Seirbhís do Chustaiméirí
Tá soláthar seirbhíse d'ardchaighdeán ar cheann de na prionsabail is tábhachtaí atá ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.
Tá an Coimisiún meáite ar chaitheamh le gach custaiméir ar bhealach gairmiúil, cothrom neamhchlaonta agus leis an gcúirtéis agus an t-ómós is dual dóibh.
Is iad seo a leanas na seirbhísí sonracha a chuireann an Coimisiún ar fáil dá chustaiméirí:
Tá breis eolais ar fáil i gCairt Chustaiméirí an Choimisiúin.
Cuireann an Coimisiún fáilte roimh aiseolas faoi leibhéal na seirbhíse a sholáthraitear do chustaiméirí.