Poist Eisiata
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún faoi Alt 8 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004, poist neambhunaithe sa Státseirbhís a eisiamh, le hordú, ó oibriú an Achta seo.
Tagann iarrataí ar orduithe den sórt sin chun cinn den chuid is mó d’fhonn freastal ar thionscnaimh ghearrthéarmacha ar nós clár chun mic léinn a shuiomh, Suíomhanna is cuid den Tionscnamh Meantóireacht Toilteanach Ábalta (WAM) agus cláir inteirn don Lucht Siúil. Deonaítear orduithe ó am go ham freisin chun seirbhísí a áirithiú ó fhoireann go ceann tréimhse sonraithe d’fhonn sainseirbhísí proifisiúnta a áirithiú. Deonaíonn an Coimisiún orduithe freisin a chumhdaíonn foireann oifige phríobháideach áirithe d’Airí a fhostú.