraidh Saoráil Faisnéise i gcásanna nár eisíodh breith laistigh de cheithre seachtaine ón iarraidh Saoráil Faisnéise a fháil.
Ba cheart iarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna an Choimisiúin a dhéanamh i scríbhinn chuig:
Elaine Laird
Athbhreithnitheoir Inmheánach
An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: (01) 6395750 Ríomhphost: info@cpsa.ie
Faisnéis arna foilsiú ag an Oifig
Is é an aidhm atá leis an Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus nach gcuirtear ar fáil don phobal mar chúrsa gnáthaimh ar shlí eile, faoi réir díolúintí, nósanna imeachta agus teorainneacha ama áirithe. Tá an fhaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus faoi fheidhmeanna na hOifige ar fáil gan dul i muinín an Achta um Shaoráil Faisnéise.
Tuarascálacha Bliantúla
Cuireann an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais gach bliain maidir le gníomhaíochtaí na hOifige le linn na bliana roimhe. Is féidir tuarascálacha bliantúla a fháil sna háiteanna seo a leanas:
· An Oifig ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
· An suíomh Gréasáin: www.cpsa.ie
· Oifig Foilseachán an Rialtais. Cuireann an Oifig sin Seirbhís Trádála Poist ar fáil. Is é seoladh na hOifige: Oifig na nOibreacha Poiblí, Foilseacháin an Rialtais, 52 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2. Glactar le horduithe thar an teileafón, trí ríomhphost agus tríd an bpost. Bíonn Ionad Glaonna ar oscailt idir 09.30 agus 13.00 agus 14.00 agus 17.00 Luan go hAoine chun cabhrú le glaoiteoirí agus chun glacadh le híocaíochtaí ordaithe le cárta, le seic nó le hordú poist. Tá seoladh tiomnaithe ríomhphoist ann freisin agus tabharfar freagra ar gach ceist ar an gcéad lá oibre eile. Cuir glao ar 01 647 6834 nó seol ríomhphost chuig publications@opw.ie
Foilseacháin eile
Chomh maith leis sin, foilsíonn an Coimisiún roinnt doiciméid eile. Tá siad ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin. Is iad sin:
· Tuarascálacha ar Iniúchtaí ar ghníomhaíocht earcaíochta agus roghnúcháin
· Cásleabhar an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
· Liosta de ghníomhaireachtaí earcaíochta ceadaithe
· Ráiteas Straitéise
· Cairt Chustaiméirí
· Cóid Chleachtais
Tá na foilseacháin go léir thuas ar fáil saor in aisce ón gCoimisiún nó ar an suíomh Gréasáin ag www.cpsa.ie.
Faisnéis a iarrtar go rialta agus atá i seilbh an Choimisiúin
Baineann an chuid is mó d’iarrataí ar fhaisnéis ón Oifig le hiarrataí ar fhaisnéis faoi na nósanna imeachta gearáin atá ar fáil d’iarrthóirí. Faigheann daoine atá ag déanamh iarrataí den sórt sin cabhair ó bhaill foirne tacaíochta agus insítear dóibh (más cuí) cén áit ar féidir leo tuilleadh faisnéise a fháil, amhail na Cóid Chleachtais agus/nó suíomh Gréasáin an Choimisiúin.
Suíomh Gréasáin
Tá tuilleadh faisnéise faoin Oifig ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo freisin. Áirítear leis an bhfaisnéis sin:
· Faisnéis faoin gCoimisiún agus faoin Ról atá aige
· Faisnéis faoi na comhaltaí den Choimisiún
· Faisnéis faoi conas gearán a dhéanamh
· Faisnéis faoi conas iarraidh Saoráil Faisnéise a dhéanamh chuig an Oifig
· Faisnéis faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
· Sonraí teagmhála le haghaidh na hOifige
· Faisnéis faoin Oifig, lena n-áirítear conas a chomhlíonann sí an tAcht um Míchumas agus athúsáid Faisnéis Earnála Poiblí.
Tá an fhaisnéis ar fad ar an suíomh Gréasáin le feiceáil i nGaeilge agus i mBéarla araon agus tá sí ar fáil i bhformáid inrochtana freisin.
Aibreán 2016