Ceadúnais Earcaíochta a Eisiúint
Déanann an Coimisiún un Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ceadúnais earcaíochta a dheonú do chomhlachtaí seirbhíse poiblí áirithe ar mian leo a gcuid earcaíochta féin a sheoladh chun post arna sainmhíniú san Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004.
Tá ceithre rogha ar fáil do cheannasaithe comhlachtaí seirbhíse poiblí ar mian leo baill foirne a cheapadh ón taobh amuigh. Is iad seo iad:
- Iarratas a dhéanamh ar cheadúnas earcaíochta, agus ar an gceadúnas a fháil, an earcaíocht a sheoladh iad féin
- Iarratas a dhéanamh, agus ar an gceadúnas a fháil, seirbhísí de chuid gníomhaireachta earcaíochta ón earnail phríobháideach a áirithiú, a bheidh ceadaithe go sonrach ag an gCoimisiún chun cabhrú leo le cuid de na tascanna a bhaineann le roghnóireacht faoin gceadúnas a shealbhaíonn siad. Maidir le roghnóireacht dheiridh na n-iarrthóirí agus lena gcur ar phainéal chun a gceaptha áfach, beidh sin i gcónaí de fhreagracht ar an seabhóir ceadúnais.
- Iarratas ar cheadúnas earcaíochta a dhéanamh, agus ar an gceadúnas a fháil, cuid den tasc earcaíochta a tharmligean chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (an ghníomhaireacht lárnaithe earcaíochta d’earcaíocht seirbhíse poiblí).
- A iarraidh ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an fheidhm earcaíochta a sheoladh,agus sa chás sin, ní gá iarratas ar bith a dhéanamh ar cheadúnas.
Tabhair faoi deara nach eisíonn an Choimisiún ceadúnais earcaíochta go Gníomhaireachtaí Earcaíochta. Sin é gnó an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Ní féidir le Gníomhaireachtaí Earcaíochta dul go dtí an Choimisiún le bheith curtha ar an liosta Gníomhaireachtaí Earcaíochta ceadaithe atá foilsithe ar an suíomh idirlíne ach amháin nuair atá siad ceadaithe agus eisithe le ceadúnas ón Roinn.
Cén uair a bhfuil gá le ceadúnas earcaíochta?
Tá sé riachtanach i gcónaí do shealbhóir oifige (i.e. ceannasaí na heagraíochta ) a bheartaíonn earcaíocht a sheoladh go díreach nó le cabhair ó ghníomhaireacht earcaíochta liostaithe arna ceadú ag an gCoimisiún ceadúnas earcaíochta a bheith aige.
Cad iad na poist a thagann faoi réim ceadúnais earcaíochta?
Féadfar ceadúnas earcaíochta a dheonú go ginearálta nó i leith poist áirithe amháin nó níos mó.
Conas a dhéantar iarratas ar cheadúnas?
Ní mór iarratas ar cheadúnas earcaíochta a dhéanamh ar fhoirm chuí atá ar fáil ón gCoimisiún ach teagmháil a dhéanamh linn ag 01-6395750 nó ag info@cpsa.ie. Is ceart an fhoirm chomhlánaithe a chur chuig an Rúnaí, Oifig um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, 18 Sráid Líosain Íochtar, Baile Átha Cliath 2.
Conas a dhéantar iarratas a mheasúnú?
Déantar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais a mheasúnú i gcoinne critéar sonraithe.
• Ní mór don iarratasóir a bheith ina sealbhóirí oifige (i.e. ceannasaí na heagraíochta)
• Ní mór don iarratasóir a thaispeáint go bhfuil an inniúlacht aige chun an próiseas roghnóireachta a sheoladh de réir an scothchleachtais.
Cuirtear gach cinneadh an Choimisiúin in iúl i scríbhinn agus is cinntí ceangailteacha iad.
Cad is ré do cheadúnas earcaíochta?
Níl aon teorainn ama ceangailte le ceadúnas earcaíochta. Tá sé ceadaithe don Choimisiún áfach, ceadúnas a fhoircheannadh in imthosca áirithe.
Comhlachtaí Poiblí a shealbhaíonn Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún: