Baile  /  Cóid Chleachtais
 

Cóid Chleachtais

Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ar an gCód Cleachtais i gComhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí. Tarraingíodh siar leagan 01/07 den Chód Cleachtais agus cuireadh leagan 01/17 den Chód Cleachtais ina háit.

Tá na próisis cheapacháin a fógraíodh ar an 8 Márta 2017 faoi réir an Chód Chleachtais 01/17. Is féidir an Cód Cleachtais 01/17 a fháil ó Oifig CCSP. Má tá cóip uait, cuir ríomhphost chuig info@cpsa.ie.

 

Faoi láthair tá cúig Chód Cleachtais ag an gCoimisiún.  Déanfar aon Chóid a thiocfaidh ar an bhfód sa todhchaí nó aon leasuithe ar na Cóid reatha a fhoilsiú ar an suíomh seo. Tá cóipeanna d'iar-Chóid Chleachtais an Choimisiúin ar fáil ar iad a iarraidh ón Oifig.

Mura mbíonn tú in ann na doiciméid a liostáitear thíos a íoslódáil nó breathnú orthu, déan teagmháil le hOifig an Choimisiúin led’ thoil chun an t-ábhar a theastaíonn uait a phlé.

Tabhair faoi deara ár seoladh reatha, le'd thoil : 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Fón: 01-6395750.